Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Imbolc 2011 - Smaointe den scoth i gCorcaigh!

  • 07-01-2011 11:15AM
    #1
    Closed Accounts Posts: 5


    A chairde,

    Tá Imbolc 2011 (www.imbolc.ie), chomhdháil Ghaeilge inspioráideach, ag dul ar aghaidh ar an Satharn 12 Feabhra 2011, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí. Beidh Gaeilgeoirí iontacha ag caint ann, daoine a bhfuil obair nó taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí & srl. Tá ríméad orainn go bhfuil cainteoirí den chéad scoth againn arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu.:

    Dónal Lunny
    Tá an cur síos "ceoltóir cáiliúil" i bhfad róbheag don fhear seo, ach níl spás a dhóthain anseo gach éacht a bhfuil déanta aige a bhreacadh síos! Beidh ceolchoirm speisialta san Ionad Cultúrtha ag Dónal an oíche roimh an gcomhdháil chomh maith.

    Naoise Ó Conchubhair
    Dearthóir a bhain amach na duaiseanna "Dearthóir Óg na Bliana", agus "Céimí na bliana" i 2008, agus a bhfuil sárobair déanta aige in earnáil an ríomh-dearaidh ó shin.

    Frank Allen
    Príomhfheidhmeannach leis an Rail Procurement Agency, an comhlacht a bhfuil sé mar dhualgas air bonneagar iarnróid éadroim na hÉireann, an Metro san áireamh, a chur i gcrích.

    Sadhbh Ní Hogáin
    Innealtóir le EOS Future Design a dhéanann sainfheidhmiú ar chúrsaí pleanála inbhuanaithe, agus a bhfuil saineolas aici ar an réimse sin.

    Ciarán Mac an Bhaird
    Léachtóir le matamaitic in NUI Maigh Nuad a dhíríonn isteach ar na slite is éifeachtaí matamaitic a mhúineadh le nua-teicneolaíocht.

    Muireann Nic Amhlaoibh
    Ceoltóir agus amhránaí cáiliúil, a bhfuil ardmholadh faighte aici ní amháin dá ceol féin, ach leis sin an obair atá déanta aici le Danú agus daoine mar Julie Fowlis.

    Mícheál Ó Droighneáin
    Saineolaí teicneolaíochta agus fiontraí a chomh-bhunaigh Maithú, comhlacht teicneolaíochta soghluaiste a thóg an phríomhdhuais leis i gcomórtas Barr 50 gnó Gaeilge i 2010.

    Tríona Nic Giolla Choille
    Stiúrthóir leis an Galway Refugee Support Group, agus atá gníomhach i ngluaiseacht "Claiming Our Future". D'eagraigh siad ócáid i mBaile Átha Cliath le déanaí ar fhreastal níos mó ná míle duine uirthi.

    Tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair a bhfuil ar siúl aige - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina ndiaidh! Ba sheans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá saol ag an am céanna.

    Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc - ní chosnaíonn gnáth-thicéad ach €25, agus ticéad do mhic léinn, seanóirí, agus daoine atá dífhostaithe €15. Sílimid féin gur tionól leithleach é Imbolc, a bhfuil sé mar aidhm aige a bheith ina "Inspioráid na Bliana" do Ghaeilgeoirí.

    Is féidir a thuilleadh eolais agus clárú a dhéanamh ar http://www.imbolc.ie, nó is féidir leat glaoch a chur orm ag (086) 0706108. Is tionscadal go hiomlán neamhbhrabúsach é Imbolc, nach bhfuil baint ar bith againn le haon dream polaitíochta.

    Beir bua,
    Tomás Ó hAodha


Advertisement