Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Obair deonach

Options
  • 08-07-2010 4:58pm
    #1
    Registered Users Posts: 359 ✭✭


    An ndéanann éinne anseo obair deonach? Bhí chlár as Gaeilge agam ar Nearfm "Ar Muin na Muice" (tá nascanna do chláracha sa bhfóram seo) agus oibrím le Gorta ó am go h-am. Anois beidh mé ag obair le mo stáisiún raidió pobal áitiúil Phoenix FM i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath. Tá suíomh idirlíon dátheangach don stáisiún ag fhorbairt. Molaim obair dheonach go háirithe le baint leis an nGaeilge.


Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Rinne mé fadó, ach tá mé ag díriú ar mo ghairm bheatha féin anois. Sílim go ndéanann an chuid is mó de ghníomhaithe Gaeilge obair dheonach de shaghas éigin.


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    An ndéanann éinne anseo obair deonach? Bhí chlár as Gaeilge agam ar Nearfm "Ar Muin na Muice" (tá nascanna do chláracha sa bhfóram seo) agus oibrím le Gorta ó am go h-am. Anois beidh mé ag obair le mo stáisiún raidió pobal áitiúil Phoenix FM i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath. Tá suíomh idirlíon dátheangach don stáisiún ag fhorbairt. Molaim obair dheonach go háirithe le baint leis an nGaeilge.

    Ní dhéanaim a dhóthain na laethanta seo caithfidh mé a admháil.


  • Registered Users Posts: 13 stwidgie


    Tá an chuid is mó den oibre deonach a dhéanann mé ceangailte le grúpa éigin neamh-bhrabúsach: an ciorcal comhrá Fraincise, an eagraíocht "cathracha deirfiúracha" (:o?) inár mbaile, ó an tsionagóg. Mar sin, tá mé i mbun cúpla suíomh gréasáin, seinneann mé ceol, agus bím ag bácáil le haghaidh na sosanna tae. Gnáthrudaí in áit gníomhartha gaiscíochta.


  • Registered Users Posts: 174 ✭✭gwjones42


    Mholfainn obair dheonach do dhuine ar bith a bhfuil tuairim aige cén post a ba mhaith leis agus a bhfuil am/ airgead sa bhreis aige ar feadh tamaillín.

    Má tá spéis agat san oideachais agus páistí, bíonn scoileanna náisiúnta i gcónaí sásta glacadh le hoibrithe deonacha san oifig nó fiú sa seomra ranga (bí cinnte go dtéann tú i dteagmháil leis na Gardaí roimhe!). Chaith mé thart ar 6 mhí ag obair go deonach i mbunscoil i mBaile Formaid sular ndeachaidh mé isteach ar an gcúrsa iarchéime le haghaidh múinteoirí bunscoile, agus ní hamháin gur bhain mé an sult as, d'fhoghlaim mé an t-uafás agus ag deireadh an chúrsa (18 mí) bhí se i bhfad níos fusa dom post a fháil i mbunscoil de bharr na nascanna a chruthaigh mé!!


  • Registered Users Posts: 73 ✭✭imbroglio


    Táim ar ais i mo chónaí sa bhaile (Cluain Meala) an samhradh seo agus ní raibh an t-adh liom post a fháil. :o Mar sin, caithim cúpla uair in aghaidh na seachtaine ag obair le Ms. Quin's, an siopa carthanachta agus eagraím ciorcal comhrá na Gaeilge cúpla uair in aghaidh na míosa i gCluain Meala chomh maith! Ach ní dóigh liom gur féidir leat "Obair dheonach" a thabhairt air. Is caitheamh aimsir é, mar bhainim an-sult as!:)

    (Agus beimid ag bualadh le chéile don chéad uair eile ag deireadh na míosa, ar an 28ú lá, sa Common Thread Café, agus tá fáilte roimh cách! :))


  • Advertisement
Advertisement