Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An cogadh i bhFine Gael

Options
  • 17-06-2010 3:48pm
    #1
    Registered Users Posts: 780 ✭✭✭


    Is cosúil nach mbeidh toradh ar fáil maidir leis an gcomórtas idir Enda agus Richard go dtí am tae nó níos déanaí!


Comments

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    An bua ag Kenny. Níl a fhios agam cad a cheapaim faoin toradh sin. Tá súil agam nach dhiúltaíonn Bruton a h-áit (ceart) a líonadh ag barr an pháirtí áfach, fiú nach mbeidh sé ina cheannaire.

    Dúradh ar an raidió nach féidir le Fine Gael siúil thar madra ina chodladh gan cic a bhualadh air. Tá fírinneacht sa ráiteas sin!:rolleyes:


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceapaim go mbeidh orthu ceannaire nua a tógáil go luath áfach. Conas is féidir leo seasamh suas mar páirtí láidir atá réigh don tír a ceannasú amach as an cúlú?

    Páirtí an lucht oibre abú! :D


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Caithfidh mé a rá gur bhain mé sult as amaideacht an pháirtí seo neamhFianna Fáil .i. Fianna Gael, le cúpla lá anuas.
    Ach ní thuigim cén fáth go bhfuil páirtí eite dheis eile ag teastáil uainn?
    Tá an ról sin á dhéanamh ag Fianna Fail cheana féin, agus ról seo na nua-liobrálaithe á chomhlíonadh go paiteanta acu.

    Tá gá againn le rogha shoiléir idir chlé agus dheas ó thaobh polasaithe is idé-eolaíochta de, agus mar fhreasúra ceart dúshlánach. Anois tá Páirtí an Lucht Oibre san áit is fearr chun tairbhe a bhaint as, agus b'fhéidir fás a dhéanamh faoin tuath.

    Níl aon chiall dá laghad a bheith ag gearán faoi FF agus ansin a bheith ag vótáil FG isteach nó vise versa. Níl aon difríocht eatarthu.


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Tá ceart agat, a Stollaire
    Tá súil agam go mbeidh Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht an chéad uair eile


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Crosáidí wrote: »
    Tá ceart agat, a Stollaire
    Tá súil agam go mbeidh Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht an chéad uair eile

    Is ionann is cinnte go mbeidh siad i gcumhacht i ndiaidh an chéad olltoghchán eile, ach beidh siad faoi scáth neamhFhianna Fáil (Fianna Gael).
    Níl aon mhaitheas leis sin i ndáiríre óir tarraingeoidh Fianna Gael i dtreo polasaithe eite dheis iad.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Tá muintir na hÉireann ina dúiseacht anois faoi dheireadh agus tá chuilesheans ann go mbeidh an LO ina phríomhpáirtí le Fine Gael ina gcuideachta tar éis an chéad toghchán eile.

    Níl aon pholaiteoir in ann do Eamon Gilmore nó Joan Burton.


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Céard atá a bpolasaithe (LO) i dtaca le Gaeilge?


  • Registered Users Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Crosáidí wrote: »
    Céard atá a bpolasaithe (LO) i dtaca le Gaeilge?

    Go ginearálta ná go mion?

    B'fhéidir seol r-phost chucu mar gheall ar na sonraí faoina gcuid polasaithe?

    Ach tá a fhios agam go bhfuil dearcadh an-dearfa ina leith acu agus go mbeidh an Ghaeilge slán sábháilte faoina gcúram.


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    go ginearálta?

    Chuala mé go raibh uathu Gaeilge le thógáil amach ón "bar exam" anuraidh.
    An bhfuil sé fíor?


Advertisement