Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An Tástáil Teoirice Tiomána

Options
  • 31-05-2010 5:12pm
    #1
    Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭


    An bhfuil an tástáil teoirice tiomána déanta ag aon duine trí Ghaeilge?

    Fuair mé an CD-ROM le déanaí agus déanaim tástáil bhréagach gach oíche, ach tá an Ghaeilge go dona ann!

    An raibh na deacrachtaí céanna ag aon duine eile?


Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tá an tiomáint á foghlaim agamsa chomh maith i láthair na huaire agus bhí an Ghaeilge ar a suíomh gréasáin agus sna litreacha a fuair mé uathu go dona. Rinne mé gearán leo agus sheol mé cóip den ghearán chuig an gCoimisinéir Teanga (eolas@coimsineir.ie). Caithfear a bheith i do chancrán nó ní thiocfaidh feabhsú ar bith ar an scéal. Bí cinnte go ndéanfaidh tú an gearán as Gaeilge chomh maith.


  • Registered Users Posts: 2 Roselonda


    Rinne mise an tástáil seo i ngaeilge thart ar 5 blian ó shin. Nuair a chuaigh mé isteach san ionad dúirt an boc liom nar bhfaca se éinne a dhéanamh i ngaeilge roimhe agus mar sin nach raibh sé ábalta treorlínte ar bith a thabhairt domh - rud a dúirt sé a ndeánann sé de gnáth.

    Bhí léir ceisteanna an nar thuig mé, shílfea go raibh siad aistrithe fócal indiadh fhócal le fóclóir B/G. Ní an chineál siad gaeilge a dfoghlaim mise a bhí ann cíbe. Theip orm go h-olc sa scrúdu. Rinne mé and tástáil trí bhéarla cupla seachtain indiadh sin agus ní bfhuair mé ach ceist amháin contráilte.

    Tamall indiadh sin rinne mé gearán leo agus diarr mé orthu an airgead a íoc mé ar an chead tástáil a thabhairt aráis. Sílim gur ag an roinn iompar a sheol mé an gearán. Fuair mé litir uatha ag rá gur ábhar do roinn inteacht eile a bhí ann agus gur sheol siad an litir acusan. Nuair nach bhfuair mé freagra ón scaifte eile, sheol mé litir eile acu. Dúirt siad gur ábhar do roinn difrúil ar fad eile a bhí ann agus go raibh an litir seolta ar aghaidh arís. Indiadh sin sílim go bhfuair an frustrachas an ceann is fearr orm agus nar bhac mé leis níos mó.

    Mar a dúirt me bhí sé tamall measartha ó shin agus níl me 100% cinnte caide'n roinn nó páirt do roinn a bhí mé ag plé leis ag an ám. Indiadh thart ar 6mhí ní raibh móran cuma air go raibh siad ag deánamh tada faoi agus bhí mise tinn ag caint leo!


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Bí cinnte go ndéanfaidh tú gearán leis an gCoimisinéir Teanga an chéad uair eile má tharlaíonn a leithéid duit a riamh arís. Eisean an fear chun béasa a mhúineadh dóibh.


Advertisement