Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tuairimí - Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste

Options
  • 01-07-2010 5:00pm
    #1
    Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭


    Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste.

    Cad a cheapann sibh faoin nath thuas?

    Is breá liom Gaeilge a labhairt le foghlaimeoirí, is cuma cé chomh bunúsach is atá a gcuid Gaeilge.

    Is breá liom Béarla a labhairt chomh maith: tá áit lárnach aige i m'fhéiniúlacht agus tá meas agam ar an teanga.

    Ach is fuath liom an tuairim gurbh fhearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Ceapaim gur masla é don teanga agus dár sinsir mar go dtugann sé le fios nach teanga chliste í an Ghaeilge agus go mbaineann sé le daoine gan mhúineadh gan oideachas ...


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,501 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Bhuel is dócha go mbraitheann sé ar an gcomhthéacs. Is léir do chách na comhthéacsanna ina bhfuil Gaeilge 'bhriste' níos fearr ná Béarla cliste, suíomhanna oideachais den chuid is mó. Nach sna suíomhanna sin a úsáídtear an frása sin? (Gaelcholáiste, ranganna Gaeilge ar scoil srl.). B'fhéidir nach dtuigim an nath i gceart, ach cheap mé go ndeirtear é nuair gur fearr iarracht Gaeilge a labhairt in ionad Béarla, fiú má labhartar Gaeilge uafásach.

    Ní dóigh liom go dtugann se le fios go bhfuil an Ghaeilge fochaighdeánach mar theanga.


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    dambarude wrote: »
    Bhuel is dócha go mbraitheann sé ar an gcomhthéacs. Is léir do chách na comhthéacsanna ina bhfuil Gaeilge 'bhriste' níos fearr ná Béarla cliste, suíomhanna oideachais den chuid is mó. Nach sna suíomhanna sin a úsáídtear an frása sin? (Gaelcholáiste, ranganna Gaeilge ar scoil srl.).

    Déarfainn gurb amhlaidh, ach is dócha gurb é an focal cliste a chuireann isteach orm. Má tá iarracht á déanamh ag múinteoir a dhaltaí a spreagadh chun Gaeilge a labhairt, agus má choinníonn na daltaí orthu ag caint i mBéarla, cad is fiú idirdhealú a dhéanamh idir Béarla agus Béarla "cliste"?

    dambarude wrote: »
    B'fhéidir nach dtuigim an nath i gceart, ach cheap mé go ndeirtear é nuair gur fearr iarracht Gaeilge a labhairt in ionad Béarla, fiú má labhartar Gaeilge uafásach.

    Sílim gur droch-nath cainte é toisc nach bhfuiltear róshoiléir faoina bhrí.

    Mar mhúinteoir, ní luaim an frása riamh, ach is é a deirim ná gur cuid lárnach den fhoghlaim teanga é earráidí a dhéanamh agus nach cuma go bhfuil earráidí á ndéanamh, ach go ndéantar iarracht éigin na hearráidí a chur ina gceart.


  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Tuigim go n-úsáidtear an frása i gcomhthéacs oideachasúil (d'fhreastal mé ar ghaelcholáiste), agus tuigim chomh maith gur an phríomhfháth go bhfuil cliste ann ná mar go bhfuil rím aige le briste. Ach — an rud nach maith liom faoi — agus é úsáidte i gcomhthéacsanna eile — ná go bhfuil sé ag rá, dar liom, go bhfuil teanga amháin níos fearr ná teanga eile. Íoróin de shaghas éigin ag baint leis, tar éis blianta agus na Galldóirí go léir ag rá nach bhfuil aon fhiúntas ag baint leis an nGaeilge.


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Aard wrote: »
    ... go bhfuil sé ag rá, dar liom, go bhfuil teanga amháin níos fearr ná teanga eile.

    Tá sin fíor chomh maith. Ní maith liom é.

    Thug Jim Cummins caint iontach i gColáiste na hOllscoile le déanaí inar luaigh sé go bhfuil sé míshláintiúil iomaíocht a chothú idir an Béarla agus an Ghaeilge más rud é go bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh Éire ina tír dhátheangach. Cothaítear teannas as an iomaíocht seo agus is é an toradh atá air seo ná go gcuirtear daoine ó dhoras.


Advertisement