Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ardteistiméireacht - Scrúdú Béil

Options
  • 25-01-2011 10:58pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 23


    Léigh mé inné go mbeidh na meánscoileanna ag fáil na pictiúrí le haghaidh an scrúdú béil anois - bliain is trí mhí roimh an scrúdú! Ní aontaím le sin ar chor ar bith. Beidh na scoláirí ag cleachtadh agus ag foghlaim de ghlanmheabhair. Níl fíor cumarsáid é sin! Cad a cheapann sibhse maidir faoi sin?


Comments

  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    magadh atá ann!! Céard atá tú ag súil as an Roinn Éadóchais


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    evolve wrote: »
    Léigh mé inné go mbeidh na meánscoileanna ag fáil na pictiúrí le haghaidh an scrúdú béil anois - bliain is trí mhí roimh an scrúdú! Ní aontaím le sin ar chor ar bith. Beidh na scoláirí ag cleachtadh agus ag foghlaim de ghlanmheabhair. Níl fíor cumarsáid é sin! Cad a cheapann sibhse maidir faoi sin?

    Huh? Ar aithrígh siad an siollabais? Ní chuimhin liom aon pictiúirí!

    Is chuimhin liom gur thosaigh muid ag caint faoi cúrsaí pholaitithe, ní raibh sé sin cleachta agam :o


  • Closed Accounts Posts: 23 evolve


    Cliste wrote: »
    Huh? Ar aithrígh siad an siollabais? Ní chuimhin liom aon pictiúirí!

    Is chuimhin liom gur thosaigh muid ag caint faoi cúrsaí pholaitithe, ní raibh sé sin cleachta agam :o


    Ar an suíomh idirlíon www.examinations.ie

    "Scrúdú na hArdteistiméireachta 2012
    Gheobhaidh tú leis seo an fiche sraith pictiúr a úsáidfear sa Bhéaltriail Ghaeilge 2012 (Ardleibhéal
    agus Gnáthleibhéal). Ní bhainfear úsáid astu sa Bhéaltriail Ghaeilge (Bonnleibhéal)."

    Tá pdf le fáil anseo ag léiriú na pictiúir.

    Dochreidte!


  • Registered Users Posts: 909 ✭✭✭gaeilgebeo


    Bhuel aontaím libh den chuid is mó ach ní dheanfaidh sé puinn difríocht dos na daltaí laige.
    Níl seans ar bith go mbeadh siad ábalta fiche pictiúir a fhoglaim de ghlan mheabhair.


  • Closed Accounts Posts: 23 evolve


    gaeilgebeo wrote: »
    Bhuel aontaím libh den chuid is mó ach ní dheanfaidh sé puinn difríocht dos na daltaí laige.
    Níl seans ar bith go mbeadh siad ábalta fiche pictiúir a fhoglaim de ghlan mheabhair.


    Sin fíor, ach is mór an trua é! Níl an córas oideachais ag spreagadh grá don teanga i dhaoine óga. Uaireanta níl mórán tacaíocht sa bhaile don chuid is mó daoibh.


  • Advertisement
  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Céard go díreach a bheidh le déanamh leis na pictiúir seo?

    Ag dul in olcas atá an bhéaltriail de réir cosúlachta.


  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca


    Cad faoi scrúdú béil don Bhéarla? B'fhéidir go gcuirfeadh sé deireadh le daoine ag rá "I seen dat ting dere" agus a leithéid.


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    salamanca wrote: »
    Cad faoi scrúdú béil don Bhéarla? B'fhéidir go gcuirfeadh sé deireadh le daoine ag rá "I seen dat ting dere" agus a leithéid.

    Sin é ár gcanúint i mBéarla agus tá sé maith go leor a bheith ag caint in bhur gcanúint féin


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Ní dóigh liom gur rud maith é na pictiúir seo a fhoilsiú. Ar a laghad tá a thuilleadh marcanna ag dul don scrúdú béil.

    Faraor níl sé in oiriúint do chainteoirí dúchasacha. Sílim gur ábhar magaidh é go gcaithfidh cainteoirí dúchasacha dul isteach i scrúdú béil agus rud éigin ar nós "Micilín Muc is ainm dom, is as Baile Átha Cliath mé agus tá mé 18 mbliana d'aois" a rá. :mad:


  • Closed Accounts Posts: 23 evolve


    Sa bhliain 1995, nuair a rinne mé m'Ardteist, thosaigh an múinteoir ag cleachtadh don scrúdú béil taréis na Cásca! Ní dhearnamar faic roimhe sin. Fuair mé C san ardleibhéal agus anois táim mé ag déanamh mo sheacht ndícheall chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge mar tá spéis agam i mo theanga dúchais. Tá súil agam go mbíonn na múinteoirí ag caitheamh níos mó ama ag ligint na paísti labhairt le chéile anois, ní amháin sna meánscoileanna ach sna bunscoileanna freisin. An bhfuil aon tuismitheoirí ag léamh an sliocht seo - cad atá ag tarlú sna scoileanna a bhíonn do pháistí ag freastal ar?


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 391 ✭✭Zipp101


    An bhfuil eine in ann cabhru liom le do thoil?

    Caill me mo coip de Foinse an tseachtain seo caite agus mar sin nil an cod agam do "POD Foinse". Taim ag lorg an cod on 16 Marta. Ma ta se agat an mbeidh tu in ann e a sheoladh dom, no e a cur suas ar an suiomh seo?


  • Closed Accounts Posts: 32 peckingduck


    Aontaím leatsa. Táim ag déanamh m'Ardteist an bhliain seo. Déanaim an shean shiollabas ach tá sleachtanna a bheith a léamh againn. Tá muid ábalta ár leabhair féin a thabhairt isteach sa scrúdú béil leis nótaí faoin tslí ba chóir é a dúirt.

    Tá brón orm faoi mo Ghaeilge uafás! Ach tá mothúcháin láidre orm, faoin ábhar seo.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Cén fáth go bhfuil an cómhrá briste ann? Focal/frása amháin á rá acu in ionad abairt? Msh, i bpictiúir an cheathrú chinn - "an staidéar?" "Go maith. Samhradh..." "€€€" "Pleananna". Just féachainn sé an-ait.

    An malartú é seo do na sleachta.
    Aontaím leatsa. Táim ag déanamh m'Ardteist an bhliain seo. Déanaim an shean shiollabas ach tá sleachtanna a bheith a léamh againn. Tá muid ábalta ár leabhair féin a thabhairt isteach sa scrúdú béil leis nótaí faoin tslí ba chóir é a dúirt.

    Dheineas féin an Ardteist anuaraidh agus aontaíom gur ait an rud é go dtugtar cead le seo. Thosaigh ár rang ag gáire nuair a dúirt an múinteoir é seo, agus go raibh 20% do marcanna an scrúdaithe béil ag dul le haghaidh sliocht beag a léamh! Bhíos breá sásta leis ag an am, mar mharcanna sa mhála (mar a deirtear as béarla) ab ea é. Nílim i gcoinne na sleachta, mar sochraíonn sé an dalta ag tosach na scrúdaithe, ach ba chomhair nach mbeadh na focail scríofa amach go fógraíochta (phonetically?). Tá sé cosúl leis an eachtra sa Simpsons, ina scríobhann cúntóir Homer diospóireacht amach dó go foag-ree-uk-tah (foe-in-et-ick-al-ee), ionas go mbeadh sé in ann na focail mór a thuiscint!
    Tá brón orm faoi mo Ghaeilge uafás! Ach tá mothúcháin láidre orm, faoin ábhar seo.

    Ah, tá Gaeilge breá agat. Agus tá suim agat é a neartú agus is iontacht an scéal é sin.


  • Registered Users Posts: 121 ✭✭Caireann


    evolve wrote: »
    Léigh mé inné go mbeidh na meánscoileanna ag fáil na pictiúrí le haghaidh an scrúdú béil anois - bliain is trí mhí roimh an scrúdú! Ní aontaím le sin ar chor ar bith. Beidh na scoláirí ag cleachtadh agus ag foghlaim de ghlanmheabhair. Níl fíor cumarsáid é sin! Cad a cheapann sibhse maidir faoi sin?

    An bhfuil tú ag iarraidh an theanga a marú tríd is tríd? Tabhair seans do daoine óg!


  • Registered Users Posts: 1,880 ✭✭✭deirdremf


    dambarude wrote: »
    Céard go díreach a bheidh le déanamh leis na pictiúir seo?

    Ag dul in olcas atá an bhéaltriail de réir cosúlachta.

    Beidh na daltaí in ann "comhrá" a fhoghlaim de ghlan mheabhar, agus marcanna a fháil dó siúd!
    Nach iontach an t-oideachas é sin?


  • Closed Accounts Posts: 11,299 ✭✭✭✭later12


    Oh God rinne me an ardteist i 2004 agus is maith is cuimhin liom na sliochtanna sin, pure jóc iad. Bhi sliochtanna 1-5 de ghlan mheabhair againn go leir sa rang, ar ndoigh. Nil aon chiall ag baineann leis an sort scrudu sin, agus go háirithe on dtaobh scrúdú béil de, mar ba choir go mbeadh an scrúdú béil an ghné is tabhachtai den scrúdú go léir sa Ghaeilge.


Advertisement