Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Frank Feighan (FG) agus an Ghaeilge

Options
  • 30-07-2010 12:18am
    #1
    Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭


    Tuigim gur seanscéal atá ann anois, ach céard a cheapann sibh go léir faoi cheapachán Frank Feighan mar urlabhraí Gaeltachta (agus Comhionannais srl) Fhine Gael? Is cosúil nach bhfuil aon Ghaeilge aige, is go mbeidh sé ag tabhairt faoi cheachtanna inti (de réir litir a léigh mé in Gaelscéal ar aon nós).

    Ceapaim féin go bhfuil sé áiféiseach. Ar ndóigh is dócha go bhfuair sé an jab mar léirigh sé a dhílseacht do Enda ag an am ceart, ach tá an ceapachán amaideach amach is amach. Chun an fhirinne a rá táim ar buile mar gheall air!


Comments

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Aontaím go huile is go hiomlán faoi sin. Ní raibh Gaeilge ag a réamhtheachtaí Michael Ring ach oiread.

    Ní dóigh liom go mbeadh binse tosaigh Fhine Gael in ann bolgán solais a athrú.


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Feicim nach mbeidh sé ag seasamh siar
    http://www.nuacht24.com/nuacht/naisiunta/proinsias-gan-gaeilge/

    I ndeireadh na Dála, an féidir a bheith ag súil le haon rud eile ó Fhine Gael?
    An bhfuil iontas ar éinne? Déarfainn nach bhfuil.


  • Registered Users Posts: 15,382 ✭✭✭✭rainbowtrout


    Tá Frank ina chonaí i Mainistir na Búille agus tá gach duine ag caint dó as Gaeilge nuair a tá sé i dteach tabhairne nó siopa. An greannmhar. Ach níl sé in inmhe freagair a thabhairt as Gaeilge do na daoine.

    Nuair a fagann daoine oga an scoil, deireann siad nach bhfuil aon focail Gaeilge acu. Ach tá siad beagánín Gaeilge a labhairt. Ach níl focal ar bith ag Frank.

    Gabh mo leithscéal, níl mo Ghaeilge féin ró-mhaith


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Níl do chuid Gaeilge ró dhona ar chor ar bith a Rainbowtrout!

    Tá an ceart agat, deir a lán daoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu ach is minic go mbíonn. Níor labhair mo thuismitheoirí Gaeilge ó bhí siad ar scoil, agus má labhraím leo as Gaeilge tuigeann siad an chuid is mó de. Tá siad in ann í a labhairt chomh maith. Tá sé mar an gcéanna le daoine óga.

    Ach is cosúil nach bhfuil Gaeilge ar bith ag Frank Feighan, ón méid atá á rá sna meáin, agus an méíd atá á rá agatsa Rainbowtrout. Agus tá sé ag rá anois go mbeidh feabhas mór tagtha ar a chuid Gaeilge i gceann cupla mí, nuair a bheidh ceachtanna faighte aige? Ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin.

    Tá chuile dhuine ag rá nach mbeidh sé in ann labhairt le muintir na Gaeltachta, dul ar TG4 srl. Ach tá fadhb shuntasach eile a thagann óna easpa Gaeilge. Níl sé in ann deileáil le cursaí a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga, an ghramadach mar shampla. Tá Caighdeán Oifigiúil nua á dhéanamh anois. Ní bheidh Frank Feighan in ann deileáíl le díochlaontaí, foghraíocht agus a leithéíd gan Ghaeilge de chaighdeán réasúnta maith.


  • Registered Users Posts: 15,382 ✭✭✭✭rainbowtrout


    dambarude wrote: »
    Níl do chuid Gaeilge ró dhona ar chor ar bith a Rainbowtrout!

    Chuir mé cúpla focal i nGoogle :D aistriúcháin! Ceapaim nach bhfuil sé in inmhe dealáil leis an gramadach nó an teanga freisin. Sílim ní mór dó caighdeán múinteoir Gaeilge nó den chineál chéana aige, chun an tasc sin a chriochnú. Tá air freisin labhairt ar alán abhar difriúil. Tá gá aige ar stór focal mór chun é sin a dhéanamh agus tógfaigh sé sin roinnt ama.

    Sílim go bhfuil bean chéile Frank múinteoir bunscoile. B'fhéidir go bhfuil sí in inmhe ceachtanna a thabhairt dó!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Dúrt cara liom gur chaith Feighan seal ag foghlaim Gaeilge ar an Spidéal le deireannas agus gurbh é an chaoi gur admhaigh sé nach rud éasca atá roimhe caighdeán maith Gaeilge a bhaint amach. Is maith é sin go dtuigeann sé nach leor cúpla rang agus go bhfuil sé ag tabhairt faoi go dícheallach. Tá go 2012 aige agus má chromann sé air tiocfaidh feabhas shonraíoch ar an méid Gaeilge atá aige. Níl mise sásta ar chor ar bith ach oiread le ceachtar againn, ach céard is féidir a dhéanamh faoi seachas ruainne tacaíochta a thabhairt dó anois, agus muna bhfuil dul chun cinn déanta aige tar éis 6 mhí, beidh a fhios againn nach bhfuil sé dáiríre faoi agus ansin, cuirimis na gearáin in iúl dó agus do na páipéir...


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Bhuel is beag seans go mbeidh sé ina aire tar éis toghcháin ar aon nós. Beidh Fine Gael ag roinnt na n-aireachtaí leis an Lucht Oibre, agus bheadh daoine níos tabháchtaí ná Feighan ag súil le haireacht, fiú mura mbeadh aon taithí acu san aireacht seo.

    Táim feargach faoina cheapachán fós áfach!

    Ach b'fhéidir go mbeidh píosa craic againn má thosaíonn sé ag déanamh agallamh róluath- cupla 'gaffes' mar a ghlaotar orthu. Nár chuir Mary Coughlan 'na Glasraí' ar lucht an chomhaontais ghlais cupla mí ó shin? Timpiste a bhí ann ar ndóigh, ach greannmhar fós!


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Aontáim le Stollaire - an raibh sibh ag iarraidh aon rud eile ó FG?

    Bhí/tá Enda ar son Gaeilge a bheith roghnach nach bfhuil? Má dtéann an DUP ar aghaidh agus téann FG ar aghaidh beidh an DUP níos mó ar son na gaeilge i gcúpla bliain..... ;)


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,484 Mod ✭✭✭✭dory


    dambarude wrote: »
    Ar ndóigh is dócha go bhfuair sé an jab mar léirigh sé a dhílseacht do Enda ag an am ceart,


    Sin an t-aon chúis amháin gur féidir liom teacht suas le. Ach ní dheineann sé ciall ar bith. Is iad an freasúra a rialtas, cheapas go mbeadh siad ag iarriadh pé gur gá dóibh a dhéanamh chun íomhá maith a thabhairt. Ní ciall ar bith le rogha chomh amaideach sin a dhéanamh.


Advertisement