Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Leabhair a fhoilsiú i nGaeilge

Options
  • 04-06-2010 9:33am
    #1
    Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,484 Mod ✭✭✭✭


    An bhfuil sé deacair leabhair a fhoilsiú i nGaeilge? Bhí sé i gceist agam le fada leabhair a scríobh, agus ba bhreá liom dá ma rud é go raibh sé as Gaeilge.

    Feicim go bhfuil roinnt mhaith foilsitheoirí ann a chuireann leabhair Ghaeilge i gcló. Conas gur féidir liom cuir i gcuimhne dóibh go ceart mo leabhair a fhoilsiú?

    An bhfuil deontas ar bith le fáil chuige seo? Tá easpa leabhair ar fáil do dhaoine óga nach léann ficsean. Ba bhreá liom an bhearna sin a líonadh.

    Bheinn fíor-bhuíoch as aon eolas ar bith atá ag einne! :)


Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    D'fhéadfá cur isteach ar cheann de chomórtais liteartha an Oireachtais.

    Bheadh Coiscéim ar cheann de na foilsitheoirí is oscailte ó thaobh iarratais ó scríbhneoirí nua. Agus chuala mé go bhfuil Comhar ag smaoineamh faoi leabhair a chur i gcló amach anseo arís ...

    Is cinnte go bhfuil bearna sa mhargadh do litríocht do dhaoine óga, ba cheart go gcuirfí lán-fháilte roimh leabhar dá leithéid.


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,484 Mod ✭✭✭✭dory


    Go raibh maith agat as sin. Níl mórán ann dom is baolach. Ní mhaith liom ficsean, agus is iad gearrscéalta srl atá ann. Aon rud suimiúil ar nós iriseoireacht, tá sé do dhaoine óga an comórtas sin amháin. B'fhéidir go mbainfidh mé triail as an aiste bhitheolaíochta!


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tugann Foras na Gaeilge deontais amach, seo na sonraí teagmhála:

    Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí.
    Guthán: 046-9430419
    Facs: 046-9430420
    Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie

    Go n-éirí leat!


  • Registered Users Posts: 5,371 ✭✭✭Fuinseog


    labhair le Micheal i gClo Iar Chonnachta.
    braitheann se ar go leor rudai m.sh. ar scriobh tu rud eicint fhana?


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Déarfainn go mbeadh seans níos fearr agat le Coiscéim http://www.coisceim.ie/


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 22 2468


    D'fhéadfá cur isteach ar cheann de chomórtais liteartha an Oireachtais.

    Bheadh Coiscéim ar cheann de na foilsitheoirí is oscailte ó thaobh iarratais ó scríbhneoirí nua. Agus chuala mé go bhfuil Comhar ag smaoineamh faoi leabhair a chur i gcló amach anseo arís ...

    Is cinnte go bhfuil bearna sa mhargadh do litríocht do dhaoine óga, ba cheart go gcuirfí lán-fháilte roimh leabhar dá leithéid.

    An bhfuil a fhois ag éinne cén difríocht atá*idir

    a)
    B9 Scéal: Roinn B (faoi 21)
    An chéad duais: €300; an dara duais: €150 Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge & Áras na Scríbhneoirí
    Cuirfidh Áras na Scríbhneoirí ceardlann scríbhneoireachta ar fáil do bhuaiteoirí an chomórtais seo.
    Scéal de 1,500-2,000 focal ar ábhar de rogha an scríbhneora.
    Táille iomaíochta €10.


    agus



    b)
    B11 Aiste nó Gearrscéal: Roinn B (faoi 21)
    Duais i gcuimhne ar Risteard Mac Siacuis, ar Mhicheál de Búrca agus ar Ghearóid Mac Spealáin Faoi choimirce Chomharchumann Íde Naofa
    Duais: €450
    Téama: Oscailte (rogha an scríbhneora). Saothar a bheidh idir 2,500 agus 3,500 focal.
    Táille iomaíochta €10.


    Tuigim go bhfuil difríocht idir líon na bhfocal atá de dhíth ach an bhfuil mórán difríochta eile?
    GRMA


  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Bhuail an fonn mé féachaint an mbeadh mé ábalta ficsean do dhéagóirí (nó daoine fásta) a scríobh.

    Dá mbeadh aon mhaith leis, níl a fhios agam an mbeadh mórán margadh ann dó ar aon nós.

    Céard a cheapann sibh? Ceannóidh gach duine anseo cóip, ár ndóigh. ;)


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,484 Mod ✭✭✭✭dory


    D'fhéarfainn gurb é líon na bhfocal an t-aon difir atá eatarthu 2468. Spriocdáta inniu áfach!

    Civil_liberalis, nuair a bhíos i mbun taighde ar an ábhar seo, s'iad leabhair do dhaoine óga na leabhair is coitianta a fhoilsítear. An fhabhb atá ann, mar a deir mo dhuine thuas, ná go bhfuil gá le rud éigin a bheith foilsithe agat cheana. Bíonn sé deacair ar dhaoine nua. Ach lean leis!


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire




    An scríbhneoir Philip Cummings ag caint faoin Chomórtas Liteartha. Is fiú éisteacht lena bhfuil le rá aige má tá spéis agat i gcúrsaí liteartha trí Ghaeilge.


Advertisement