Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Scannal na Béaltrialach Nua Ardteiste

  • 16-06-2011 12:09am
    #1
    Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭


    An bhfuil feicthe ag éinne na hathruithe a rinneadh don bhéaltriail san Ardteist?

    Tá chuile dhuine ag rá gur athrú maith é 40% a thabhairt don bhéaltriail, agus gan súil a chaitheamh ar strúchtúr an scrúdaithe is dóigh go n-aontófaí leis an tuairim sin. Ach caithfidh mé rá go raibh ionadh an domhain orm nuair a chonaic mé an leagan amach a bheas ar an agallamh.

    Cé go bhfuil níos mó marcanna le tuilleadh inti, ní mhaireann sé ach 15 nmd fós.
    Féadfar 2% a fháil as rá 'dia duit, is mise X', 15% a fháil as dán (atá réamhullmhaithe) a léamh, agus is an rud is measa, 33% a fháil as labhairt faoi shraith pictiúr atá feicthe agus foghlamtha ag na daltaí le bliain go leith roimh an scrúdú. Ní bheidh ach 6-8 nmd á chaitheamh ar chomhrá ginearálta, an rud is tábhachtaí faoi theanga ar bith, agus sin an 50% eile.

    Bhí mé féin ag súil go mbeadh an triail níos faide, agus nach mbeifí ag súil leis an stuif réamhullmhaithe a bhíothas ag glacadh leis cheana. Ach anois beifear in ann 50% a fháil ó rudaí atá foghlamtha de ghlanmheabhair (agus cuid mhaith den leath eile foghlamtha chomh maith).

    Ní athrú maith é seo ar chor ar bith, tá sé míle uair níos measa.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 60 ✭✭General Michael Collins


    Cinnte go ndeanann na hathruithe seo an ardteist is easca ar feadh uair fhada ach tá cúpla rud le cuimhnigh againn. Cé go mbíonn na shraidphictiúr ag na daltaí, tá siad ró-ghearr, agus (i mo thuairim) tá'n iomarca cinn go ndéantar dodhéanta chun freagair fada a foghlaim. Ina theanta sin, tá stíl agus blas le cloisteáil nuair a mbíonn na dáltaí ag leamh an dán agus ag caint faoin shráidphictiúr. Ach, aontáim leat - Tá cúig déag nóimead ró-ghearr fós.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Cheapfá go mbeidis rófhada le foghlaim, ach sin an rud go díreach atá ar siúl sna ranganna leis an sraith pictiúr (ón méid atá cloiste agamsa ar aon nós).


  • Closed Accounts Posts: 60 ✭✭General Michael Collins


    Níl amhras agam air - is é sin an rud faoi an Ardteist ar aon nós, nach bhfuil - ag foghlaim le croí. Níl an chóras cuí le haghaidh a phost fós; go dtí an am go mbíonn Gaeilge líofa ag na daltaí tá píosaí foghlamtha de dhíth, dar liomsa. Déanann sé dalta compordach. Ach, tá tú ceart chun ceist a chur ar cúig déag nóimead le an bhéim ar píosaí foghlamtha fós. Ní mbíonn daoine in ann aon teanga a foghlaim den caighdeán líofacht trí meánscoileanna - I bhfocail eile - tá'n fadhb seo siomtóim, i gcoinne an fíor-galar sna búnscoileanna.


  • Registered Users Posts: 6 katiebent


    Is é an ardteist ná gach rud go bhfuil mícheart leis an teanga. Bhí an scrúdú Gaeilge an scrúdú is éasca déanta agam i mo shaol. Tá sé ró-éasca agus teastaíonn beagán nó gan aon foghlama chun pas a fháil, tá sé aon iontas nach bhfuil ach mionlach is féidir a labhairt agus a thuiscint an teanga inniu.


Advertisement