Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Starting to hate the English language

Options
  • 11-09-2010 12:49am
    #1
    Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭


    Focail thréana 'fuath' agus 'gráin' agus a leithéidí tá fhios agam ach caithfidh mé a rá gur olc liom gur gá an Béarla a labhairt agus a úsáid i gcónaí. Níl mé líofa amach is amach go fóill agus ní bheidh ach oiread go ceann tréimhse maith eile ach b'fhearr liom gan an Béarla a bheith ann chor ar bith.

    :(

    Bhfuil éinne eile chomh frustrated céanna?


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    pog it wrote: »

    Bhfuil éinne eile chomh frustrated céanna?

    Tá sé sin an-íorónta ar fad!


    B'aoibhinn liom dá mbeadh níos mó deiseanna agam an Ghaeilge a labhairt, agus b'aoibhinn liom dá bhféadfainn Gaeilge a labhairt an t-am ar fad, ach cáithfimid a bheith réadúíl. Dá mba rud é gur labhair chuile dhuine in Éirinn Gaeilge an t-am ar fad ní bheadh sé go maith don tír (ó thaobh infheistíochta agus eacnamaíochta de). Fiú dá mbeimis líofa sa Bhéarla chomh maith, dá mba tír í Éire nach raibh an Béarla mar chéad teanga inti, seans nach mbeadh a leithéidí Google agus Microsoft anseo. Ar ndóígh baineann rudaí eile le FDI sa tír (m.sh. cáin chorparáide), ach 'sé an teanga atá á labhairt againn ceann de na príomhrudaí a mheallann comhlachtaí anseo.


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Labhair muid ach i mBearla agus d'fhag Dell fós an tír seo mar bhí sé níos saoire do Dell é sin a dhéanamh.
    Níl ach imní ar comlachtaí idirnaisiúnta faoina n-airgead.
    Labhraíonn milliúin agus milliúin daoine Béarla san Eoraip, ní féidir linn bheith ag smaoineamh go deo a dtiocfaidh comlachtaí idirnaisiúnta anseo mar labhraíonn muid Béarla
    Níl muid níos fearr as le Bearla ná le Gaeilge ar an domhain inniu
    Má ardaigh muid ár gcáin compáraide, bheidis imithe leis an ngaoithe


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Ní aontaím leat Crosáidí. Dá mbeadh chuile rud eile mar an gcéanna (cáin, scileanna srl) agus comhlacht ag déanamh cinnidh faoin tír a roghnóidh siad, is cinnte go bpiocfaidís tír le Béarla, agus nach bpiocfaidís tír le teanga nach labhraítear in aon tír eile. Má tá 'geilleagar cliste' uainn is dóígh liom go gcabhróidh Béarla leis sin.


  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    dambarude wrote: »
    Tá sé sin an-íorónta ar fad!


    B'aoibhinn liom dá mbeadh níos mó deiseanna agam an Ghaeilge a labhairt, agus b'aoibhinn liom dá bhféadfainn Gaeilge a labhairt an t-am ar fad, ach cáithfimid a bheith réadúíl. Dá mba rud é gur labhair chuile dhuine in Éirinn Gaeilge an t-am ar fad ní bheadh sé go maith don tír (ó thaobh infheistíochta agus eacnamaíochta de). Fiú dá mbeimis líofa sa Bhéarla chomh maith, dá mba tír í Éire nach raibh an Béarla mar chéad teanga inti, seans nach mbeadh a leithéidí Google agus Microsoft anseo. Ar ndóígh baineann rudaí eile le FDI sa tír (m.sh. cáin chorparáide), ach 'sé an teanga atá á labhairt againn ceann de na príomhrudaí a mheallann comhlachtaí anseo.

    Ní shílim gur íoróin a bhí ann dambarude, tá an focal sin an-choitianta sa chaint fiú i measc cainteoirí dúchasacha, agus 'an frustrachas' chomh maith céanna.

    Níl mé ar aon intinn leat maidir le Béarla a bheith ina bhuntáiste mhór agus muide i gcomórtas le tíreacha eile san Eoraip. Níl de dhíth ach an tSualainn a chur i gcás. Thart ar 9 milliún duine atá ina gcónaí ansin, agus an tSualainnis mar an príomhtheanga ag 8 milliún as sin. Tá Béarla measartha maith ag a bhformhór de dhaoine ach 'sí an tSualainnis an príomhtheanga acu i gcónaí agus breathnaigh ar an ngeilleagar sa tír sin agus cúrsaí fostaíochta, airgid, oideachais, iompair, srl.!

    Níor chuir an tSualainnis as aon chur chun cinn ariamh! Tá siad ag déanamh go han-mhaith in ainneoin na Sualainnise a bheith ina príomhtheanga go laethúil sa ngnó. Tá a fhios agam go n-íocann daoine i bhfad níos mó ioncaim cánach ach b'fhearrde a leithéid sin ná an tír ina fhágtar muide. Rinneadh robar den tír seo agus níl an Béarla in ann muid a shábháil.


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Fiú dá mbéadh Gaeilge ag gach duine, ní chuirfeadh sin stop le duine ag labhairt Béarla. Tá stair ag an tír le Béarla. Mar 'tá luaite thuas, éiríonn go maith leis na Lochlannaigh, fiú gan Béarla mar mháthair-teanga agus le ráta cáine níos aide.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    pog it wrote: »
    Focail thréana 'fuath' agus 'gráin' agus a leithéidí tá fhios agam ach caithfidh mé a rá gur olc liom gur gá an Béarla a labhairt agus a úsáid i gcónaí. Níl mé líofa amach is amach go fóill agus ní bheidh ach oiread go ceann tréimhse maith eile ach b'fhearr liom gan an Béarla a bheith ann chor ar bith.

    :(

    Bhfuil éinne eile chomh frustrated céanna?

    Bhíodh fadó ach níl anois.

    Tá mé an-bhródúil as Gaeilge a bheith agam. Ach tá mé an-bhródúil chomh maith go bhfuil teanga idirnáisiúnta ar mo thoil agam.

    Níl muid ag iarraidh tír aonteangach a dhéanamh as Éirinn, ach tír dhátheangach.

    Ní namhaid é an Béarla, ach easpa tuisceana ar an oidhreacht.


  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Bhíodh fadó ach níl anois.

    Tá mé an-bhródúil as Gaeilge a bheith agam. Ach tá mé an-bhródúil chomh maith go bhfuil teanga idirnáisiúnta ar mo thoil agam.

    Níl muid ag iarraidh tír aonteangach a dhéanamh as Éirinn, ach tír dhátheangach.

    Ní namhaid é an Béarla, ach easpa tuisceana ar an oidhreacht.

    Is deacair liom a thiscint cén fáth nach bhfuil i bhfad níos mó daoine ag iarraidh a chur lena gcuid Gaeilge. Tá an ceart agat, níl tiscint cheart ag daoine ar céard atá acu. Ach tá suim de chineál eicínt ag neart daoine ann agus Gaeilge ar a gcumas más an beagán nó eile é agus bíonn bród i gceist nuair atá do theanga féin agat. Ach fós féin agus de réir mar a fheicim níl ach dornán acu ag goil chuig rang nó ag cur iarracht isteach ann.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    pog it wrote: »
    Ní shílim gur íoróin a bhí ann dambarude, tá an focal sin an-choitianta sa chaint fiú i measc cainteoirí dúchasacha, agus 'an frustrachas' chomh maith céanna.

    Níorbh ag cáineadh, ach ag magadh a bhí mé pog it:)

    Bheadh sé an-deas dá mbeadh tír dátheangach againn, tír ina labhrófaí i bhfad níos mó Gaeilge ar aon nós. Ach ní dóigh liom gur mhaith liom tír ina mbeadh an Ghaeilge mar chéad teanga inti.


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    De réir an bhunreacht, tá an Ghaeilge mar an chéad teanga cheana féin. (Chun a bheith teicniúil faoi :P )


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Aard wrote: »
    De réir an bhunreacht, tá an Ghaeilge mar an chéad teanga cheana féin. (Chun a bheith teicniúil faoi :P )

    Go díreach, ach ní úsáideann ach ceithre fé céad an teanga ar nós sin ;)

    Ba cheart don rialtas chun í a úsáid le haghaidh tuilleadh ní. Mar shampla, ní raibh 'fhios a'am fén ndlúthdhiosca darb ainm Ceol in aon chor. Níl mórán n-áiseanna ar fáil ar an idirlíon maidir le ag léiriú grammadach na gaeilge dúinn (mura bhfuil an teanga ag éinne). Is locht an rialtais é i ndáiríre.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,922 ✭✭✭cantalach


    pog it wrote: »
    Níl mé ar aon intinn leat maidir le Béarla a bheith ina bhuntáiste mhór agus muide i gcomórtas le tíreacha eile san Eoraip. Níl de dhíth ach an tSualainn a chur i gcás. Thart ar 9 milliún duine atá ina gcónaí ansin, agus an tSualainnis mar an príomhtheanga ag 8 milliún as sin. Tá Béarla measartha maith ag a bhformhór de dhaoine ach 'sí an tSualainnis an príomhtheanga acu i gcónaí agus breathnaigh ar an ngeilleagar sa tír sin agus cúrsaí fostaíochta, airgid, oideachais, iompair, srl.!

    Tá mo dheartháir ina chónaí sa tSualainn agus é ag obair i gcomhlacht mór Sualainnis. Is é an Béarla an teanga oibre sa chomhlacht!

    Sin ráite, ní aontaím le dambarude ar son tábhacht an Bhéarla. Chuaigh Dell go dtí an Phólainn, agus táim réasunta cinnte nach bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga sa tír sin! Ag deireadh an lae, is í an tír is saoire a bhfaigheann an FDI.


  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    cantalach wrote: »
    Tá mo dheartháir ina chónaí sa tSualainn agus é ag obair i gcomhlacht mór Sualainnis. Is é an Béarla an teanga oibre sa chomhlacht!

    Sin ráite, ní aontaím le dambarude ar son tábhacht an Bhéarla. Chuaigh Dell go dtí an Phólainn, agus táim réasunta cinnte nach bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga sa tír sin! Ag deireadh an lae, is í an tír is saoire a bhfaigheann an FDI.

    Go díreach a chantalaigh! (leitriú??)

    Agus níor chuir an tSualainnis isteach ar an gcur chun cinn a tharla ann. Tá Béarla á úsáid i gcuid mhór de chomhlachtaí móra ach go bhfios dom sna comhlachtaí níos lú sí an tSualainnis is treise go coitianta.

    Bheadh mé sásta bheith i mo chónaí anseo beag beann ar rachmas nó mar sin de ach ardú meanma a bheith ann. Tá sé ag tosaí a chur isteach ormsa. Bhí mé dearfach go dtí seo ach tá athrú tagtha ar an tír. Teastaíonn rialtas nua uainn láithreach! Ceannaire nua fiú.


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    An rud suimiúil faoin tSualainn ná nach bhfuil aon teanga oifigiúil acu. Úsáidtear Sualainnis "de facto".


Advertisement