Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Olltoghchán: Baile Átha Cliath Thiar

Options
  • 28-08-2010 11:53pm
    #1
    Registered Users Posts: 359 ✭✭


    Tá trí shuíocháin sa dáilcheantar faoi láthair agus beidh ceann eile ann ag an chéad olltoghchán eile. Is iad an tAire Airgeadais Brian Lenihan, Leo Varadkar agus Joan Burton na trí Teachta Dálaí atá ann faoi láthair. Is léir go mbeidh suíochán ag Joe Higgins ón bPáirtí Sóisialach an chéad uair eile. Níl iarrthóirí d’ard-proifíl eile sa dáilcheantar agus tá próifíl náisiúnta ag Joe Higgins fós agus é mar Fheisire Eorpach do Bhaile Átha Cliath.


    Fuair Lenihan a haon dhéag míle vótaí i 2007 agus tá foireann mhaith aige i mBaile Átha Cliath Thiar, leis na gcomhairleoirí Mags Murray i gCaisleán Cnucha agus David McGuinness i Mullach Eadrad. Tá fearg ar a lán daoine le Fianna Fáil inniu mar gheall ar an ngeilleagar agus polasaithe Fhianna Fáil maidir le an mborradh réadmhaoine a bhí againn ach ní bheidh deacrachtaí ag Lenihan a shuíochán a choimeád.


    Tá próifíl mhór náisiúnta ag na beirt Teachta Dálaí eile sa dáilcheantar freisin- Varadkar agus Burton.

    Ta Varadkar anois mar urlabhraí Comhshaoil agus Rialtas Áitiúil do Fhine Gael. Dúradh go ndearna sé jab maith mar urlabhraí Fiontar agus Fostaíochta ach bhí sé ar thaobh Richard Bruton i ndíospóireacht faoi ceannasaí an pháirtí ag deireadh thiar thall agus is mar sin a bhogadh é. B'é Varadkar an réalt is óige i bhFine Gael i nDáil Éireann agus más féidir leis gan a bheith ag dul thar fóir in amanna (cuir ceist ar Brian Cowen, Mary Coughlan, Bertie Ahern agus Garret Fitzgerald) tá tuairim i bhFine Gael go mbeadh sé go maith mar cheannaire lá éigin. Tá foireann mhaith ag Varadkar i mBaile Átha Cliath Thiar, le beirt comhairleoirí cumasacha- Eithne Loftus i gCaisleán Cnucha agus Kieran Dennison i Mullach Eadrad. Beidh Dennison mar an dara iarrthóir don pháirtí ag an olltoghchán. Is as Na Dúnaibh i nDún na nGall ó dhúchais é agus tá sé ina chónaí sa dáilcheantar le fiche bhliain anois. Tá seans aige suíochán a fháil don bpáirtí go háirithe má tá toradh an-mhaith ag Fine Gael ag an leibhéal náisiúnta. Fuair Varadkar seacht míle vótaí i 2007 agus beidh sé ag súil le vóta níos airde ag an gcéad uair eile.

    Tá Burton mar urlabhraí Airgeadais do Pháirtí an Lucht Oibre ó 2002 agus is é an dtuairim ginearálta go bhfuil sí go maith sa phost. B'é an dtuairim ginearálta sna meáin cumarsáide náisiúnta go gcaillfeadh sí a suíochán do Joe Higgins i 2007, mar a tharla i 1997 agus chuir sí iontas ar na daoine céanna agus a suíochán a choimeád agus le seacht gcéad vótaí sa difir! Dé réir na pobalbhreitheanna, tá mór-éileamh ar Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath. Tá triúr comhairleoirí cumasacha ag Burton sa dáilcheantar- Peggy Hamill i gCaisléan Cnucha agus Michael O'Donovan agus Patrick Nulty i Mullach Eadrad. Bhí an rath ag an bpáirtí agus iad ag fáil dhá shuíocháin i Mullach Eadrad anuraidh. Ní bheidh deacrachtaí aici a suíochán a choimeád ach beidh sí ag súil leis an chéad suíochán don eite chlé a fháil roimh Joe Higgins. Beidh an chath seo suimiúil. N’fheadar cé leis an bheidh an t-ádh. Ach tá an ghaoth beagáinín i bhfabhar Burton.

    Bhí iontas ar a lán daoine gur chaill Joe Higgins ón bPáirtí Sóisialach a shuíocháin i 2007. Ní raibh sé síos le tamaill mór áfach nuair a bhfuair sé an triú suíocháin sa toghchán Eorpach i mBaile Átha Cliath, ag tógáil an suíochán deireadh ó Eoin Ryan ó Fhianna Fáil agus Mary Lou McDonald ó Shinn Féin. Ní bhfaigheann sé mórán poiblíochta náisiúnta agus é mar Feisire Eorpach anois lasmuigh de Tonight With Vincent Browne in amanna. Ós rud é go mbeidh go mbeidh an ceithre suíochán ann an uair seo ní bheidh fadhb aige suíochán a fháil. Tá comhairleoir cumasach aige i Mullach Eadrad Ruth Coppinger agus tá craobh acu i gCaisleán Cnucha anois rud a cuireadh iontas ar roinnt daoine. Beidh sé ag súil leis an dara nó an dtríú suíochán a fháil ach beidh sé sásta gan amhras le suíochán amháin an uair seo cíbe ceann is ea é.

    B’fhéidir go mbeidh Paul Donnelly ó Shinn Féin mar iarrthóir do Shinn Féin. Sheas Mary Lou McDonald anseo i 2002 nuair a bhí sí ina cónaí i gCaisleán Cnucha agus fuair sí dhá mhíle vótaí nó ocht faoin gcéad den vóta. Bhíodar ag ceapadh go raibh an páirtí ag fás sa dáilcheantar ach ansin leis an luascadh náisiúnta in aghaidh an pháirtí i 2007 ní bhfuair an t-iarrthóir Felix Gallagher ach 1,600 vótaí ansin nó cúig faoin gcéad den vóta. Chomh maith le seo chaill Donnelly an suíochán a bhí ag an pháirtí i Mullach Eadrad san Toghchán Áitiúla anuraidh. Níl seans ag Sinn Féin suíochán a fháil ach beidh sé suimiúil a fheiceáil cén vóta a bheidh ag Donnelly agus más féidir leis tógáil don todhchaí chun suíochán áitiúla a aththogáil don bpáirtí i Mullach Eadrad i bhFine Gall.

    Is é Baile Átha Cliath Thiar an dáilcheatar sa tír is éasca a thuar agus beidh sé suimiúil a fháil amach cén saghas vóta a bheidh ag na páirtihe agus iarrathoirí.


Advertisement