Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tomhas

Options
  • 20-06-2010 3:37pm
    #1
    Registered Users Posts: 123 ✭✭


    Droichead ar loch, gan maide gan cloch, agus é chomh mín le scáthán.

    Céard é?


«1

Comments

  • Registered Users Posts: 2,052 ✭✭✭tuisginideach


    Oighear.


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    An-mhaith!

    Teachín beag bán, gan doras nó fuinneog ann, ach é lán le bia.


  • Registered Users Posts: 2,052 ✭✭✭tuisginideach


    Cuisneoir?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Ní hé, tá doras ag cuisneoir, ach b'in a shíl mise ar dtús!


  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Bosca lóin? :confused:


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Ní bosca lóin atá ann, tá doras (cinéal) ar bhosca lóin.

    Leid: ní bhíonn sé bán an t-am ar fad. Beige a bhíonn air go minic.


  • Registered Users Posts: 35 Tenente


    Ubh ? (de chineál eigin)


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Tenente wrote: »
    Ubh?

    Sin é!

    Cuireann tú sa chúinne é, fanann sé sa chúinne agus téann sé timpeall an domhain. Céard é féin?


  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Ríomhaire?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Ní ríomhaire atá ann, ach an-smaoineamh!

    Leid: Conas a rachadh rud éigin timpeall an domhain?


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    gaeilgeboy wrote: »
    Cuireann tú sa chúinne é, fanann sé sa chúinne agus téann sé timpeall an domhain. Céard é féin?

    Bagáiste?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Ní bagáiste atá ann, is féidir bagáiste a thógáil ón gcúinne.


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    Is maith liom an cluiche seo...

    Stampa! (Chuala mé an ceann sin cheana...:D)

    (agus dia dhaoibh a chuile dhuine! Táim nua anseo :cool:)


  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Tá ceathar cos aige sa maidain.Tá dhá cos aige ar ám lón,agus tá trí cos aige um trathnona.

    Ceard é sin?


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    Tá ceathar cos aige sa maidain.Tá dhá cos aige ar ám lón,agus tá trí cos aige um trathnona.

    Ceard é sin?

    Sin tomhas an sfioncs, nach bhfuil? Tá sé sin cloiste agam cheana freisin.... fágfaidh mé do dhuine eile é.


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Tá ceathar cos aige sa maidain.Tá dhá cos aige ar ám lón,agus tá trí cos aige um trathnona.

    Ceard é sin?

    Duine atá ann. Ceithre chos mar leanbh (maidin), chá chos nuair atá siúl aige (am lón) agus trí chos nuair atá sé aosta (trathnóna).

    Cailín beag bán le mullach rua uirthi. De réir mar a théann sí in aois, is ea a théann sí níos lú.


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    Hmm....Tá sé sin an-deacair go deo... an bhfuil leid bheag agat dúinn?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Hmm....Tá sé sin an-deacair go deo... an bhfuil leid bheag agat dúinn?

    Má théann sí níos lú mar a théann sí in aois, ní féidir gur rud beo atá i gceist.


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    Níl barúil dá laghad agam..... leidín bheag eile?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Níl barúil dá laghad agam..... leidín bheag eile?

    Is cineál sean-rud é sin. Tar éis teacht an leictreachais, níor úsáideadh ró-mhinic iad.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    coinneal, an ea?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Crosáidí wrote: »
    coinneal, an ea?

    Go díreach é! Hmm, ceann nua.

    Tagann sé isteach ar dhoim na ndaoine, téann sé amach chomh mín le síoda. Céard é?


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    gual? nó mála guail?


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    aon leideanna agat?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    gual? nó mála guail?

    Go díreach é! Dúradh móin liom mar fhreagra, ach oibríonn gual. Hmm, níl mórán fagtha a'm anois. Aon cheann ag éinne eile agus méag smaoineamh?


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    Céard faoi seo:

    Cá háit a bhfaigheann tú amárach roimh inniu, agus inné eatarthu?


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    San fhoclóir?


  • Registered Users Posts: 82 ✭✭Edinduberdeen


    Sin é go díreach! (Beagáinín ró-éasca, b'fhéidir?)


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Ainmnigh an trí ghalar gan náire.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 123 ✭✭gaeilgeboy


    Ainmnigh an trí ghalar gan náire.

    Tochas, tart is grá, ab ea?


Advertisement