Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ag bualadh le Gaelgoirí eile.

Options
  • 09-06-2010 5:00pm
    #1
    Registered Users Posts: 73 ✭✭


    Hi a chairde,

    Táim ag iarraidh rud éigin cosúil le ciorcal comhrá a bhunú i mo bhaile dúchais i rith an tsamhraidh. Go bunúsach, teastaím uaim daoine a bhualadh a bhfuil Gaeilge acu agus imeacht nó dhó a eagrú leo, ach ba bhreá liom comhairle a fháil ó dhaoine - b'fhéidir go bhfuil an rud chéanna déanta ag duine eile.

    'Í an cheist atá agam daoibh ná cad é an bealach is fearr chun na Gaelgóirí a mhealladh amach as woodwork, mar a dhearfá? :p Táim chun fógraí a dhéanamh agus iad a chrochadh sna siopaí agus sa leabharlann. B'fhéidir leathanach Facebook a chruthú chomh maith. Ar fiú é dul i dteagmháil le CnaG nó eagraíocht mar sin de?

    Ní dhearna mé aon rud mar sin riamh, agus mar sin nílim cinnte cad atá i ndán dom! Bheinn fíor-bhuíoch dá bhféadfadh sibhse in ann moltaí/comhairle a thabhairt dom. :)


Comments

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An chaoi is fearr le Gaeilgeoirí a mhealladh amach - ofráil airgead dóibh! Seachas sin tá plean maith agat - bain úsáid as na fógraí saora don phobal sna nuachtáin chomh maith. Má tá aithne agat ar Ghaeilgeoirí i do cheantar, tabhair cuireadh pearsanta dóibh, agus fiafraigh díobh ainmneacha daoine eile a bhfuil Gaeilge acu. Cinnte téigh i dteagmháil le CnaG agus oifigeach Gaeilge sa chomhairle contae má tá a leithéid ann.

    Bheidh go leor oibre i gceist le daoine a mhealladh amach agus níos mó oibre chun é a choinneáil ag dul ar aghaidh. Ach má éiríonn leat grúpa beag seasmhach a chur le chéile, b'fhiú go mór é.


  • Registered Users Posts: 73 ✭✭imbroglio


    Go raibh míle maith agat, a chara! Taitníonn an smaoineamh faoin nuachtán áitiúil liom! Beigh mé i dteagmháil leo.

    Agus tá sé ar intinn agam an Lotto a bhua ag an deireadh seachtaine, mar sin beidh na mílte euro ar fáil dóibh! :D


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    imbroglio wrote: »
    Go raibh míle maith agat, a chara! Taitníonn an smaoineamh faoin nuachtán áitiúil liom! Beigh mé i dteagmháil leo.

    Agus tá sé ar intinn agam an Lotto a bhua ag an deireadh seachtaine, mar sin beidh na mílte euro ar fáil dóibh! :D

    Má tá CnaG i do cheantar tá chuile sheans ann go mbíonn ciorcal comhrá ar siúl cheana.


  • Closed Accounts Posts: 3,677 ✭✭✭deise go deo


    Maith thú

    Cá bhuil tú i do chonaí?
    Taim i ciorcal comhrá i gcathair Port Láirge,
    Is anseo a thosaigh sé.
    Chuir duine fogra suas anseo agus bhuail sé le cheile le cupla daoine chupla seachtain tar eis sin,agus tá sé ar shuil ann gach seachtain ar feadh trí bhlian anois.

    Go n-eirí an t-ádh leat.:)


  • Registered Users Posts: 73 ✭✭imbroglio


    Hi, a chara,

    Táim i gCluain Meala, an gcreidfeá?:) Táim ag éirigh go maith leis - bhí ionadh orm go raibh an méid seo daoine anseo le Gaeilge!

    Níl aon rud socraithe go daingean agam go fóill, mar táim gnóthach faoi láthair, ach tá súil agam go mbeidh grúpa dílis ann gan moill!

    Agus má tá éinne ó Chluain Meala anseo, seol PM chugam! :)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bheadh spéis agat i gCumann Gaelach Chluain Meala mar sin:
    https://cnag.ie/index.php?page=branch&action=view&branch_id=57


  • Registered Users Posts: 73 ✭✭imbroglio


    GRMA, a Stollaire, ach de réir dealraimh tá an Chraobh sin imithe le léig le roinnt blianta anois, sin an fáth go bhfuilim é a athbhunú anois! :)


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    imbroglio wrote: »
    GRMA, a Stollaire, ach de réir dealraimh tá an Chraobh sin imithe le léig le roinnt blianta anois, sin an fáth go bhfuilim é a athbhunú anois! :)

    Maith thú.


Advertisement