Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Mo chuid Ghaeilge a chaomhnú?

Options
  • 06-07-2010 6:29pm
    #1
    Registered Users Posts: 130 ✭✭


    táim críochnaithe leis an ardteist anois agus ag an am seo, is maith leis a lán deagoirí an ghaeilge a thréigeadh, ach bhí sé ar intinn agam leanadh léí.
    cad é an slí is fearr chun é seo a dheanamh?
    níl mo chuid ghaeilge faofra ar chur ar bith ach tá an páirt níos measa imithe anois! (an curaclum úafásach!)
    Bhí se ar intinn agam dul sa ghrúpa (society?) san ollscoil b'fheidir, ceapaim go bhfuil 'cumann' an t-ainm ar an ngrúpa i gColáiste na Tríonóide?


Comments

  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Bheadh an rogha is fearr ag glacadh páirt sa grúpa Gaeilge i do ollscoil nua, mar a dúirt tú agus ag glacadh páirt i ciorcal comhrá áitiúil


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    D'fhéach mé ar an nuacht ar TG4 go minic nuair a bhí mé sa chéad bhliain san ollscoil (anuraidh), agus sheol mé teachtaireachtaí chun an áit seo freisin :D. Bhíos ró-leisciúil chun freastal ar cruinní an chumann Ghaeilge i UCC (cé go raibh siad go léir sa teach tabhairne). Níor tháinig feabhas ar bith ar mo chuid Ghaeilge labhartha, ach bhí mo chluas ceart go leor fós. Ar ndóigh, fuair mé post mar cheannaire i rith mí Iúil (táim díreach tar éis teacht abhaile) agus d'éirigh go réasúnta maith liom tar éis bliain iomlán gan staidéar a dhéanamh ar an teanga.


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Tá ciorcal comhrá againn anseo - Má tá seans agat chun an ghaeilge a úsáíd, bheifeá go breá. Tá cumann gaelach mór i gColáiste na Tríonóide, agus déanann siad a lán rud chun an teanga a chur chun cinn.


Advertisement