Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

ceadúnas tiomainaithe as Gaeilge

  • 05-01-2011 9:59pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 48


    n'fheadar cad é an áit is fearr chun é seo a cur ach tá ceist agam daoibh.. an feidir ceadunas as Gaeilge a fháil? beidh mé ag cur isteach do mo ceadunas i gceann seachtain agus tá mé fiosrach tongue.gif cá áit gur féidir liom foirm iarrtais a fháil de ghnáth..?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Téigh go dtí d'Oifig Mótarchánach áitiúil agus beidh foirm as Gaeilge le fáil ann. Tá gach ceadúnas dátheangach mar nós caighdeánta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy


    Dá gcuirfeá an iarratas isteach trí Ghaeilge, gheobhfá an scrúdú i bhfad níos gasta ná trí Bhearla.

    Ach, rinne mo chara, atá líofa é sin agus theip air. Fuair sé fear óna Gleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair, agus níor thuig sé é!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine


    ...agus níor theip air, meas tú, toisc nár thiomáin sé go maith ar an lá?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 476 ✭✭Nuggles


    Má roghnaíonn tú Gaeilge mar an teanga le n-úsáid i rith sa scrúdú, is mar gheall go bhfuil tú compordach leis, mar go b'fhearr leat í a úsáid ná Béarla.

    Mura thuig cara Gingy an scrúdaitheoir, ní raibh air ach fhiafraí air rud a rá i mBéarla, níl gá ar bith ar duine léanacht orthu ag labhairt Gaeilge má tá sé ag cur as dóibh sa scrúdú.

    Níl baint ar bith ag aon teanga a úsáideann tú leis an scrúdú tiomána. Níl tionchar ar bith aige ar an scrúdú.


Advertisement