Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Nua anseo

Options
  • 17-08-2010 11:45am
    #1
    Registered Users Posts: 566 ✭✭✭


    Dia dhaoibh,
    Táim nua anseo, tá brón orm faoi na botúin. Bhog mé anseo, Gaillimh, ag an deireadh seachtaine. Rugadh mé in Éirinn ach ar feadh cúig déag bliain seachas na laethanta saoire bhí mé thar lear le mo thuismitheoirí. Ní raibh aon oideachas foirméalta agam agus anois tá imní orm faoi chuile rud. Tá mé ag iarraidh m'Ardteist a dhéanamh i 2012 ach chuala mé nach bhfuil orm Gaeilge a dhéanamh. ACH tá mé ag iarraidh, tá ceithre teanga agam ó mo thuismitheoirí agus tá mé ag iarraidh iad ar fad a dhéanamh san Ardteist. An féidir liom? An bhfuil sé thar a bheith deacair? Tá mé beagnach tinn chuile lá ag smaoineamh faoin scoil, tá a fhios agam go bhfuil muid difriúil mar chlann, an bhfuil aon scoil difriuil anseo i nGaillimh? Go raibh míle maith agaibh. Cróna


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Is féidir leat chuile theanga a dhéanamh má theastaíonn uait! Ní bheadh aon fhadhb agat le ceithre theanga. Agus má tá an post sin scríofa agat féin ní dóigh liom go mbeadh aon fhadhb agat ag déanamh Gaeilge don Ardteist. Níl uait ach scoil/múinteoir agus neart oibre. Go n-éirí go geal leat!


  • Registered Users Posts: 566 ✭✭✭seriouslysweet


    Yep scríobhaim féin é sin, bhí mo Mham i gcónaí ag canadh agus ag caint linn i nGaeilge, ní theanga deacair í ach bhi mé cinéalín buartha faoin scríofa. Feicimid...


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Bhuel is cosúil domsa go bhfuil do chuid Gaeilge níos fearr ná roinnt a chaitheann trí bliana déag á staidear. Má dhéanann tú do chuid staidéir beidh leat.


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Tá do chuid Ghaeilge níos fearr ná a lán déagóirí eile in Éirinn, a SS.
    agus tá do scríbhneoireacht go breá chomh maith


  • Registered Users Posts: 1,071 ✭✭✭gaeilgegrinds1


    Rinne Mam an-jab mar sin agus ní múinteoir ar bith í! Phew!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Tu as de la chance avec quatre langues!

    Du hast gluck gehabt mit vier Sprachen!

    Tá an t-ádh leat go bhfuil oiread sin teangacha agat!


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Le Gaeilge iontach mar sin agat ba chóir duit bheith i nGaelcholáiste. Seo iad na cinn i nGaillimh


  • Registered Users Posts: 566 ✭✭✭seriouslysweet


    Cén buntáiste atá leo? Ní thuigim an córas seo mar bhog mé anseo cúpla lá ó shin. Bhí mé ag taisteal an domhain le mo chlann go dtí seo ach anois caithfidh mé scrúdaithe a dhéanamh, bummer!


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Is féidir níos mó marcanna a fháil má dhéanann tú an Ardteist trí Ghaeilge, ach ní dhéanann sé mórán difríochta má tá tú ag iarraidh grád ard a bhaint amach.


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Más duine difriúil thú, beidh tú níos fearr as má tá tú i scoil ina bhfuil gach duine difriúil ón ngnáth, áit a bhfuil meas ar an gcúltur Gaelach agus an teanga.


  • Advertisement
Advertisement