Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Mo Theicneolaíocht (Bhréagán) Nua!

Options
  • 16-07-2010 3:55pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    Fuair mé bréagán nua inniu nuair a cheannaigh mé ríomhaire glúine nua sárchumhachtach de chuid HP dom féin. Tá mé ar nós páiste agus mé ag súgradh leis. :D Ceann de na gnéithe is mó a thaitníonn liom ná go bhfuil cianrialtán in éineacht leis agus cadhra a mhaireann ar feadh 4.5 uaire. Aon ghléasanna leictreonacha faighte agaibh féin le déanaí a chuireann gliondar ar bhur gcroí?


Comments

  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Ba bhrea liom ríomhaire nua mar bíonn mo cheannsa ag tuairteáil i gcónaí. Is ríomhaire deisce í agus tá sí rómhór, is fearr liomsa ríomhaire glúine nua a cheannach nuair atá mórán airgead agam


  • Closed Accounts Posts: 19 Gaelscoil RT


    *snáithe mícheart*


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cheannaíos ríomhaire glúine nua freisin ar na mallaibh, ACER Aspire 5740. Ach ní shílim go bhfuil sé chomh galánta agus do cheannsa.



    Nuair a chonac an snáth ar dtús cheap mé go raibh tú ar tí a rá gur cheannaigh tú iPad!
    Tá súil agam nach gceannaíonn éinne an seafóid sin.


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Tá ríomhaire glúine nua ceannaithe agam féin le déanaí chomh maith. Maireann an cadhnra 9.5 uair a' chloig!


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Ní mhaireann mo cheallaire ach leathuair anois, tá mo ríomhaire glúine 3 bliana d'aois.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Chuala mé go má fhágann tú do chadhnra istigh i do ríomhaire glúine agus má bhíonn tú á húsáid an t-am ar fad nuair atá sé plugáilte isteach, déanfaidh sé sin damáiste do do chadhnra. Caithfidh tú é a thogáil amach ach amháin nuair atá tú á athluchtú


  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca


    Cheannaigh mé bréagán nua le déanaí ach is bréagán sean-fhaiseanta é a fuair mé ar ebay. Is ceamara é a úsáideann rolla scannáin. Feidhmíonn an ceamara go-maith cé go bhfuil sé 30 bliain d'aois. Úsáideann sé cadhnraí chun an méid solais a mheas ach is féidir é a úsáíd gan cadhnraí freisin.


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Tá sé agam ar feadh roint míonna anois, ach is aoibhinn liom mo ghuthán soghluaiste ar féidir liom dul ar líne leis. :)


  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca


    Stollaire wrote: »

    Nuair a chonac an snáth ar dtús cheap mé go raibh tú ar tí a rá gur cheannaigh tú iPad!
    Tá súil agam nach gceannaíonn éinne an seafóid sin.

    Cén fáth nach dtaithníonn iPad leat?

    Ceapaim go gceannóidh mé dhá iPad - ceann dom féin agus ceann don chat. Féach anseo http://www.telegraph.co.uk/news/newsvideo/weirdnewsvideo/7594243/YouTube-Iggy-the-cat-investigates-the-iPad.html


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    Haha! Is geal liom an físeán sin!
    Ach ní thuigim an iPad.... tá iPod touch agam agus is cosúil domsa nach bhfuil san iPad ach iPod/iPhone mór (ach is breá liom m'iPod!)

    Cheannaigh mise macbook nua cúpla seachtain ó shin agus tá sé go hiontach! Tá sé chomh tapa is chomh álainn sin! (Agus maireann mo chadhnrasa 10 n-uair :D )


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    salamanca wrote: »
    Cén fáth nach dtaithníonn iPad leat?

    Ceapaim go gceannóidh mé dhá iPad - ceann dom féin agus ceann don chat. Féach anseo http://www.telegraph.co.uk/news/newsvideo/weirdnewsvideo/7594243/YouTube-Iggy-the-cat-investigates-the-iPad.html

    Feictear domsa gurb é sin an t-aon ní úsáideach is féidir a dhéanamh leis!


    should-i-buy-an-ipad-15997-1269983869-3.jpg


  • Registered Users Posts: 73 ✭✭imbroglio


    Fuair mé piscín beag bídeach le déanaí - b'fhéidir gur chóir dom iPad a cheannach di! :p

    Chaill mé mo iPod cúpla í ó shin. Tá súil agam go bhfuil sé faoi cheilt in áit éigin sa bhaile. Bheinn ar muin na muice dá mbeinn in ann é a aimsiú! Tá sé beagnach trí bliana d'aois agus ní raibh aon fadhbanna agam leis. Ach, dá mbeadh an t-airgead agam, cheannóinn ceann nua.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Bhí mé ag imirt le hiPad in Currys inniu- tá siad go hiontach ar fad. Teastaíonn ceann acu uaim anois, ach níl an Lotto buaite agam go fóill:(.


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ó dhoirt mé cupán caife isteach i mo Vaio galánta, níl an misneach agam aon bhréagán nua a cheannach:(

    A Ghaeil, cén saghas HP a cheannaigh tú?


Advertisement