Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tuarascáil An Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge 28ú Iúil

Options
  • 28-07-2010 5:47pm
    #1
    Registered Users Posts: 359 ✭✭


    Bhí mé fhéin ag seoladh tuarascáil Comhchoiste Um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúr, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta don Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge inniu. Tá 39 moltaí sa tuairisc. Níl an am agam chun iad ar fad a scríobh amach. Is féidir libh cóip a fháil ón Roinn. Is iad seo na moltaí ba mhó a léimeanna amach chugam.


    5) Na feidhmeanna seo a leanas a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta / na Gaeilge nua athstruchtúraithe (Roinn 4.3):-

    Ról príomhúil a ghlacadh i gcúrsaí pleanála agus tithíochta na Gaeltachta ;

    Athbhreithniú rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na ndeontas teanga laistigh den Ghaeltacht ;

    Eolas a bhailiú ar thionscnaimh éifeachtacha Comharchumann ionas gur feidir an dea-chleachtas a aithint agus a chur i bhfeidhm go forleathan. Ba chóir béim a leagan ar thionscnaimh a spreagann rannpháirtíocht agus gníomhaíocht phobail;

    Scéimeanna taithí oibre a dhearadh laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a dhíreoidh ar dhaltaí Triú Leibhéal le béim ar leith ar chéimithe le Gaeilge.



    7) An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a athbhunú mar fhoras reachtúil le cumhachtaí sainnithe i leith ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí na bpáirtithe leasmhara i gcás foirmithe polasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do phobail Ghaeilge (Roinn 5.1).


    9) Soláthar dóthanach don Ghaeloideachas do phobail uile na tíre a chinntiú agus suímh do scoileanna nua a roghnú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (Roinn 5.3.1).


    10) Siollabas nua don Ghaeilge ó leibhéal na naíonán beaga go leibhéal na hArdteistiméireachta a fhorbairt a chuirfidh san áireamh riachtanais fhorbartha teangeolaíochta cainteoirí dúchasacha, daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus daltaí inniúla Gaeilge eile (Roinn 5.3.2).


    12) Ábhar scoile eile "Saíocht agus Litríocht na Gaeilge" a sholathar (Roinn 5.3.4).


    19) Tógáil Ionad Náisiúnta Oideachais i mBaile Bhuirne a chinntiú (Roinn 5.5).


    23) Dearbhú a chur sa Straitéis go mbeidh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh lonnaithe i ngach mórphobal Gaeltachta (Roinn 6.3).


    26) Ionad Sóisialta Cathrach agus Réigiúnach a bhunú i mBaile Átha Cliath a sholáthróidh café, áiseanna ealaíona agus áiseanna eile a éascóidh gréasán sóisialta a chothú do Ghaeilgeoirí óga (Roinn 6.4).


    29) Bunú gréasáin shósialta trí mheán na Gaeilge don aos óg a spreagadh i gceantair Ghaeltachta (Roinn 6.7).


    30) Feachtas feasachta teanga rialta a shonrú sa Straitéis (Roinn 6.8).


    31) Bunú gréasáin shóisialta trí mheán na Gaeilge don aos óg a shonrú mar thosaíocht sa Straitéis (Roinn 7.2).


    33) Go gcinnteoidh Údaráis Áitiúla go bhfuil gach comhartha bóthair agus comhartha sráide dátheangach agus go bhfuil an Ghaeilge chomh feiceálach, chomh hinfheicthe, agus chomh hinléite leis an téacs i mBéarla (Roinn 7.4).


Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Go raibh maith agat as an eolas sin, Darren. An bhfuil cóip leictreonach den tuarascáil iomlán ann ar an Idirlíon?


  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    Faraor ní dóibh liom go bhfuil... cur scáirt orthu...


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader




  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    GRMA. Cad a cheapann sibh faoin tuarascáil?


  • Registered Users Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Go háirithe, aontaím leis na haidhmeanna seo a leanas:
    - ábhar scoile nua "saíocht agus litríocht na Gaeiilge"
    - ionad sóisialta cathrach agus réigiúnach i mBaile Átha Cliath
    - ionad tacaíochta teaghlaigh sna Gaeltachtaí
    - gréasáin shóisialta trí mheán na Gaeilge don aos óg

    Ní aontaím ar chor ar bith leis an aidhm an Caighdeán a shimpliú. Ach bheadh sé ciallach cúpla simpliú a thabhairt siar chun go mbeidh sé níos feiliúnaí do Ghaeilge Ulaidh.

    Tá fós clubtheach agus áiseanna eile an Chonartha ann i mBÁC. Mar sin, ní gá ach é sin a athchoiriú mar an t-ionad sin. Is géarghá ionad mar sin i gcathair Chorcaí.

    I gceachtanna rialta na Gaeilge, ba chóir an bhéim a chur ar úsaid na teanga sa saol gach lá agus ar an mbun-litríocht. B´fhéidir leis na daltaí an mian leo staidéar ar litríocht mheabhrach na Gaeilge a dhéanamh, an ábhar scoile nua a roghnú.

    Agus ba chóir an Ghaeilge a chur isteach mar ábhar éigeantach ar feach na bunscolaíochta sa Tuisceart.

    Ar chríoch, tá aon easpa ann. Is gá cainteoirí dúchais nua ar fud an oileáin a chothú, ní amháin cainteoirí laethúla.


  • Advertisement
Advertisement