Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Oxegen

Options
  • 09-07-2010 11:56am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Is dócha go bhfuil sibh go léir imithe chuig Oxegen don deireadh seachtaine!


Comments

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    craoltoir wrote: »
    Is dócha go bhfuil sibh go léir imithe chuig Oxegen don deireadh seachtaine!

    Tá tú i dtrioblóid anois a chara!
    Ní féidir an focal sin a úsáid anseo, cuireadh cosc orm tráth toisc gur bhain mé úsáid as an bhfocal mallaithe sin.

    Oxegen, Oxegen, Oxegen!!!!!

    Cac, táid ag teacht.....


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Agus ní bheidh mé ag dul, ní chuirfinn an t-airgead amú. Cacamas


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Níl mé ag dul chuige ach a oiread mar ní raibh an t-airgead agam. Cé go bhfuil roinnt mo chairde ag dul. Tá an t-adh leo :(


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Ní bheidh mé ag freastal ar Oxegen in aon chor. Bhí mé ann dhá uair cheana agus is beag an seans go bhfillfidh mé air, cé gur thaitin Electric Picnic go mór liom agus ba bhreá liom filleadh air sin, ach an t-airgead a bheith agam. Beidh mé ag freastal ar fhéile cheoil eile san Ungáir, áfach, darb ainm Sziget. Bhí mé ann anuraidh agus tá mé ag súil go mór le filleadh uirthi.

    Bíonn an fhéile cheoil seo ar siúl ar feadh seacht lá seachas deireadh seachtaine, ach é ar an bpraghas céanna le ticéid Oxegen. Tá an bheoir thar a bheith saor, bíonn an ghrian ag taitneamh gach uile lá agus bíonn na mná go hálainn. Anuas air sin, ní chaitheann na húdaráis leis na custaiméirí ar nós ba feirme agus ní bhíonn aon bhodaigh ann atá ag iarraidh troideanna a thosú ná do phuball a chur trí thine agus iad ar meisce.

    Ní hamháin sin, ach bíonn an fhéile ar siúl ar oileán ar an Danóib i lár Bhúdapeist, rud a chiallaíonn nach gá ach siúl ar feadh 10 nóiméad ón bhféile le bheith i lár na cathrach seo, arb í ceann de na cathracha is áille ar an Mór-Roinn. Mholfainn daoibh dul ann má fhaigheann sibh deis.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Eh... bhí mise ann :o Ná bí ró-crosta liom anois!

    Bhain mé taitneamh as, ach ag an am céanna tá neart ann nár thaitin liom.

    Bhí MUSE thar cionn. Sin an ceann a sheas amach dom, bhí Faithless iontach freisin. Ag an am céanna tá gach rud nigh mé gach rud a raibh agam ansin, agus bhí cith iontach agam. Mothaím saghas glan arís :D


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cliste wrote: »
    Bhain mé taitneamh as

    Ar bhain? dáiríre?
    Abair amach é, níor thaitin sé leat...Ligfidh an fhírinne saor thú, mar a déarfá ;)

    Chonac dreamanna meisceoirí ag teacht ar ais go Baile Átha Cliath oíche Dé Sathairn, iad salach, tuirseach agus fliuch go craiceann. De réir dealraimh thug lucht Oxegen "cead" dóibh a dhul abhaile chun cithfholcadh a fháil agus éadaí a athrú!



    :(


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Faoi mar a thuigim bhí cead acu éalú agus fille am ar bith..

    Riail 8. "No pass-outs will be issued. Holders of camping tickets must exchange them for a wristband, which will allow the wearer to leave and re-enter the festival site."

    Meh, ní tháinig siad réigh don aimsir, níl mórann trua agam chun an fhirinne a rá. Ach caithfidh mé ceistiú na phobal a raibh á díol ag cúpla siopaí. Lig siad isteach chuile píosa uisce a thit orthu!

    Ná bí chomh síos ar an féile, ní raibh tú fiú ann! :D Cloisim go bhfuil Electric picnic níos fearr, agus gcreidfinn é freisin. Ag an am céanna bhain mé sult as Oxegen! Ní áit é do neart daoine (msh más maith leat beidh ghlan) ach is muc mé :D


Advertisement