Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Gaeltacht & Blow-Ins

  • 24-06-2011 4:14pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭


    An bhfuil aon duine anseo ina gconaí sa nGaeltacht, narbh as an nGaeltacht iad ó thús.

    Céard a cheapfanns sibh faoi chainteoirí duchais ag labhairt Gaeilge libh agus an mothaíonn sibh go bhfuil sé deacair ag an bpobal áitiúil glacadh libh?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf


    pops wrote: »
    An bhfuil aon duine anseo ina gconaí sa nGaeltacht, narbh as an nGaeltacht iad ó thús.

    Céard a cheapfanns sibh faoi chainteoirí duchais ag labhairt Gaeilge libh agus an mothaíonn sibh go bhfuil sé deacair ag an bpobal áitiúil glacadh libh?
    Chaith mé tréimhse i mo chónaí inti. Ag an tús bhí go leor daoine ag caint Béarla liom - is dócha nach raibh mo chuid Gaeilge go hiontach, agus gur smaoinigh siad go mbeadh sé níos éasca orainn ar fad dá labhródh muid Béarla. Tar éis cúpla mí, is cuimhin liom a rá le leaid amháin nár thuig mé é ag an tús - agus dúirt sé nár thuig seisean mise ach an oiread!

    Ach choinnigh mé leis an nGaeilge, agus d'fheabhsaigh mé. Sa deireadh, ghlac siad liom mar duine a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt.
    Tá mé sásta anois gur lean mé orm ag déanamh iarrachta.


  • Closed Accounts Posts: 60 ✭✭General Michael Collins


    Mar a bhaineann liom, Is féidir leo séid as, nó pleascadh suas!

    Táim ag ach Pleidhcíocht :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Táimse ag conaí sa nGaeltacht le fada agus aithne agam ar go leor daoine atá bogtha anseo ar mhaithe leis an teanga a labhairt. Sé'n gearán is mó a chloisim uatha ná go bhfuil sé deacair acu fáil isteach go sóisíalta le daoine na háite, ach b'fhéidir go bhfuil sé mar sin i ngach áit iargúlta?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    In amanna domsa le scata daoine ón tuaithe cíbe teanga a bhfuil siad ag labhairt is deacair a chreidiúint go bhfuil siad ag labhairt in aon teanga. Beadh mé an-sásta má raibh mé in ann teach a cheannach i nGaoth Dobhair ach is é an caighdeán Gaeilge atá agam is dócha ná Gaeilge Ollscoile Céad Bhliain so níl mé cinnte an mbeadh a dóthain Gaeilge agam, an mbeidh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Chaitheas seachtain sa Ghaeltacht le déanaí. Ní raibh aon fhadhb cumarsáide ann. Ach faraoir níor chuala focal Gaeilge in aon áit. "Cur-i-ngéillteacht" a bhí ann seachas Gaeltacht.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Sin fadhb a bhaineann le teanga ar bith úsáidte níos lú forleithne ná go n-athraítear chuig príomh-theanga na tíre mura bhfuil deá-chumas ar an teanga ag an foghlaimeoir nuair a phléitear le cainteoirí dúchais.

    As an gcúis sin, mholfainn do fhoghlaimeoirí Gaeilge a dhul go dtí an nGaeltacht chomh luath is atá Gaeilge sách-mhaith aige nó aice chun an scéal sin a sheachaint. Is scéal eile é má tá an Béarla atá ag duine eachtrannach chomh maith lena c(h)uid Gaeilge.

    Nuair a bhí mé sa Ghaeltacht, go díreach níor labhair mé ach Gaeilge amháin.

    Go n-éirí bhur gcuid Gaeilge libh.

    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1


    Bhí mé i mo chónaí in Inis Óirr ar feadh mí amháin agus bhain me an-taitneamh as an taithí i measc mhuintir na háite. Bhí siad ag labhairt gaeilge liom an t-am ar fad mar bhí a fhios acu nár chainteoir dúchais mé ag an am! Ag tús,bhí muintir an oileáin deacair a thuiscint mar bhí siad ag labhairt go tapaidh ach ag deireadh bhí siad níos easca a thuiscint.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 164 ✭✭pops


    Ní h-é nach labhaireann daoine na háite Gaeilge leis na daoine a bhogann isteach (ach tá pointe maith ag Alex). Go minic labhaireann, ach gur b'é nach nglactar leo an príomh ghearán a bhíonn acu. Tuigim a gcás mar san áit a bhfuilimse i mo chonaí tá gaol ag beagnach gach duine lena a chéile, nó sean-aithne agus níl sé éasca briseadh isteach go sóisíalta, gan caint ar an nGaeilge fiú!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 228 ✭✭Fergus_Nash


    Anuraidh d'fhreastal mé coláiste samhraidh in iarthar Maigh Eo, in áit an-bheaga. Tá siopa pobail, teach tabhairne (cinnte), pairc imithe agus ionad áitiúil. Lá amháin bhí mé sa siopa agus bhí an siopadóir agus duine eile ag caint as Béarla faoin sochraide. Ansin chas duine an siopa timpeall agus dúirt sé liomsa "dhá euro nó rud mar sin. Tá sé sin ag cur isteach orm.

    Is léir go bhfuil botún sa phost seo ach tá mo mheabhair glanta ón Arteisteméireacht.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is dócha go bhfuil tú ag caint faoi coláiste Gael Linn i Eachléim? (Ní raibh mé ríomh ann, ach tá aithne agam ar an ceantar.. An Coláiste Samhradh maith é?)


    Is rud casta é nuair atá daoine ag cónaí san Gaeltacht le Béarla amháin. Tá roinnt daoine síos timpeall Béal an Mhuirthead le Gaeilge, ach caithfidh mé a rá nach thuilleann an áit "Gaeltacht" mar theideal.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 228 ✭✭Fergus_Nash


    In Éachléim, tá. An coláiste maith é? Bhíomar ag súil ar feadh fiche nóiméad gach lá go dtí agus ar ais ón gcoláiste. Bhíomar ag caint Béarla an t-am ar fad. Bhí ceannaire sa theach linn ach ní raibh sé dian, is cinnte. An rud céanna a tharla san ionad. Ach bhí múinteoir an-mhaith agamsa.

    Bhí na daoine ag caint Béarla sa siopa sine agus, i mo thuairimse, daoine áitiúil.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ní ciallaíonn aon rud luaite nach raibh t-am maith agat :P

    Ní úsáideann chuid mhaith don ceantar Gaeilge ar chur ar bith. Agus tá an chuid eile (le Gaeilge) cúthaileach go leor. Geallaim go bhfuil Gaeilge san ceantar, ach chuid ana bheag. Is mór an trua é.


Advertisement