Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Tony Curtis

  • 02-10-2010 07:03AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Chuir sé brón orm a chloisteáil go raibh an t-aisteoir cáiliúl seo in áit na fírinne. Bhíodh sé i gcónaí gealgháireach agus siamsúil sna agallaimh a rinne sé. Luaitear 'Some Like it Hot' leis de gnáth ach is é an scannán is fearr liom dá chuid ná 'Spartacus'. Bhí ról tánaisteach aige sa scannán faoin sclábhaí ceannairceach, déanta i 1960 agus stiúrtha ag Stanley Kubrick. Cé nach bhfuil sé chomh fuilteach agus grafach agus an sraith teilifíse 'Fuil agus Gainimh' tá sé fós an-chorraitheach, fiú agus an scannán caoga bliain d'aois. Má tá sé ar an mbosca b'fhiú go mór breathnú air. Bheadh focail Churtis greanta ar d'aigne go deo 'Is mise Spartacus!'


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,175 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ní fhaca mé riamh aon scannán amháin a rinne sé fiú. Ach, tá cairde agam agus an-suim acu san aisteoireacht, agus tá fíor-bhrón orthu inniu de bharr bháis Tony Curtis.


Advertisement