Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Tá Gaeilge ag Banríon Shasana!

  • 18-05-2011 10:24pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 295 ✭✭


    Ní raibh ann ach abairtín beag amháin ach sin iarracht níos fearr ná mar atá déantá ag go leor Éireannaigh ó d'fhág siad an scoil; agus bh'féidir níos mó ná ndearna go leor sa scoil fiú!

    Taispéaint é, i mo thuairim, go bhfuil níos mó meas aici ar chultúr na h-Éireann ná atá ag go leor a dhéanann caint ar an teanga sa snáth After Hours!

    Tá mé súráílte go n-dearna sí beagán cleachta air, agus leisce é sin a dhéanamh atá ar an chuid is mó de na dhaoine atá ag iarraidh é mharú uilig.


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Chuir sé meangadh orm nuair a chuala mé í!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 295 ✭✭montreal2011


    Sula tháinig sí cheap mé fhéin nár cheart di teacht, ach anois agus í ann, feicim go rud maith é. Tá mé i Montreal faoi láthair agus tá go leor daoine ag cuir an-suim ann. Bhí iontas orthu gurbh é seo an chéad uair a tharla sé sa saorstát.

    Leis an spéis a bhí i mbainis Liam agus Caitríona ar fud an domhan, is rud maith é seo don tír go h-idirnáisiúnta agus tá siúl agam go náisiúnta freisin. Má stopann sé fiú is duine amháin ag tabhairt tacaíocht go na &*@# sin a mharaigh an garda ó thuaidh, is rud iontach é.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Céard a bhí le rá aici?

    Measaim go bhfuil sí ag déanamh sár iarracht 'droichid a thógáil'. Ach ag an am chéanna mar dhaonlathach ní maith liom aon rud a bhaineann le ríochas - go háirithe nuair a chloisim Enda Kenny ag déanamh tagairt do 'Her Majesty' ar an raidió maidin inniu.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,575 Mod ✭✭✭✭dory


    Dúirt sí rud beag ag an tús ar nós, 'Uachtarán agus a chairde'. Sin a chuala mé, an bhfuil fís de timpeall áit éigin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 295 ✭✭montreal2011


    dory wrote: »
    Dúirt sí rud beag ag an tús ar nós, 'Uachtarán agus a chairde'. Sin a chuala mé, an bhfuil fís de timpeall áit éigin?

    Tá an fís, agus go leor fís eile ar shuíomh RTÉ.

    http://www.rte.ie/news/2011/0518/queen_tracker.html#video
    queen_tracker
    :D


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 295 ✭✭montreal2011


    Poll Dubh wrote: »
    Céard a bhí le rá aici?

    Measaim go bhfuil sí ag déanamh sár iarracht 'droichid a thógáil'. Ach ag an am chéanna mar dhaonlathach ní maith liom aon rud a bhaineann le ríochas - go háirithe nuair a chloisim Enda Kenny ag déanamh tagairt do 'Her Majesty' ar an raidió maidin inniu.

    Ní raibh mórán meas agam fhéin ar ríochas. Cén fáth ar cheart go mbeadh pribhléidí acu seo agus meas orthu mar gheall go rugadh isteach sa saol seo iad?

    Níl iontú anois ach nithe spéise do thurasóirí ach nuair a fhaca mé an athás a chuir bhainis Liam agus Caitríona ar daoine ar fud an domhan, bh'féidir go bhfuil ait acu sa saol nua-aoiseach. Ar a laghad tá cuid acu, ar nós Liam, níos fearr mar rólchuspa ná mar atá daoine ar nós Kim Kadarshian (fiú má tá tóin breá uirthi) agus Paris Hilton!

    Tuigim nach maith leat go bhfuil treoraí an rialtas ag dul thart ag tabhairt "Her Majesty" uirthi ach is dóigh go b'in é an teideal oifigiúl atá uirthi. Beidh teideal oifigiúl ar Barack Obama freisin, ar nós an t-Uasual Uactarán! :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 11,128 ✭✭✭✭Oranage2


    An íoróin(irony) ná ní thig cuid is mó den tír ceard a duirt sí!


Advertisement