Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Lá Idirnáisiúnta na bPancóg

  • 08-03-2011 11:28pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭


    Lá Idirnáisiúnta na mBan Sona dhaoibh, a Mhná uilig na Blagtachta

    ACH CÁ BHFUIL NA PANCÓGA?

    Dhá fhéile ag teacht salach ar a chéile. Féile thraidisiúnta theolaí shólásach na Críostaíochta agus ceiliúradh réabhlóideach scáfar lucht dó na gcríochbheart. Mo bhean a rá nach bhfuil an t-am inniu aici tabhairt faoi na pancóga mar go bhfuil sí ag freastal ar aifreann speisíalta i gcomhair na mban. Cad atá ag titim amach in aon chor i saol na hEaglaise, ba chóir dóibh a bheith ag moladh dos na mnáibh fanúint sa bhaile chun aire a thabhairt dos na fearaibh.

    Níl saoirse na mban ag teastáil sa tigh seo, táim a rá leat, mar is ag mo phairtí Ethyl atá an chumhacht go léir. Deachtóir cruthanta de bhean rialta a cheapann gur leor deich nóimeat ar fhleasc a droma uair sa mhí chun a dualgaisí pósta a chomhlíonadh. Níl ionamsa ach DIYeoir chun sconnaí atá ag sceitheadh a dheisiú, chun bolgáin a mhalartú agus chun an phlásóg a bhearradh. Táim go huile is go hiomlán féna smacht, féna cois, féna hordóig, féna hordú. Sé an dála céanna ag na cailíní, ní chíonn siad ina n-athair ach cárta plaisteach chun díol as a n-ardstíl marachtála agus tiománaí taicsí chun iad a thabhairt abhaile ó phub is ó chlub..

    Dheineas roinnt pancóg dom fhéinig. Ní rabhadar thar moladh beirte, chun an fhírinne a rá, Ach nuair a steallas roinnt seiríse orthu in ionaid síoróipe, ní rabhadar ró-dhona.


Advertisement