Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gaeilge i Meiriceá Thuaidh

Options
  • 04-10-2010 8:48pm
    #1
    Registered Users Posts: 165 ✭✭


    Faightear sa Daonáireamh na Stát Aontaithe go dúirt timpeall 25.000 duine go labhrann siad Gaeilge sa bhaile. Ach déanaim iontas nach bhfuil níos mó daoine ann le heolas ar an nGaeilge. Mar go háirithe i gcás teangacha beaga, ní bhíonn an deis ag gach chainteoir an teanga a labhairt sa bhaile, ach go minic labhrann siad í in áiteanna agus le daoine eile lasmuigh den bhaile. Téann sé arís as an scéal go bhfuil an teanga go minic nó den chuid is mó múinte ag na páistí nó daoine óga lasmuigh den bhaile.
    An dóigh libh go bhfuil níos mó ná 25.000 duine le heolas ar an nGaeilge ann sna Stáit Aontaithe? B´fhéidir 50.000...?
    Ar aon chaoi, is brónach an scéal é go bhfuil an mhéid bheag sin fágtha sna Stáit Aontaithe i measc na timpeall 36.500.000 daoine le fréamh Éireannach.
    Ba chóir an Ghaeilge ar tairiscint ar scoil a mhéadú go mór sna Stáit Aontaithe, go háirithe i láir na Meiriceánach le fréamh Éireannach, mar shampla Bostún.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    An ndeir sé sa daonáireamh "Gaeilge" nó "Gaelic"? Mar, d'fhéadfadh sé a bheith gaidhlig nó gaeilge. Ní doigh liom go bhfuil 25,000 daoine sna Stáit Aontaithe in ann Gaeilge a labhairt. B'fhéidir 10,000 (max). Ach, is deacair a rá.. Tá a lán daoine ansin gan cead agus gan green card, so ní bheadh siad ann ar an daonáireamh.


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Tá së go díreach ar eolas agam gur Gaeilge na hÉireann atá i gceist. Mar scríobhadh as Béarla "Irish": Ní labhrann níos mó ná 1.000 duine Gaeilge na hAlban sna Stáit Aontaithe. Is an teanga a labhraítear sa bhaile atá san áireamh sa daonáireamh na Stát Aontaithe.
    Sa daonáireamh na hAstráile, bíonn an dá saghas ceisteanna ar fáil mar atá cën teanga atá agat agus cén teanga a labhrann tú sa bhaile.
    Tá mé cinnte gur timpeall 25.000 duine a deireann gur Gaeilge a labhrann siad sa bhaile. Ach mar sin féin, cuirim an cheist orm an bhfuil níos mó daoine ann a bhfuil Gaeilge acu. Bíonn a fhios as an daonáireamh Éireannach go bhfuil Gaeilge ag níos mó daoine ná a labhrann í sa bhaile in Éirinn.
    Go n-éirí an Ghaeilge libh,
    Alex


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cé mhéid dóibh atá ag labhairt Gaeilge lena bpáistí? Fíorbheagán is dócha.


Advertisement