Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Seirbhís ghutháin phóca ar fáil anois ó An Post

Options
  • 09-07-2010 9:11am
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Tá gutháin phóca ar fáil ó An Post anois. Gréasán nua. Costas 20c an glaoch ar aon ghréasán/9c ar théacs. Muna mbaineann tú morán úsáide as do ghuthán póca is dócha gurb é seo an margadh is fearr?

    Ón taithí atá ag daoine cén comhlucht a bhfuil an clúdach is fearr acu....... Vodafone, Meteor, O2 nó............?

    Féach www.postfone.ie más tá suim agat níos mó eolais a fháil faoi sheirbhís An Post.


Comments

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Deas liom é sin! Sílim nach bhfuil dóthain muiníne ag na mamónna (agus a lán daoine eile, mé féin ina gcomhluadar) chun guthán soghluaiste a cheannach ó a leithéid de Vodafone ná O2; ach cheapfainn nach mbéadh fadhb acu dul síos chuig oifig an phoist chun ceann a fháil. Smaoineamh iontach.


    D'fhéach mé ar an suíomh, ach ní féidir liom fáil amach cén réamh-uimhir (083, 085, 086, 087, etc) a bhéas acu. Bhfuil aon eolais agat faoi seo?


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    craoltoir wrote: »
    Tá gutháin phóca ar fáil ó An Post anois. Gréasán nua. Costas 20c an glaoch ar aon ghréasán/9c ar théacs. Muna mbaineann tú morán úsáide as do ghuthán póca is dócha gurb é seo an margadh is fearr?

    Ón taithí atá ag daoine cén comhlucht a bhfuil an clúdach is fearr acu....... Vodafone, Meteor, O2 nó............?

    Féach www.postfone.ie más tá suim agat níos mó eolais a fháil faoi sheirbhís An Post.

    Deas An Post ag comhlíonadh a dhualgas maidir leis an Acht Teanga a fheiceáil.... NOT!


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    D'fhéach mé ar an suíomh, ach ní féidir liom fáil amach cén réamh-uimhir (083, 085, 086, 087, etc) a bhéas acu. Bhfuil aon eolais agat faoi seo?[/QUOTE]


    Beidh 087 mar réamhuimhir acu. Beidh siad ag úsáid córas Vodafone (faoi mar a úsáideann Tesco córas 02).


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Níl, faraor, dualgas ar An Post eolas a sholáthar i ngaeilge ar an suíomh. Dhein mé gearán cupla uair leis an gCoimisinéir maidir le seo. Níl scéim aontaithe go fóill ag An Post leis an gCoimisinéir. Nuair a bheas beidh sé sonraithe sa scéim cad iad na seirbhísí a chuirfear ar fáil i ngaeilge.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Sea, tá scéim teanga á hullmhú le haghaidh An Post faoi láthair, de réir mar a thuigimse. Beidh sé suimiúil a fheiceáil cé chomh lag nó láidir is atá sé.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Hmmmm, níl siad iontach saor nó aon rud. Go h-áirithe domsa, cé go bhfuil glaochanna 29c dom (20c ó postfone), bainim úsáid as teacsteachtaireachtaí níos mó ná aon rud. Saor dom anois, ach 9c ó postfone. Freisin tá costas 20c ar Glór-phoist ó postfone.

    Muna tosaíonn siad le cúpla rogha preisphlean eile ní beidh mórán éilimh ar an séirbhís nua seo. Beidh sé imithe le postbank...


    Fuair mé Samsung tocco, agus táim ag baint taitneamh as an guthán a úsáid as Gaeilge. Tá neart seirbhísí amach ansin san teanga dúchasach, caithfimid úsáid a baint astu, agus chuirfear a thuile ar fáil. Tá an glór-phoist ann as Gaeilge freisin! :D.

    Tá sé náireach nach bhfuil An Post ag chur an Gaeilge ar fáil freisin...


Advertisement