Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Picnic Ráth Chairn

Options
  • 23-07-2010 8:04pm
    #1
    Registered Users Posts: 359 ✭✭


    Picnic Ráth Chairn

    Ag tosnú ag 3.00 i.n
    Tá Picnic Ráth Chairn ar siúl i Ráth Chairn Glas na Mí ar an 24ú Iúil. Féile Lae atá ann, do gaeilgeoirí mór thimpeall na tíre, féile lán de chultúr agus ár dteanga dhúchais. Beidh an pobail Gaeilge a ghlacann páirt san Electric Picnic anseo againn i Ráth Chairn. Is iad Kila & Liam Ó Maonlaí na príomh ceoltóirí chomh maith le bannaí & grúpaí éagsúla eile a bheidh ar stáitse i rith an lae.
    Beidh 5 stáitse , seomra filíochta , seomra scanainn, seomra díospóireachta agus cláir raidió ar siúl i rith an lae. Bheadh sé iontach na h-eagraisí Gaeilge ar fad a fheiceáil ag teacht le cheile chun tacaíocht a thabhairt don fhéile nua Gaeilge seo Ba mhaith le Comharchumann Ráth Chairn cuireadh a thabhairt do d’eagraisí urraíocht a dhéanamh ar ghrúpa nó Bhannaí éigin. Má tá suim agaibh a bheith páirteach sa phicnic glaoigh orainn anseo gan mhoill 046 9432381.

    www.rathcairn.net


    Picnic na Litríochta

    Glan amach an ciseán, cuir tae sa fleasc, déan na ceapairí liamháis a ullmhú agus ná déan dearmad buidéal Country Spring a cheannach mar beidh an fhéile litríochta IMRAM ag déanamh cuairt ar Ghaeltacht Ráth Chairn amárach, Dé Sathairn 24 Iúil don phicnic bhliantúil a bhíonn ar siúl sa cheantar.

    Cuirfear tús leis an scléip agus an spraoi ag a trí a chlog san iarnóin agus ar na haíonna atá deimhnithe don ócáid tá Kíla, Bréag agus Liam Ó Maonlaoí.

    “Beidh deis ag an lucht féachana blaiseadh den chur chuige eicléicteach atá ag IMRAM chun imeachtaí cultúrtha agus liteartha a stáitsiú” arsa Liam Carson. “Canfaidh Liam Ó Maonlaí scata amhrán le Bob Dylan, amhráin a d’aistrigh beirt de na filí is mó sa tír, Gabriel Rosenstock agus Colm Breathnach.”
    Anuas air sin beidh rince ar an sean-nós, ceol clasaiceach, seiteanna agus filíocht le Dairena Ní Chinnéide.

    Beidh an fhéile ar siúl i Ráth Chairn i gContae na Mí. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach Facebook.

    www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=4733

    www.facebook.com/profile.php?id=100001239923227
    26684_106773819373948_100001239923227_51464_3075077_n.jpg


Comments

Advertisement