Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Gaeilge agus Scots Ulaidh sna Sé Chontae?

  • 11-06-2011 2:33pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭


    A chara,

    cathain a bheidh an Ghaeilge curtha isteadh mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais sna Sé Contae? Bheadh sé feiliúnach mar chomhréiteas thar-teorainneach.

    Taobh eile de, beidh go leor daoine an phobail neamh-Ghaelaigh míshásta chomh luath is a gheobhaidh an Ghaeilge amháin an stádas éigeantach ar scoil. As an gcúis sin, chuirfinn isteach an Scots Ulaidh mar ábhar éigeantach chomh maith. Is féidir liom a shamhlú riail mar sin a shocrú mar shampla: Múintear an dá teanga i ngach bhunscoil. Ar meánscoil, beidh an dá teanga ar fáil ar nós bunchúrsa agus meánchúrsa. Beidh an rogha ag an dalta céard acu a dhéanamh ar nós bunchúrsa agus céard acu ar nós meánchúrsa. Beidh níos mó ceachtanna sa chúraclam ann don teanga roghnaithe mar an ábhar ar nós meánchúrsa. Smaoinim ar dhá cheacht sa tseachtain don cheann agus aon cheacht gach lá don cheann eile.

    Céard a smaoineann sibh faoi mo mholadh? Smaoinim gur fiú go bhfoghlaimíonn gach dhalta sna Sé Chontae Gaeilge agus Scots Ulaidh gan trácht ar an bpobal chun an idirthuiscint a fhorbairt. Agus ba chóir an dá teanga a athbheochán go héifeachtach sna Sé Chontae.

    Le deá-mhéin,

    Alex


Comments

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,575 Mod ✭✭✭✭dory


    Ní thuigim.

    Ní thuigim cad ina thaobh go mbeadh fonn ar éinne a thuilleadh trioblóide a chruthú sa cheantar sin. Sin go díreach mar a bheadh agus na smaointí atá agat i bhfeidhm ann. Táid tar éis fullaingt le blianta fada. Lig dóibh. Is teanga í. Is aoibinin liom í ach b'fhearr liom cosc a chur ar gach saghas teanga agus ár lámha a úsáid seachas 'troubles' a chruthú arís.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Ní teanga fior an Ulster Scots ar aon nós, ach canúint don bhearlá, i mo thuairim. Níl aon deachaireacht agam é a thuiscint agus mise as Dún na nGall.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Is canúint den Scots é. Agus feictear an Scots mar fíortheanga. Ach go minic, ní fíor-Scots a labhairtear, ach Béarla regiúnda.

    Cén dochar dá bhfoghlaimeodh gach dhalta an dá teanga sna Sé Chontae? Nach méadfadh an meas idir na pobail thall ansin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Agus feictear an Scots mar fíortheanga.

    Níl an thuaraim sin ag gach duine, cosúil leis an cuid is mó de na hAlbanaigh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf


    Is canúint den Scots é. Agus feictear an Scots mar fíortheanga. Ach go minic, ní fíor-Scots a labhairtear, ach Béarla regiúnda.

    Cén dochar dá bhfoghlaimeodh gach dhalta an dá teanga sna Sé Chontae? Nach méadfadh an meas idir na pobail thall ansin?

    Níl a fhios agam, ach ceapaim gur dúirt tú áit eicínt gur Gearmánach tú. Mar sin, cuirfidh mé i gcomhthéacs na Gearmáine é.

    I dtuaisceart na Gearmáine, san Ísiltír agus sa mBeilg, labhraítear Plattdeutsch.
    Ní dóigh liom go nglactar léi mar theanga inti féin sa nGearmáin, ach glactar sa dá thír eile.
    Mar a chéile le Bayerisch. Ní dóigh liom go nglactar léi mar theanga inti féin.
    Mar sin céard iad? Canúintí? nó teangacha?

    Ó thaobh Ulster Scots de, níl a fhios agam an bhfuil a leithéid ann níos mó. Labhraítear canúint den Bhéarla in Oirthear Ulaidh atá faoi thionchar an Scots, go mór mór ó thaobh foclóra de. Ach ní dóigh liom go bhfuil "Scots ceart" á labhairt in áit ar bith in Éirinn na laethanta seo.
    Ó thaobh í a mhúineadh sna scoileanna, níl tada agam ina coinne sin. Ach ní dóigh liom go dtarraingeoidh sí na daoine le chéile - ní gá ach breathnú ar an Iúgaslaiv, mar a bhí; an tSeir-Chróitis á labhairt sa gcuid is mó den tír, agus iad ag marú a chéile dá ainneoin.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    De réir na hÍsilghearmáinise: Glactar léi go forleathan mar teanga inti féin, an-chuid na gcainteoirí freisin. Feiceann cuid eagraíochtaí na teangacha réigiúnda eile sa Ghearmáin mar fíortheangacha freisin, mar shampla an Unesco. Ach i rith an ama, do spreag i gcónaí níos mó cineáil cainte a chuirfinn Gearmáinis régiúnda agus Gearmáinis chaighdéanach réigiúnda iorthu in ionad na dteangacha réigiúnda.

    Ó thaobh na dteangacha, tá Ísiltíortha an Albain agus Ulaidh cosúil leis an nGearmáin. In Albain, cuirtear Scots (láidir), Béarla an Albain agus Béarla caighdeánach an Albain ar an gcineál cainte. Braitheannn sé ar an méid tionchair ón Scots cén t-ainm atá feiliúnach. Is dóigh go bhfuil cúrsaí cosúil leis sin in Ulaidh.

    Ach labhairtear fíor-Scots go hannamh inniu in Ulaidh. Meastar go bhfuil fíor-Scots ag 100.000 duine in Ulaidh san iomlán sa chás is fearr. Ach is dóigh go bhfuil an mhéid daoine le fíor-Scots níos lú, b´fhéidir 50.000, gan trácht ar chainteoirí dúchais. Mar sin, tá an Scots in Ulaidh i mbaol i bhfad níos láidre ná an Ghaeilge. As an gcúis sin, ba ghá an Scots a mhúineadh go héigeantach in Ulaidh ar aon chaoi. Is féidir a chomhoibriú leis an Albain ar an gcúrsa sin.

    Creidim gur fiú an dá teanga a mhúineadh do ghach dhalta chun nasc le stair na chúige a athbheochán. Agus creidim freisin go gcuidfeadh sé an réiteach idir an dá phobal ansin atá i rith ó na 90aidí. Gan aon réiteach a bheith i rith i measc an dhaonra, ní chuidfidh aon ghníomh sa chóras oideachais é a chur i rith go scioptha. Ach níl aon dochar stair, cultúr agus teanga de ghach phobal dúchasach sa tír a mhúineadh ar scoil.

    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    An bhfuil Scots nó Ulster Scots agat? Agus níor dúchasach ar chor ar bith é!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Níl agam ach cúpla focal den Scots. Ach tá sé idir na teangacha atá fúm a fhoghlaim.

    Gan dabht, tá an traidisiún is sine ag an nGaeilge in Uladh. Taobh eile de, is neamh-Éireannaigh é leath an dhaonra sna Sé Chontae. Agus tá an Scots labhraithe ansiúd le 400 bliain ar a laghad. Is féidir argóint a dhéanamh faoin gceist an teanga dhúchasach é nó nach ea.

    Más mian leis na hÉireannaigh nó nach mian leo, caithfidh siad maireachtáil leis an leath eile an dhaonra. Agus is a ndúiche é Ulaidh do na hAlbannaigh agus Sasannaigh mar atá do na hÉireannaigh. As na 400 bliain atá siad ann in Uladh, bheadh sé deacair a chur ina cheart iad a thabhairt ar ais go Sasana agus hAlbain.

    Mar sin ní féidir neamhairde a thabhairt don Scots Ulaidh nuair a chuirtear chun cinn an Ghaeilge. Ó thaobh an Scots, bheadh sé feiliúnach a chomhoibriú leis an Albain.

    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Is féidir an Gaeilge a staidéar don A Level sna sé condae. Ní féidir an Ulster Scots a staidéar. Níl duine ar bith ag gearán faoi sin freisin. Cén fáth? Dhéanfí gearán faoi, cosúil leis an líne fón seo.

    Agus níl mé ag caint faoi daoine a chuir "ar áis". Rugadh anseo in Éirinn iad. Tá mé ag rá nar teanga é! Seo píosa Ulster Scots:

    At Yultide Sayson its guid tae gie, as weel as tae receive,
    Mine A’m nae miser an for muckle , A dinnae iver grieve,
    Sae whun A got a letter, frae tha meetin-hoose sae gran,
    A thocht it micht hae baen their wye, o’ gien me a ha

    Agus seo "aistriúcháin" a tá mé díreach tar éis a dhéanamh:

    At Yuletide Season it's good to give, as well as to receive
    Me, I'm no miser and for much I never grieve
    So when I got a letter, from the meeting house so grand
    I thought it might have been their way, of giving me a hand

    Sin béarla mar a labhraítear i gCúil Raithin agus Aontraim. Rinne mé mo chuid staidéar i gCúil Raithim, agus athním go héasca é, agus tuigim gan deachracht ar bith an giota sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    De réir na Gaeilge: An bhfuil an Ghaeilge ar fáil ar scoil i ngach áit sna Sé Chontae? An bhfuil staitisticí ar fáil san idirlíon faoin méid daltaí a romhnaíonn an Ghaeilge?

    An téacs ar thug tú thall, mheasfainn gur cinéal ar bith idir Béarla Ulaidh agus Scots Ulaidh é. Chonaic mé téacsanna cheana féin nár thuig mé gach aon rud. Mar a dúirt mé, labhairtear Scots Ulaidh láidir go hannamh inniu, níos annaimhe ná an Ghaeilge.

    Alex


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Cinnte nach bhfuil an Ghaeilge ar fáil gach aon áit, ach is feidir í a staidéar!

    Bá é píosa filíocht Ulster Scots atá foilsithe ag an Ulster Scots Agency a chuir mé thuas, is feidir leat é a léamh anseo. Ní cheapfainn go chuirfidís rud faoi teideal "Ulster Scots Download" ansiúd muna Ulster Scots é!

    Má bhfuil "fiorshampla" agat, ba mhaith liom go mór é a fheiceáil.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    De réir na Gaeilge: An bhfuil an Ghaeilge ar fáil ar scoil i ngach áit sna Sé Chontae? An bhfuil staitisticí ar fáil san idirlíon faoin méid daltaí a romhnaíonn an Ghaeilge?

    Rinne 352 daoine Gaeilge don A Level i 2010. Ní dhéantar ach 3 abhair de ghnáth don A Level.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Feictear dom go ndéanann an-bheágán daltaí an Ghaeilge mar Leibhéal A! Do smaoin mé go mbeadh an figiúr sin i bhfad níos mó, sna mílte. Ach tá suim agam sa mhéid daltaí a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar acu gan trácht ar an scrúdú Léibhéal A.
    Ar aon chaoi, ba chóir go deo an Ghaeilge agus Scots Ulaidh a bheith ar tairiscint i ngach aon cheantar i scoil ar bith!
    Feic ar scots-online.org! Faightear samplaí den Scots láidir ansin!

    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Tá sé sna mílte don GCSE, feach ar an leathanach.

    Agus tigim go maith an Scots ar do naisc, gan deachracht. Mar a dhúirt mé, canúint béarla!


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    "cathain a bheidh an Ghaeilge curtha isteadh mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais sna Sé Contae"

    Ní bheidh sé mar ábhar éigeantach. Níl aon gá ann. Tá sí ag éirí ceart go leor mar ábhar roghnach. Ba chóir níos mó scoileanna ann leis an Ghaeilge mar ábhar. Sin an fadhb is mó sna 6 contae.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Ceapaim gur cheart neart na Gaeilge a bheith ag uile dhuine ar oileán na hÉireann agus neart an Scots Ulaidh ag uile dhuine in Uladh. Níl bealach níos éafeachtaí ann teanga a chur chun cinn ach í a mhúineadh go héigeantach mura bhfuil an múineadh míthaitneamhach.

    Thairis sin, bheadh sé feiliúnach go mbeadh Gaeilge ag gach Éireannach ar oileán na Briotáine Móire.

    Sa Bhreatain Bheag, d'éirigh leo an Bhreatnais a chur isteach mar ábhar éigeantach cé gur cuid na Ríochta Aontaithe í an tír. Thaitneodh sé liom dá gcuirfí isteach na dteangacha ndúchasacha mar ábhar éigeantach sna ceantair éigin.

    Tuigim an chuid is mó den Scots scríofa, ach ní thuigim go mion é gan é a bheith béarlaithe.

    Alex


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Look - Ní féidir linn í a chur mar ábhar éigeantach. Níl oibríonn sé ar nós sin. Níl suim ag leath-phobal sna 6 contae gaoluinn a foghlaim. Níl dhá phobail ann sa Bhreathain beag - so níl an fadhb céanna acu ann.

    Ba chóir níos mó deiseanna a bheith ann, sin an rud is tabhachtaí don tuaisceart. Má cuireann sinn gaoluinn mar ábhar éigeantach - beidh an suim marbh! Tá níos mó gaoluinn le cloisteáil sna 6 contae. Sin an réaltacht!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Sin ceart nach bhfuil stair ar nós na dtrioblóidí ann sa Bhreatain Bheag. Ach tá an slua mhór Sasanach sa Bhreatain Bheag, go háirithe ar teorainn chuig an Sasana. Agus glactar an chuid is mó leis an mBreatnais éigeantach. Fiú amháin, freastalaíonn an-chuid páistí de thuismitheoirí Sasanacha ar scoileanna Breatnaise.

    B'fhéidir gur féidir forbairt mar sin sa Tuisceart as réiteach idir na pobail. Trí mhúineadh an dá teanga go forleathan, seans go mbeidh íomhá na teanga éigin eile a bhaineann leis na trioblóidí ag lagú i measc na muintire amach anseo. Ní dóigh liom nach mbeidh suim ag daltaí ar bith sa teanga an phobail eile má thiocfaidh gach dhalta i dteagmháil léi ar scoil i mbealach feiliúnach do pháistí.

    Ceapaim nach mbíonn an múineadh éigeantach gan torthaí dearfacha mura múintear
    i mbealach mí-thaitneamhach. Ar ndóigh, ní leor an múineadh amháin. Caithfear an nasc idir teanga agus polaitíocht a scaoileadh seachas iad a mhúineadh thar na bpobail. Smaoinim ar chaint phoiblí ó pholaiteoir cáiliúil i dteanga an phobail eile, mar shampla nó banna ceoil cáiliúil a chanann amhráin sa dhá teanga ó na pobail éagsúla.

    Alex


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Ní atmaisféar treibhe é... Cinnte nach bhfuil gach duine thall ansin sásta Cymraeg a fhoghlaim, ach is féidir leo Cymraeg a chur mar ábhar éigentach, mar tá a fhios ag na sasanaigh cad atá ag tarlú nuair atá siad sa BhB, agus tá reachtaíocht teanga ann. Ní maith leo (na unionists) gaeilge a fhoglaim. Níl sé ceart dúinn an ghaeilge a chur mar ábhar éigeantach dóibh... Níl sé ceart ar chor ar bith. Bhrisfeadh sé an phobal arís..

    Tá d'chroí san áit ceart, ach ní dhéanfadh sé morán don ghaeilge sna 6 contae.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Tuigim do hargóint, a dhiofnep. Ar a laghad, d´fhéadfái an Ghaeilge agus Scots Ulaidh a mhúineadh do ghach pháiste ar bunscoil nuair a bhíonn fós an intinn oscaile ar na páistí. Agus ar meánscoil, sin í féadacht eile ná go bhfuil sé éigeantach ceann acu, an Ghaeilge nó Scots Ulaidh, a leanúint.

    In ainneoin, ba mhian go mbeadh neart na Gaeilge ag uile dhuine ar oileán na hÉireann.

    Alex


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Is abhair éigeantach an Ghaeilge sna 26 contae anois, agus níl ach méid beag Gaeilge ag an cuid is mó de na daoine!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Tá a fhios agam faoin scéal sin. Gan dabht, déanaim iontais cén fáth nach bhfuil neart na Gaeilge ag uile dhuine sa Phoblacht. Sin téarma eile. In ainneoin, tá torthaí dearfacha ann as an múineadh éigeantach sa Phoblacht, fiú amháin mura bhfuil sé curtha in áit go héifeachtach gach áit. Sa Chatalóin, tá Catalóinis líofa ag uile dhuine ar fhreastail ar scoil ó na 80aidí.

    Ba mhian an múineadh sa Phoblacht a fheabhsú chun go mbeidh Gaeilge réasúnta ag uile dhuine a fhágann an scoil agus é a spreagadh go dtí an Tuisceart.

    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Níl práinn ar daoine ar bith chun teanga eile a fhoglaim má bhfuil béarla líofa acu, is mór an trua, ach sin an stáid anseo. Níl Gaeilge líofa ag morán daoine ag teacht amach as an scoil tár éis 11 nó 12 blian. Níl suim ag an cuid is mó sa theanga (nó teanga uile eile). Ní cheapaim go bheifí níos rathúla sna 6 contae.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Credim gur fiú go dtagann gach pháiste i dteagmháil leis an nGaeilge agus Scots Ulaidh ar bunscoil. Músclóidh sé sin an suim sa teanga de chuid daltaí. Sa Phoblacht, is í cuid na ngníomhaithe ar son na Gaeilge toradh an mhúinidh ar scoil. Gan dabht, d´fhéadfadh na torthaí a bheith níos fearr san iomlán...

    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Suim? Níl suim sa Ghaeilge ag cuid maith de na daltaí sna mbunscoileanna inniú sna 26 contae anois! Cád é an difríocht idir é sin agus cad atá tu ag caint faoi? (Seachas an canúint Ulster Scots, tá mé ag caint faoin Ghaeilge).


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Ní dhéanfaidh sé faic don ghaeilge. Tá níos mó gaoluinn sna 6 contae (taobh amuigh den ghaeltacht ar ndóigh) ná aon áit eile in Éirinn. Tá siad ag déanamh rud éigin ceart! Níl morán uathu ach níos mó deiseanna... Níos mó gaelscoileanna agus rud mar sin...

    Maidir le Ulster Scots - Níl suim ag éinne sa Scots... Éinne ar bith.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf



    Ach labhairtear fíor-Scots go hannamh inniu in Ulaidh. Meastar go bhfuil fíor-Scots ag 100.000 duine in Ulaidh san iomlán sa chás is fearr. Ach is dóigh go bhfuil an mhéid daoine le fíor-Scots níos lú, b´fhéidir 50.000, gan trácht ar chainteoirí dúchais. Mar sin, tá an Scots in Ulaidh i mbaol i bhfad níos láidre ná an Ghaeilge. As an gcúis sin, ba ghá an Scots a mhúineadh go héigeantach in Ulaidh ar aon chaoi. Is féidir a chomhoibriú leis an Albain ar an gcúrsa sin.

    Alex

    Ach sin é an rud - ní dóigh liom go bhfuil "fíor-Scots" á labhairt in áit ar bith in Éirinn.
    Is canúint den Bhéarla, atá faoi thionchar an Scots, atá inti.
    Roinnt blianta ó shin, nuair a theastaigh aistritheoir Scots sa Tionól i mBéal Feirste, b'éigean Albanach a fháil chun an obair a dhéanamh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Níl mé cinnte nach bhfuil aon suim ag éinne sa Scots Ulaidh. Mura bhfuil an fíor-Scots fós labhraithe, ansin caithfear é a athbheochán!

    Is léir nach bhfuil díogras ag fórmhór na ndaltaí ar bunscoil sa Phoblacht. Ar an taobh eile, bíonn na páistí fós ar intinn oscailte do ghach rud a mhúintear i mbealach taitneamhach dúibh ar bunscoil. Agus ar deireadh na bunscoile, tá sé sucheaptha go bhfuil suim réasúnta tagtha ar chuid daltaí. Agus ar féadh na meánscoile, tagann suim réasúnta ar chuid daltaí ar aon chaoi. Bhuail mé le hÉireannaigh nár fhreastal ar Ghaelscoil agus a raibh grá don Ghaeilge agus líofacht acu cheana féin san óige. Sa Fhrainc, ní bhíonn na teangacha réigiúnda mar ábhar éigeantach ag daltaí agus bíonn daltaí ann leis an tuil féin go léir go bhfuil na ceachtanna sin ar fáil ina scoil féin!
    Agus tríd an múineadh mar ábhar éigeantach, is dóigh go bhfágfaidh níos mó daltaí le fíor-shuim an scoil ná tríd an múineadh mar ábhar roghnach toisc go dtagann gach dhaltaí i dteagmháil leis an teanga. Agus chuala mé an clabhsán ó roinnt Éireannach a fuair drochmhúineadh go tugadh an seans uathu an Ghaeilge a fhoghlaim go maith go luath ina saol.

    Agus cén fáth nár cheart na daltaí uilig i dteagmháil a thabhairt leis an nGaeilge agus an Scots Ulaidh ar bunscoil? Is cinnte go mbeidh an suim dúisithe ag cuid daltaí. Agus is féidir liom a shamhlú gur mhian le roinnt daltaí an dá a leanúint ar meánscoil.

    In ainneoin, b´fhiú Gaeilge réasúnta a bheith ag uile dhuine ar an oileán, fiú amháin mura bhfuil fíor-shuim ag uile dhuine, toisc go méadóidh sé seo an seans an teanga a úsáid. Mar bainfidh siad sin úsáid as an teanga nuair a chuirtear seoladh orthu as an teanga agus í bheith acu go réasúnta. Sa Phoblacht, bíonn beagnach gach dhuine le cumas réasúnta ar an nGaeilge sásta í a labhairt tar éis duit cur seoladh orthu as Gaeilge ach amháin iad sin le fíor-dhrogall ar an nGaeilge. Is dóigh liom go mbeadh an mhéid na ndaoine a bhaineann úsáid aisti go rialta i bhfad níos mó go maith dá mbeadh an teanga múinte níos éifeachtaí sna amanna caite agus inniu sa Phoblacht.

    Sin é mo thuairim ná gur cheart tús nua a dhéanamh le múineadh na Gaeilge agus an Tuisceart a chur san áireamh sa tús nua. Agus sílimse gur fiú an Scots Ulaidh a athbheochán ar bun idir-phoblach. Is léir go deo nach bhfuil bealaí mí-fheiliúnacha éifeachtach.

    Ach bíonn an Ghaeilge sách-spreagtha timpeall na Gaillimhe chomh maith, ní amháin i gConamara!

    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,967 ✭✭✭Dun


    Níl mé cinnte nach bhfuil aon suim ag éinne sa Scots Ulaidh. Mura bhfuil an fíor-Scots fós labhraithe, ansin caithfear é a athbheochán!
    Níl ann ach canúint, agus tá an eolas sin ag beagnach gach duine anseo! Agus maidir le na huimhreacha, is feidir liom cuir ar foirm census go bhfuil mé ag caint as Gaeilge amhain, cé nach bhfuil mé!
    Bhuail mé le hÉireannaigh nár fhreastal ar Ghaelscoil agus a raibh grá don Ghaeilge agus líofacht acu cheana féin san óige.
    Agus ar bhuail tu leo i gcomhthéacs don teanga?
    Sa Phoblacht, bíonn beagnach gach dhuine le cumas réasúnta ar an nGaeilge sásta í a labhairt tar éis duit cur seoladh orthu as Gaeilge ach amháin iad sin le fíor-dhrogall ar an nGaeilge.
    Ní fíor é sin, tá fhios mhaith agam!
    Sin é mo thuairim ná gur cheart tús nua a dhéanamh le múineadh na Gaeilge agus an Tuisceart a chur san áireamh sa tús nua. Agus sílimse gur fiú an Scots Ulaidh a athbheochán ar bun idir-phoblach. Is léir go deo nach bhfuil bealaí mí-fheiliúnacha éifeachtach.

    I ndairíre, an bhfuil tú ag cleachtadh chun comórtas mar Rose of Tralee, nó rud eigéan? Sin tuairim cosúil le síocháin ar fud an domhain :pac:


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Creidim go maith go bhfuil Béarla Ulaidh agus píosaí Scots ag uile dhuine sa Tuisceart. Ach ní bhíonn fíor-Scots ach ag 50.000, is dócha, as timpeall 2 mhilliúin de dhaoine in Ulaidh!

    Sin fadhb an dhaonáirimh nach féidir a bheith cinnte faoin bhfírinne de na ruda a dheireann na freagróirí. In ainneoin, is dóigh nach mbréagann an chuid is mó le fios.

    Ar ndóigh, ní féidir liom a fheiceáil isteach chuig daoine chun fiosrú cén chumas Gaeilge a bheith acu. Ach creidim go bhfuair mé Gaeilge uathu siúd a bhfuil neart na Gaeilge acu. Níl mórán daoine ann le fíor-dhrogall ar an nGaeilge sa Phoblacht.

    Bheadh an síochán ar fun an domhain go fíor-iontach. Ach ní thúisce a bheidh sé ann ach ar filleadh ar ais de Íosas Críost.

    Alex


Advertisement