Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An bhfuil an iomarca airgid á chaitheamh ar an nGaeilge

Options
  • 18-08-2010 9:05am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Alt spéisiúl faoin teideal seo ag Colm Ó Broin ar leathanach 6 de Foinse ar maidin. (Níl fáil air ar an idirlíon is baolach.)

    Go bunúsach is é atá á rá aige ná go bhfuil cearta ag daoine arbh í an ghaeilge a dteanga dúchais ina dtír féin agus nach ceart gaeilge ná béarla a bhrú ar dhuine ar bith.

    Dar leis
    "níor cheart go mbeadh muidne thíos leis de bharr gur roghnaigh an chuid eile den phobal Béarla a labhairt"
    . Ach an bhfuil sé seo réadúil??????


Comments

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá sé réadúil! Tá Gaeilgeoirí ina mionlach sa tír seo ach ní bhfaighimid aitheantas mar mhionlach. Ní bhíonn mionlaigh eile sa tír curtha faoi chois sa chaoi córasach céanna. Ní féidir leithcheal a dhéanamh ar duine mar gheall ar reiligiún, cine, gnéas srl ach níl aon aitheantas do chomhionannas teanga anseo.


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    craoltoir wrote: »
    Alt spéisiúl faoin teideal seo ag Colm Ó Broin ar leathanach 6 de Foinse ar maidin. (Níl fáil air ar an idirlíon is baolach.)

    Go bunúsach is é atá á rá aige ná go bhfuil cearta ag daoine arbh í an ghaeilge a dteanga dúchais ina dtír féin agus nach ceart gaeilge ná béarla a bhrú ar dhuine ar bith.

    Dar leis . Ach an bhfuil sé seo réadúil??????

    Feictear dom go bhfuil sé an-réadúil.


Advertisement