Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Toghchán 2011: FG agus an Ghaeilge

  • 23-01-2011 10:41pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭

    Is minic a chloistear faoi phleananna chun fáil réidh leis an nGaeilge nó le rud eicínt a bhaineann leithi.
    Sna 40í, a thúisce a tháinig an chéad comhrialtas idir FG agus an Lucht Oibre i gcumhacht, socraíodh gan ach leagan Béarla d'fhoirmeacha a fhoilsiú.
    Sna 70í, shocraigh an comhrialtas deireadh a chur leis an nGaeilge sa Státsheirbhís. Ní shin go baileach an rud a dúirt siad, ach sin a tharla de bharr a bpolasaí.

    Anois, tá FG ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an nGaeilge sa gcóras oideachais, ag tosú leis an ardteistiméireacht.

    Is féidir linn clamhsán faoin bpolasaí seo, nó feachtas a bhunú ina choinne. Tá toghchán ar na bacáin, agus beidh FG sa rialtas, tá sin ionann is cinnte.
    Dá bharr sin, ba mhaith liom díospóireacht a thosú, anseo i nGaeilge i dtosach, chun cúrsaí a phlé (gan cur isteach ó na namhaid iondúla), agus ansin ag brath ar an aisfhreagra anseo, é a leathnú amach ar an suíomh Béarla.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf

    Ar an gcéad dul síos, chun tús a chur leis an díospóireacht, ba mhaith liom an méid seo a rá:
    Ma chuireann tú i leith FG go bhfuil siad i gcoinne na Gaeilge, déarfaidh siad nach bhfuil ar chor ar bith, agus leanfaidh ar aghaidh le rud eicínt faoi "rogha a thabhairt do dhaoine".

    An bhfuil sin fíor?
    Cén rogha an dtugann siad don Ghaeilgeoir?
    Cén feabhas atá beartaithe acu cur lenar ár saol mar lucht labhartha na Gaeilge?

    An t-oideachas: an mbunóidh siad Gaelscoil i ngach baile, mór agus beag?
    An mbunóidh siad Gaelcoláiste i ngach baile mór?
    An mbunóidh siad Ollscoil na Gaeltachta ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge?

    Na meáin: an mbeidh nuachtán laethúil againn aríst?
    An gcuirfidh siad deireadh leis an mBéarla ar TG4?
    An dtabharfaidh siad ceadúnas craolacháin do Raidió Rí Rá?

    Seirbhísí riaracháin: an gcuirfidh siad iachall ar na heagraíochtaí stáit seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge?
    An leasóidh siad Acht na dTeangacha Oifigiúla chun é seo a chinntiú, seachas na scéimeanna seafóideacha atá ann faoi láthair?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    An gcuirfidh siad deireadh leis an mBéarla ar TG4?

    An gcuirfidh siad deireadh le popcheol béarla ar Raidió RíRá?

    Cén bhuntáiste don ghaeilge stáisiún raidió eile a bheas ag craoladh amhráin bhéarla den chuid is mó? Tá rogha leathan stáisiúin á dhéanamh cheana féin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Feicim é mar seo: Níl chuireann polasaithe Fine Gael an Gaeilge chun cinn.

    Dhá réiteach:
    1) Faigh Páirtí eile isteach san rialtas
    2) Chur brú ar Fine Gael.

    Ná abair liom go mbeidh Fine Gael san rialtas gan dabht, níl an olltoghcháin ar feadh cúpla seachtaine, má tá fios ag an pobal go bhfuil rogha eile ann, agus go mbeidh seans ag an páirtí eile an toghcháin a buachaint, gach seans go mbeidh deis ceart acu.
    Níl fios agam an bhfuil páirtí níos fearr ó taobh an Gaeilge amach ansin áfach...

    An dara rud ná ceapaim gur ceart rogha a tabhairt san ard-theist. Faoi láthair tá Béarla, Gaeilge, agus Mata riachtanach don ardtheist. Dar liomsa nach fiú scoláirí a brú trí Gaeilge san ardtheist. Ba cóir go mbeidh Mata riachtanach, agus rogha an scoláire dhá teanga Eorpacha a staidéar.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf

    Cliste wrote: »

    Tá an ceart agat, a Chliste, tá seans ann nach mbeidh FG sa chéad rialtas eile - agus creidim nach bhfuil siad ag iarraidh ceist na Gaeilge a phlé, ar fhaitíos go gcaillfeadh siad vótaí dá barr.
    Ach seachas an Ghaeilge gan a bheith éigeantach tar éis an teastais sóisearaigh, cén polasaí Gaeilge atá ag FG?
    An bhfuil a fhios ag éinne?

    Ar an taobh eile de, tá an Lucht Oibre sásta le cúrsaí mar atá siad faoi láthair:
    http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=5511

    Dheimhnigh Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, do thoscaireacht Chonradh na Gaeilge go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste ag cruinniú leis an eagras Gaeilge níos luaithe sa tseachtain freisin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP

    Agallamh le Dinny McGinley TD ó Fhine Gael faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó le deanaí:

    http://nearpodcast.org/podcast/index.php?id=525

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    deirdremf wrote: »
    An t-oideachas: an mbunóidh siad Gaelscoil i ngach baile, mór agus beag?
    An mbunóidh siad Gaelcoláiste i ngach baile mór?
    An mbunóidh siad Ollscoil na Gaeltachta ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge?

    Sa lá atá inniú ann, is beag gur féidir linn na scoileanna atá ann anois a choiméad ar oscail. Tá fonn ag an bpobal gaelscoileanna a bhunú in a lán áiteanna ar fud na tíre, agus má tá (nó b'fhéidir dá mbeadh) na huimhreacha ann, agus an t-airgead ag an Roinn Oideachas, beidh an scoil ann. Ní bheadh sé ciallmhar gaelscoileanna a bhunú ar fud na háite gan aon smaoineamh.

    Freisin, tá an iomarca ollscoileanna againn anois, seachas ceann amháin eile. Caithfear ceisteanna a iarradh faoin éileamh a mbeadh ann do hOllscoil na Gaeltachta. Ní dóigh liom go mbeadh mórán suim inti. Is trua é sin, ach ceapaim go bhfuil sé fíor.
    Na meáin: an mbeidh nuachtán laethúil againn aríst?
    An gcuirfidh siad deireadh leis an mBéarla ar TG4?
    An dtabharfaidh siad ceadúnas craolacháin do Raidió Rí Rá?

    Níl an rogha ag FG nó aon grúpa eile nuachtáin Gaeilge laethúil a fhoilsiú. Bíonn an cinneadh sin ag an margadh amháin. Theip ar an nuachtáin laethúil deirneach toisc nach raibh go leor daoine ag ceannaíodh é. Ní gá a rá nach bhfuil an t-airgead againn tacaíocht a thabhairt do tionscnamh mar sin.

    Táim ar intinn amháin leat faoin iomarca Béarla ar TG4, ach ní dóigh liom gur féidir nó gur gá leo é a bhaint go hiomlán. Is gnó é TG4, i ndeireadh na ndála, agus caithfidh siad airgead a thuilleadh ó cláranna Béarla le lucht leanúna réasúnta móra chun dul chun cinn.
    Ní dóigh liom go bhfuil aon páirt ag an rialtas i gcúrsaí craolacháin. Nach bhfuil quango ann chun chinní a dhéanamh ar rudaí mar sin?

    B'fhéidir go bhfuilim neamhurchóideach, ach cheapais go raibh neamhspléachas ón rialtas ag na meáin cumarsáide.
    Seirbhísí riaracháin: an gcuirfidh siad iachall ar na heagraíochtaí stáit seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge?
    An leasóidh siad Acht na dTeangacha Oifigiúla chun é seo a chinntiú, seachas na scéimeanna seafóideacha atá ann faoi láthair?

    Ní féidir liom an cheist deireanach a thuiscint. Nach torthaí FF iad na scéimeanna seafóideacha atá ann faoi láthair, an pháirtí a bhí i gcumhacht le cianta anuas? Ar aon nós, nach dlí é an dlí? Níor thug mé faoi dheara go mbeidh rogha acu ach Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Achainí in aghaidh pholasaí Gaeilge Fhine Gael:

    http://www.petitiononline.com/mod_perl/signed.cgi?gaeilge

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,159 ✭✭✭deirdremf

    Quote:
    Originally Posted by deirdremf viewpost.gif
    An t-oideachas: an mbunóidh siad Gaelscoil i ngach baile, mór agus beag?
    An mbunóidh siad Gaelcoláiste i ngach baile mór?
    An mbunóidh siad Ollscoil na Gaeltachta ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge?

    Sa lá atá inniú ann, is beag gur féidir linn na scoileanna atá ann anois a choiméad ar oscail. Tá fonn ag an bpobal gaelscoileanna a bhunú in a lán áiteanna ar fud na tíre, agus má tá (nó b'fhéidir dá mbeadh) na huimhreacha ann, agus an t-airgead ag an Roinn Oideachas, beidh an scoil ann. Ní bheadh sé ciallmhar gaelscoileanna a bhunú ar fud na háite gan aon smaoineamh.
    Ní dóigh liom go bhfuil an ceart agat anseo. Níl aon Ghaelscoil ar eolas agam a dhún de bharr nach raibh dóthain daltaí acu. Tá roinnt gaelscoileanna nár fhás mar a bhíothas ag súil leis, ach sin a bhfuil.
    Freisin, tá an iomarca ollscoileanna againn anois, seachas ceann amháin eile. Caithfear ceisteanna a iarradh faoin éileamh a mbeadh ann do hOllscoil na Gaeltachta. Ní dóigh liom go mbeadh mórán suim inti. Is trua é sin, ach ceapaim go bhfuil sé fíor.
    Níl a fhios agam an bhfuil an iomarca ollscoileanna ann; ach tá mé cinnte nach bhfuil ceann ar bith a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Creidim go láidir go mbeadh ráth ar a leithéid.
    Quote:
    Na meáin: an mbeidh nuachtán laethúil againn aríst?
    An gcuirfidh siad deireadh leis an mBéarla ar TG4?
    An dtabharfaidh siad ceadúnas craolacháin do Raidió Rí Rá?
    Níl an rogha ag FG nó aon grúpa eile nuachtáin Gaeilge laethúil a fhoilsiú. Bíonn an cinneadh sin ag an margadh amháin. Theip ar an nuachtáin laethúil deirneach toisc nach raibh go leor daoine ag ceannaíodh é. Ní gá a rá nach bhfuil an t-airgead againn tacaíocht a thabhairt do tionscnamh mar sin.
    Teastaíonn deontas chun nuachtán Gaeilge a fhoilsiú, agus theip ar an gceann deireanach nuair a baineadh an deontas uaidh.
    Ach faigheann na nuachtáin Bhéarla deontais mhóra ón Rialtas, ach tugtar ainm eile ar na deontais sin. Tugtar "fógraíocht" ar na deontais, agus gan fógraíocht ní bheadh siad ann, nó bheadh siad i bhfad níba lú ná mar atá siad.
    Táim ar intinn amháin leat faoin iomarca Béarla ar TG4, ach ní dóigh liom gur féidir nó gur gá leo é a bhaint go hiomlán. Is gnó é TG4, i ndeireadh na ndála, agus caithfidh siad airgead a thuilleadh ó cláranna Béarla le lucht leanúna réasúnta móra chun dul chun cinn.
    Ní aontaím gur gnó atá i TG4. Bunaíodh í chun seirbhís a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Tá RTÉ ann do lucht an Bhéarla, agus na céadta bealaigh teilifíse timpeall an domhain ag craoladh i mBéarla. Is mór an náire nach bhfuil bealach ceart amháin ann trí mheán na Gaeilge.
    B'fhéidir gur chóir TG4 agus BBC Alba a chur ar aon bhealach amháin?
    Ní dóigh liom go bhfuil aon páirt ag an rialtas i gcúrsaí craolacháin. Nach bhfuil quango ann chun chinní a dhéanamh ar rudaí mar sin?

    B'fhéidir go bhfuilim neamhurchóideach, ach cheapais go raibh neamhspléachas ón rialtas ag na meáin cumarsáide.

    Quote:
    Seirbhísí riaracháin: an gcuirfidh siad iachall ar na heagraíochtaí stáit seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge?
    An leasóidh siad Acht na dTeangacha Oifigiúla chun é seo a chinntiú, seachas na scéimeanna seafóideacha atá ann faoi láthair?
    Ní féidir liom an cheist deireanach a thuiscint. Nach torthaí FF iad na scéimeanna seafóideacha atá ann faoi láthair, an pháirtí a bhí i gcumhacht le cianta anuas? Ar aon nós, nach dlí é an dlí? Níor thug mé faoi dheara go mbeidh rogha acu ach Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú.
    An rud atá mé á rá gur chóir don dlí a rá go gcaithfidh na heagraíochtaí sin seirbhísí áirithe a chur ar fáil. Ba chóir é sin a bheith sa dlí, seachas scéimeanna a scríobh nach bhfuil aon mhaith iontu.
    Mar shampla, sa mbliain 2004, rinneadh scéim do Roinn na Gaeltachta (an roinn pobail, tuaithe agus gaeltachta mar a bhí ag an am). Ba chóir scéim nua a scríobh tar éis trí bliana, ach tháinig 2007, agus ní dhearna siad scéim nua. Thosaigh daoine ag clamhsán faoi, agus an bhfuil a fhios agat céard a rinne an Roinn?
    D'fhoilsigh siad an sean scéim faoi ainm nua "Scéim 2". Ní dóigh liom go raibh aon cheo nua ann ar chor ar bith!!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Seo litir seolta ag Conradh na Gaeilge Mhaigh Eo go Enda ar an ábhar seo:

    Éanna, a chara,
    Is mian linn, pobal Mhaigh Eo, ár mbuairt a chur in iúl maidir le polasaí Fhine Gael ó thaobh na Gaeilge de. Táimid an-bhuartha go bhfuil sé de pholasaí ag Fine Gael stádas na Gaeilge a ísliú tríd an Ghaeilge a dhéanamh roghnach mar ábhar Ardteiste. Iarraimid ort breathnú arís ar an bpolasaí seo agus seasamh taobh thiar dí mar ceann de chroí ábhair na hArdteiste.

    Táimid den bharúil gur chóir tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar impleachtaí an pholasaí seo. Níl amhras ar bith orainn ach go ndéanfaidh an polasaí an-dochar don Ghaeilge. Níl aon dabht faoi, dar linne, ach go ndéanfaidh an moladh seo scrios as-cuimse ar an nGaeilge taobh istigh d’achar gairid. Tá a fhios againn go gceapann tú go rachadh an polasaí seo chun leas na teanga ach ní féidir linn aontú leat ansin, beag nó mór.

    Glacaimid leis gur mian leat an Ghaeilge a chur chun cinn agus aontaimíd leis an ainilís atá déanta agat féin nach bhfuil an córas oideachais reatha ag freastal mar is ceart ar an dalta nó ar an nGaeilge. Ach ní mdóigh linn go bhfuil an polasaí atá á mholadh agat chun cabhrú leis an stád reatha agus, go deimhin, go ndéanfaidh sé dochar as cuimse. Chomh fada agus is eol dúinn níl fianaise dá laghad ann a léiríonn go n-éireodh lena leithéid de pholasaí. Is cóir a thabhairt san áireamh céard a tharla i 1974 nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge sa státseirbhís.

    Seo mar a dúirt An tAire Richie Ryan, ar an 5 Nollaig 1974 “Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di”

    Tá a fhios again uilig nach mar sin a tharla. Go deimhin, d’admhaigh Conor Cruise O’Brien, a bhí ina Aire sa Rialtas céanna, go raibh aiféala air go ndearnadh cinneadh dá leithéid: ‘... d’abróinn gur tugadh, gan amhras, céim síos don Ghaeilge. Mar sin, ag féachaint siar ar ar tharla, ní shílim anois gur dheineamar an rud ceart. Agus cuireann seo an-bhrón orm’ (24 Lúnasa 1984).

    Beidh toradh níos measa de bharr an pholasaí seo. Níor chóir dúinn dul síos an bóthar sin arís. Tá na hargóintí uilig cloiste agat agus léite agat cheana. Ní gá dúinn sa litir seo dul isteach iontu arís. Dar linne ní éireoidh leis an moladh seo. Má táimid ag iarradh an teanga a choinneáil mar cheann de theangacha oifigiúla an stáit seo caithfear fáil réidh leis an bpolasaí seo.

    Ní íosghrádú don Ghaeilge sa chóras oideachais atá ag teastáil ó thuismitheoirí agus ó scoláirí na hÉireann inniu, ach go mbeadh cothrom na féinne aici mar ábhar i gcomórtas le teangacha eile. Ná bíodh sé le rá ag na glúnta atá le teacht gur Taoiseach dár gcuid féin ó Chondae Mhaigh Eo a lig an teanga le sruth i ndeireadh an lae.

    Impímid ort ath-mhachnamh a dhéanamh ar an bpolasaí seo agus tacú leis an teanga.

    Is muidne, le meas,

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ms Healy-Eames said her party was starting a “major debate on the teaching of the language”, but there would have to be an independent review and consultation before a final decision was taken.

    Chuirfinn féin fáilte roimh athbhreithniú agus idirbheartaíocht "neamhspleách" faoin modh teagaisc is fearr chun an teanga a chur chun cinn i scoileanna .i. tumoideachas iomlán etc.

    Ach níl an drong sin le trust leis an teanga.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Bhí agóid chiúin lasmuigh den Dáil ar maidin in aghaidh polasaí Gaeilge Fhine Gael.

    Sonraí faoi cad atá déanta agus le déanamh in aghaidh polasaí Fhine Gael le feiceáil sa nasc a leanas:
    http://www.nuacht24.com/nuacht/agoid-ag-teach-laighean/

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Stollaire wrote: »
    Bhí agóid chiúin lasmuigh den Dáil ar maidin in aghaidh polasaí Gaeilge Fhine Gael.

    Sonraí faoi cad atá déanta agus le déanamh in aghaidh polasaí Fhine Gael le feiceáil sa nasc a leanas:
    http://www.nuacht24.com/nuacht/agoid-ag-teach-laighean/

    Físeán den agóid:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 51 ✭✭Aimsigh

    Tá siad ag eagrú agóid eile, sílim, beidh sé ar súil ar an deireadh seachtain, go luath.

    Beidh níos mó daoine in ann a bheith páirt a glacadh, go hairithe na daoine oga ón na Ghaeilcholaisteanna.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Sheol Sinn Féin a chlár Gaeilge d'olltoghchán 2011 lasmuigh de cheanncheathrú Fhine Gael inné:
    http://www.sinnfein.ie/contents/20122

    Físeán le Pearse Ó Dochartaigh sa nasc thuas.

  • Closed Accounts Posts: 758 ✭✭✭whydoibother?

    Tá Fine Gael ag cur i gcás go mbeadh daltaí scoile ábalta Gaeilge a roghnú don TS más maith leo, ach i ndáiríre níl sé sin fíor. Éiríonn na daltaí ó na Gaeltachta níos fearr san ábhar. Níl aon iontas ansin. Bíonn caighdeán ard acu. Mar sin, bíonn sé deacair do dhaltaí eile, torthaí chomh ard a fháil. Ní bhíonn said chomh líofa. (Sin an taithí a bhí agam ar aon nós. Is as Thiobaird Árann mé.) Nuair a bhíonn a lán pointí le taisteal acu, ní mór dóibh smaoineamh faoi sin. B’fhéidir go bhfuil grá ag an dalta don teanga, ach is léir go néireoidh sé/sí níos fearr sa stair nó sa mhaite mar shampla. Caithfidh said ábhair “éasca” a roghnú mar beidh fhios acu go bhfuil na hábhair éasca roghnaithe ag daoine eile agus beidh siad in iomaíocht leo chun dul go dtí an ollscoil.

Advertisement