Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Mo Ghaeilge tar éis an árdteist!!

Options
  • 08-07-2011 10:15pm
    #1
    Registered Users Posts: 245 ✭✭


    Dia dhuit a chairde!
    Bhuel, táim direach tar eis m'ardteist a dheanamh agus bhuel ni bheidh mé ag baint úsaid as mo Ghaeilge go minic amach anseo. Agus, tá ceist agam, an bhfuil aon rud le deanamh chun mo Ghaeilge a chur chun cinn arís mar tá sé fíordeacair an teanga a fhoglaim i m'aonar like... an bhfuil aon chomhairle ag éinne dom?
    fuaim!!! :P


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    An mbeidh tú ag iarraidh céim triú leibhéil a bhaint amach?

    Má bheidh, bíonn Cumann Gaelach ag formhór na gcoláistí. Má théann to go hUCD tá fhios agam gur féidir ábhair roghnacha (electives) a dhéanamh sa Ghaeilge, agus seans gur mar sin a bhíonn sé i gcoláistí eile chomh maith.

    Agus ná déan dearmad ar an bhfóram Gaeilge agus Teach na nGealt ach oiread!


  • Registered Users Posts: 245 ✭✭AbsentPonderer


    Beidh mé ag baint amach céim maidir le teanga áirithe ceart go leor... ach nil an Ghaeilge i gceist!
    Is dócha go gceapaim go mbeidh sé saghas aisteach an teanga a fhoghlaim gan scrúdú ar mo chuid gramadach anois is arís!!
    Beidh mé i mo bhall de gach club atá bunaithe ar an nGaeilge :D


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ceapaim go mbíonn ciorcal comhrá ag Conradh na Gaeilge ar an Domhnach. Bheifeá in ann cleachtadh a dhéanamh ansin, dá mbeadh suim agat ann. :)


  • Registered Users Posts: 245 ✭✭AbsentPonderer


    Mínigh é sin dom? Cén áit ina mbeadh sé ar siúl srl :)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,857 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Mínigh é sin dom? Cén áit ina mbeadh sé ar siúl srl :)

    Tá siad lonnaithe ar Sráid Thomáis i Luimneach, in aice le Tony Clarke's School Books. Níl aon eolas eile agam fós. Ach, beidh mé ag caint le cara faoi go luath agus inseoidh mé an scéal duit ansin.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 245 ✭✭AbsentPonderer


    Go hiontach, go raibh míle maith agat :)


Advertisement