Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Fine Gael nó Gall?

  • 18-01-2011 12:01pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭

    Tá Conradh na Gaeilge ag cur tús le feachtas chun brú a chuir ar Fhine Gael a bpolasaí Gaeilge a láidriú i bhfianaise suíomh nua an pháirtí a bheith seolta gan focal Gaeilge air, in ainneoin thacaíocht an pháirtí don Straitéis 20 Bliain.
    Beidh súil go mbeidh na heagrais uile Ghaeilge ag tacú leis an gcás, chun deimhniú go mbeidh an Ghaeilge feiceálach agus lárnach i bhfeachtas toghchánaíochta na bpáirtithe ar fad.
    Tá cruth úr ar shuíomh idirlín Fhine Gael, le teachtaireacht ann ó Enda Kenny agus é ag iarraidh tuairimí ón bpobal. Is smaointeoireacht an phobail faoin riocht ina bhfuil an tír faoi láthair, an chaoi gur féidir an tír a fheabhsú agus an bealach gur féidir le Fine Gael tacaíocht an phobail a mhealladh atá uaidh. Ach níl an Ghaeilge luaite in aon áit acu ar an suíomh, ná fiú cnaipe ann chun an suíomh a aistriú go Gaeilge.
    Tá iarratas déanta ag Conradh le Gaeilge ar chruinniú le Fine Gael agus deir an tArd-Rúnaí, Julian de Spáinn, “Is faoi cheist na Gaeilge san Ardteist a d’iarr muid an cruinniú ach cinnte is féidir linn rudaí eile a lua ann chomh maith.
    Táim chun labhairt le hAodán Ó Deá ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus le baill ár gcraobhacha 3ú leibhéal ar fud na tíre, chun feachtas a thosú ar líne agus eile chun brú a chur ar Fhine Gael.”

    Gaelscéal

    I mo thuairm, tá siad Fine Gall anois, tá sé dochreidte, Tá gaeilge ár priomh theanga náisiúnta.

    Freisin. Tá achainí ar suil anois chun brú a chur ar Fhine Gall.
    http://www.petitiononline.com/gaeilge/petition.html

    To: Fine Gael

    Cuireann polasaí Gaeilge Fhine Gael in iúl go bhfuil an páirtí ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar scoile a dhéanfadh gach dalta i scoileanna na tíre.

    Iarrann na daoine thíosluaite ar Fhine Gael a aithint

    1. Go ndéanfaidh an polasaí seo dochar do stádas
    agus d'úsáid na Gaeilge sna blianta atá romhainn.

    2. Gur teanga bheo í an Ghaeilge ar chóir í a
    mhúineadh do gach dalta sa tír, ionas go mairfidh sí mar theanga nua-aimseartha do na glúinte romhainn.

    Iarrann muid ar Fhine Gael an chuid seo dá bpolasaí a athrú dá réir.

    Tá thart 13600 sínithe ann anois.:)

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Fine Gal a deirim féin (vapour)!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Seol mé ríomhphoist chuig Leo Varadkar (Mo teachta Dáil áitiúil FG) faoin easpa Gaeilge ar an suíomh acu,

    "If I understood your e-mail correctly, you are commenting about the lack of Irish on our website. You are right about that. It’s been raised a few times at Parliamentary Party meetings but nothing has been done about it to date. It’s not something that is under my control but I will raise it again. I am sure we have plenty of members who’d be willing to translate policy documents or press releases. Enda often uses Irish in the Dail and so do Fergus O’Dowd and Dinny McGinley. James Reilly and few others try to use their cupla focail from time to time. "

    Sin ó thús 2010, níl aon muinín agam i Fine Gael ó taobh an Gaeilge de, ach tá sé deacair páirtí maith a roghnú ó taobh an Gaeilge de (Ach amháin Sinn Féin, ach ní féidir leo ach damáiste a déanamh don eacnamaíochta.)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader

    Cliste wrote: »

    GoA, Tá damáiste ar an eacnamaíocht cheana féin, Ní bheadh siad níos measa ná aon pháirtí eile, ag an am seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Crosáidí wrote: »
    GoA, Tá damáiste ar an eacnamaíocht cheana féin, Ní bheadh siad níos measa ná aon pháirtí eile, ag an am seo.

    Tá an damáiste déanta don geilleagar, ach tá muid fós beo agus ag trádáil. Ní aontaím leat nach mbeadh siad níos measa, beadh.

    Tá an iomarca caint acu faoi cosaint na gnó bheag timpeall an tír cé nach bhfuil ach caomhnaitheacht i gceist acu. Níl sé sin maith don geilleagar, agus is páirt muid don AE anois, níl sé ceadaithe ach an oiread.

    An dara rud ná nach bhfuil siad chomh maith ó taobh an teanga is a ceap mé, níl na polasaithe le fáil as Gaeilge ar an suíomh http://www.sinnfein.ie/ga/policies Neart Béarla le feiceáil timpeall!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader

    Ba cheart dúinn aire a thabhairt do gnóithe beaga, Seo í teascóg an eacnamaíochta atá ag fulaingt mar ní bheidh na bainc ag tabhairt iasachta amach do gnóithe.
    Tá soláthar airgid ag athrú lámha ó mhuintir na tíre seo go na baincéirí, tá na baincéirí ag teorannú an tsoláthair airgid

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Crosáidí wrote: »
    Ba cheart dúinn aire a thabhairt do gnóithe beaga, Seo í teascóg an eacnamaíochta atá ag fulaingt mar ní bheidh na bainc ag tabhairt iasachta amach do gnóithe.
    Tá soláthar airgid ag athrú lámha ó mhuintir na tíre seo go na baincéirí, tá na baincéirí ag teorannú an tsoláthair airgid

    Ar léamh tú an saghas cosaint atá siad ag caint faoi? Ní iasachtaí atá siad ag caint faoi sna cúpla leathanach dá polasaithe geilleagar a léigh mé.

    Tá siad ag caint faoi cháin chorparáide a ardú, níl sé sin chun cabhrú - rachaidh na comhlachtaí idirnáisiúnta ón tír go luath má tosaíonn muid an các sin.

    Nílim ag argóint cad a deireann tú thuas, ach ní deireann tú conas a caithfimid gnó beag a cosaint. Ní aontaím leis an 'conas' atá Sinn Féin ag caint faoi, mar ní beidh an toradh ceart á fáil

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader

    Ceart go leor, tuigim go bheadh tubaiste ar an tír seo, má ardaíodh an cáin chorparáide

  • Closed Accounts Posts: 92 ✭✭Celtic3x

    Shíl mé mar chuid de bhuiséad nach mbeadh an cháin seo tionchar a bheith mar sin féin a dhéanamh?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    @Celtic3x : Ní thuigim cad tá á rá agat

    Ó taobh an Gaeilge de ceapaim go bhfuil an chuid is mó Gaeilge le fáil anseo:
    http://www.communistpartyofireland.ie/

    :)

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Táim ag ceapadh go mb'fhearr liom an 'Status Quo' ná rialtas a dhéanfadh dochar don teanga.

    Seans maith nach mbeidh Roinn Gaeltachta ann tar éis olltoghcháin. Moladh é cheana (An Bord Snip). Tá an Lucht Oibre agus Fine Gael ag rá go gcruthóidís roinn nua d'athchoiriú na seirbhísí poiblí, agus is é an roinn Gaeltachta (agus comhionnanais/ pobal) an chéad roinn a gheofaí réidh leis dá dtarlodh sé sin. Dá mba rud é nach raibh aire a labhrodh don teanga (agus a labhraíonn an teanga!) is dóigh go rachadh rudaí in olcas.

    Níl Frank Feighan, urlabhraí Fhine Gael don Ghaeilge in ann an teanga a labhairt fiú, agus níl fhios agam cé hí nó cé hé urlabhraí an Lucht Oibre di.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    dambarude wrote: »

    Chaill an Taoiseach seisear Airí trí thimpiste inné. Níl bheidh roinn nó duine slán go dtí go bhfuil rialtas nua ann.

    Ba é Fine Gael a bhunaigh Roinn na Gaeltachta sna 1950í - níl an páirtí in éadan na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh gach ball de Dáil Éireann ábalta labhairt as Gaeilge de réir Leo Varadkar ( http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2010/1002/1224280191958.html ).

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,372 ✭✭✭Brenireland

    ni maith liom cabaistie

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca

    ni maith liom cabaistie
    Can faoi bachlóga na Bruiséile?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,372 ✭✭✭Brenireland

    salamanca wrote: »
    Can faoi bachlóga na Bruiséile?

    je ne comprend's pas....je suis pomblettere.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    dambarude wrote: »
    Táim ag ceapadh go mb'fhearr liom an 'Status Quo' ná rialtas a dhéanfadh dochar don teanga.

    Seans maith nach mbeidh Roinn Gaeltachta ann tar éis olltoghcháin. Moladh é cheana (An Bord Snip). Tá an Lucht Oibre agus Fine Gael ag rá go gcruthóidís roinn nua d'athchoiriú na seirbhísí poiblí, agus is é an roinn Gaeltachta (agus comhionnanais/ pobal) an chéad roinn a gheofaí réidh leis dá dtarlodh sé sin. Dá mba rud é nach raibh aire a labhrodh don teanga (agus a labhraíonn an teanga!) is dóigh go rachadh rudaí in olcas.

    Níl Frank Feighan, urlabhraí Fhine Gael don Ghaeilge in ann an teanga a labhairt fiú, agus níl fhios agam cé hí nó cé hé urlabhraí an Lucht Oibre di.

    Fine Gael san Rialtas = easpa Gaeilge
    Fianna Fáil san Rialtas = easpa Tír

    Brón orm a teanga uasail ach níl tú an t-aon rud tábhachtach dom!

    Anois ná bí leisciúil a dambarude, is í Google do cara: http://www.labour.ie/brianoshea/ ! Ach ní feicim mórán uaidh ó taoibh an Gaeilge de :(

    An ceart dúinn caint faoi na trí páirtí amháin? Cad faoi na roghanna eile?
    Na Glasaigh - Neart Gaeilge ar an suíomh, agus aontaím le na bpolaisithe, ach tar éis beidh i rialtas le FF caithfidh mé smaoineamh faoi
    Sinn Féin - Easpa mór Gaeilge ar an suíomh, nílim cinnte
    Neamhspleách srl.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Cliste wrote: »
    Fine Gael san Rialtas = easpa Gaeilge
    Fianna Fáil san Rialtas = easpa Tír

    Brón orm a teanga uasail ach níl tú an t-aon rud tábhachtach dom!
    .

    Bhí mé ag rá go mb'fhearr liom an Status Quo don Ghaeilge, ní don tír. Is léir do gach éinne anseo (agus thar lear faraor) go bhfuil athrú rialtais de dhíth chomh luath agus is féidir.

    Cliste wrote: »
    Anois ná bí leisciúil a dambarude, is í Google do cara: http://www.labour.ie/brianoshea/ ! Ach ní feicim mórán uaidh ó taoibh an Gaeilge de :(
    .
    Níor chuala mé faoin bhfear sin riamh, cé go mbím ag éisteacht leis agus ag féachaint ar an nuacht agus cúrsaí oireachtais an t-am ar fad.

    Cliste wrote: »
    An ceart dúinn caint faoi na trí páirtí amháin? Cad faoi na roghanna eile?
    Na Glasaigh - Neart Gaeilge ar an suíomh, agus aontaím le na bpolaisithe, ach tar éis beidh i rialtas le FF caithfidh mé smaoineamh faoi
    Sinn Féin - Easpa mór Gaeilge ar an suíomh, nílim cinnte
    Neamhspleách srl.
    Ag deireadh na dála, ní dóigh liom go mbeidh Comhaontas Glas i rialtas i gceann cupla seachtain. Bheadh an t-adh leo dá n-eireodh leo suiochán Dála amháin a choimead. Is léir do gach duine smaointe Shinn Féin faoin teanga, ach ní dóigh liom go bhfeicfear iad ag bord an rialtais róluath.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2

    Fine fáil gall.

  • Closed Accounts Posts: 289 ✭✭feicim

    Gaelscéal

    I mo thuairm, tá siad Fine Gall anois, tá sé dochreidte, Tá gaeilge ár priomh theanga náisiúnta.

    Freisin. Tá achainí ar suil anois chun brú a chur ar Fhine Gall.
    http://www.petitiononline.com/gaeilge/petition.html

    Tá thart 13600 sínithe ann anois.:)

    Dia dhaoibh.:)
    Aontaím le do thuaraim. Tá eagla orm faoin damáiste a d'fheadfá fine gael a dhéanamh don Ghaeilge nuair atá siad i gceannas ar an tír.

  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo

    Dheimhnigh ceannaire an Lucht Oibre, Eamon Gilmore, go bhfuil a pháirtí i bhfabhar an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste de réir Chonradh na Gaeilge.

    Bhuail Gilmore le toscaireacht ón gConradh an tseachtain seo caite am a dúirt sé gur thacaigh sé le stádas riachtanach na Gaeilge don Ardteist.

    Ní thacaíonn Eamon Gilmore le polasaí Fhine Gael stádas riachtanach na Gaeilge don Ardteist a bhaint de réir Chonradh na Gaeilge.

    Inside Ireland Nuacht

    Dea-Scéala, Ní thacaíonn Gilmore le polasaí Fhine Gall. Lucht Oibre abú.

    :):)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP

    dambarude wrote: »

    Seans maith nach mbeidh Roinn Gaeltachta ann tar éis olltoghcháin. Moladh é cheana (An Bord Snip). Tá an Lucht Oibre agus Fine Gael ag rá go gcruthóidís roinn nua d'athchoiriú na seirbhísí poiblí, agus is é an roinn Gaeltachta (agus comhionnanais/ pobal) an chéad roinn a gheofaí réidh leis dá dtarlodh sé sin.

    A mhalairt a bheadh ann. Tá FG i bhfabhar an Roinn a bheith rithithe in éineacht leis an Roinn Taoisigh. Beadh na dhá Roinn ann fós ach beadh aird ar an Roinn Comhionannas, Tuaithe agus Gaeltachta de bharr sin.

  • Advertisement
Advertisement