Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

ceist faoi Ghaeltacht

  • 11-04-2011 6:35pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭

    A chairde gael,

    Tá ceist gearr agam, cad iad na difríochtaí idir an Chinnire agus Ard-Chinnire??

    Go raibh maith agaibh.

Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Braitheann sin ar an gcoláiste. Aithríonn an míniú ó áit go háit, ag braith ar an gcóras atá ag an bpríomhoide.

    I gColáiste Laichtín Naofa in Inis Oírr, mar shampla, is daltaí ollscoile iad na hArdchinnirí. Faigheann siad pá éigin chun a bheith ag obair ann.
    Chomh maith leis sin, tugtar aitheantas do dhuine nó beirt i ngach tigh mar cheannairí. Bíonn siad freagrach as rudaí beaga sa teach, agus labhrann siad ar son an tí más gá.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    go raibh maith agat a chara,

    An ndearna tú obair mar ard-chinnire riamh? Ba mhaith liom post a fháíl mar Ard-chinnire ach seans maith nach ngeobhaidh mé an - phost!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Seannew1 wrote: »

    D'oibrigh mé in Inis Oírr i 2008 is 2009. Rinne mé trí cúrsa san iomlán. Tá sé beagáinín déanach le haghaidh iarratas a sheoladh chucu, ach seans go bhfuil ardchinnirí fós ag teastáil uathu. :)

    Cén fáth nach gceapann tú go bhfaighfeá post?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    D'oibrigh mé in Inis Oírr i 2008 is 2009. Rinne mé trí cúrsa san iomlán. Tá sé beagáinín déanach le haghaidh iarratas a sheoladh chucu, ach seans go bhfuil ardchinnirí fós ag teastáil uathu. :)

    Cén fáth nach gceapann tú go bhfaighfeá post?

    Sheol mé foirm iarrtais chuig Innis Oírr inniu, ach ta's agam go bhfuil sé ródhéanach b'fhéidir! An raibh taithí maith agat in Inis Oírr?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Seannew1 wrote: »
    Sheol mé foirm iarrtais chuig Innis Oírr inniu, ach ta's agam go bhfuil sé ródhéanach b'fhéidir! An raibh taithí maith agat in Inis Oírr?

    Taithí den scoth a bhí agam ann. :)
    D'fhreastal mé ann mar scoláire idir 2003 agus 2006 freisin, is mar sin bhí an córas go léir ann ar eolas agam.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    Taithí den scoth a bhí agam ann. :)
    D'fhreastal mé ann mar scoláire idir 2003 agus 2006 freisin, is mar sin bhí an córas go léir ann ar eolas agam.

    Go raibh maith agat,
    Fuair mé agallamh don phost i gcoláiste laichtín.Tá sé ar siúl an tseachtain seo chugainn!! An bhfuil aon eolas agat faoi an t-agallamh agus an gceapann tú go mbeidh seans maith go bhfaigheann mé post seo??

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Measaim go bhfuil an-seans agat. :)
    Bhí an t-agallamh agam trí bhliain ó shin anois. Ní chuimhinn liom an iomarca de anois.

    Ullmhaigh rud éigin faoi do chaitheamh aimsire. Má tá suim agat i gceol, nó in amhránaíocht nó i spórt déanfaidh tú go maith. Bíonn céilé gach tráthnóna (seachas óiche nó dhó nuair a chuireann siad dioscó ar siúl) agus bíonn spórt san iarnón.

    An bhfuil aon taithí agat leis an gcineál oibre seo cheanna?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    Measaim go bhfuil an-seans agat. :)
    Bhí an t-agallamh agam trí bhliain ó shin anois. Ní chuimhinn liom an iomarca de anois.

    Ullmhaigh rud éigin faoi do chaitheamh aimsire. Má tá suim agat i gceol, nó in amhránaíocht nó i spórt déanfaidh tú go maith. Bíonn céilé gach tráthnóna (seachas óiche nó dhó nuair a chuireann siad dioscó ar siúl) agus bíonn spórt san iarnón.

    An bhfuil aon taithí agat leis an gcineál oibre seo cheanna?

    Cheers,
    Tá suim an-mhór i gcúrsaí spoirt agam(sacar,rothaíocht,snámh,eithpheil agus mar sin de) agus tá suim i gceol tráidisiúnta na hÉireann ach chun an fhírinne a rá, tá beagán eolais agam faoi chéilí!!

    Tá an t-agallamh ar siúl in Inis ach táim i mo chónaí i gcontae Lú,ach beidh an turas 4 nó 5 uair agus tá mo chuid scrúdúithe ag tosnú an tseachtain indiadh,mar sin an mbeadh siad ag aontú le hagallamh teileafóin a dhéanamh b'fhéidir?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Seannew1 wrote: »
    Tá an t-agallamh ar siúl in Inis ach táim i mo chónaí i gcontae Lú,ach beidh an turas 4 nó 5 uair agus tá mo chuid scrúdúithe ag tosnú an tseachtain indiadh,mar sin an mbeadh siad ag aontú le hagallamh teileafóin a dhéanamh b'fhéidir?

    Rinne mé m'agallamh ar an teileafón i 2008. Má tá Caomhán Ó Conghaile fós i gceannas ar na hagallaimh is dócha go mbeadh sé sásta le rud mar sin arís. Níl a fhios agam an bhfuil sé féin páirteach fós.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 980 ✭✭✭Seannew1

    Rinne mé m'agallamh ar an teileafón i 2008. Má tá Caomhán Ó Conghaile fós i gceannas ar na hagallaimh is dócha go mbeadh sé sásta le rud mar sin arís. Níl a fhios agam an bhfuil sé féin páirteach fós.

    Go raibh maith agat,seolfaidh mé ríomhphoist chuig an gcoláiste ag freagairt má tá an t-agallamh ar an teileafón ceart go leor. Táim buartha faoin agallamh mar níl mé líofa fós!!!

  • Advertisement
Advertisement