Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An léann tú leabhair Ghaeilge?

  • 04-04-2011 11:49am
    #1
    Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,574 Mod ✭✭✭✭


    Bhíos ag féachaint ar agallamh ansin le scríbhneoir Gaeilge, agus cuireadh an cheist air, "An dóigh leat go bhfuil daoine ag léamh?"
    Dar ndóigh dúirt seisean go léann daoine leabhair Ghaeilge fós, ach cinnte, ní dhíolfadh sé mórán.

    Ceist agam oraibh mar sin; an léann sibh leabhair Ghaeilge? Má léann, cén cineál? Agus mura léann - cén fáth? An ea go bhfuil na leabhair ró-dheacair, nó nach bhfuil rogha maith ann?

    Tá cúpla leabhar Gaeilge léite agam i mbliana agus níl rogha ró-iontach amach ansin. Tá go leor leabhar léite agam faoi bhan a d'fhág an tír caoga bliain ó shin..... (leabhair tábhachtach iad ach tá éagsúlacht uaim!).

    :)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    'Sé an leabhar atá in aice mo leaba faoi láthair ná 'Oidhreacht Acla' - cnuasach scéalta faoi saol fadó ar an oileán ó pheann iar-mhúinteoir scoile. Tá sé ag tabhairt cabhair dom dul i dtaithí ar an gcanúint san áit. Tá sé d'intinn agam rud éigin nua-aoiseach a léamh i ndiaidh seo - fáilte roimh moltaí


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,574 Mod ✭✭✭✭dory


    Tá moltaí uaim leis!

    Beidh 'Favela' le Alex Hijmans á léamh agam go luath. Táim i lár "Ólann Mo Mhiúil as an nGainséis' le Gabriel Rosenstock faoi láthair; níl sé an-éasca le léamh. Ní chuimhin liom an teidil anois ach scríobh duine leabhair faoin Afraic le déanaí agus beidh sin á léamh agam i rith an tsamhraidh.

    Agus, faighim nuachtlitir ó litríocht.com agus bíonn moltaí maithe acu.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    dory wrote: »
    Táim i lár "Ólann Mo Mhiúil as an nGainséis' le Gabriel Rosenstock faoi láthair; níl sé an-éasca le léamh.

    Ní thuigim an teideal fiú!
    Beidh 'Favela' le Alex Hijmans á léamh agam go luath.
    Léigh mé roinnt alt a bhí aige i bhFoinse faoi a sheal san áit sin agus bhí siad suimiúil - ba bhreá liom é a léamh chomh maith.
    Agus, faighim nuachtlitir ó litríocht.com agus bíonn moltaí maithe acu.
    Ní raibh a fhios go dtí seo go raibh a leithéid de nuachtlitir ann - tá mé díreach ar mo bhealach go dtí an suíomh chun clárú- GRMA


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,574 Mod ✭✭✭✭dory


    Poll Dubh wrote: »
    Ní thuigim an teideal fiú!

    Thóg sé tamaillín orm é a dhéanamh amach! Ach ag an deireadh seachtaine bhuail mé le Meirceánach a bhí tar éis dhá bhliain de Ghaeilge a dhéanamh san ollscoil i Pittsburgh, agus thuig sí an teidil láithreach :eek: .

    Bain taitneamh as an nuachtlitir!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Tá leabhar úr de chuid Phroinsias Mhic a' Bhaird dar teideal " Rún an Bhonnáin" molta go spéir ag léirmheastóirí R na G agus Gaelscéal. Níl sé faighte agam go fóill.


  • Advertisement
Advertisement