Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Linux as Gaeilge

Options
  • 22-05-2010 9:12pm
    #1
    Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭


    Hey! Bhís ag iarraidh fáil amach an bhfuil mórán daoine a úsáideann Linux as Gaeilge anseo?! (Nó fiú Linux ar chur ar bith!)

    Tá dul chun cinn iontach déanta ag an teanga ó thaobh teicneolaíocht de, msh. tá neart daoine ag úsáid Firefox as Gaeilge anois. Úsáidim Mint, agus tá Gaeilge an teanga roghnaithe agam air, anois caithfidh mé admháil nach bhfuil aistriúcháin uile-cuimsitheach déanta ar an CO..

    An ceart dúinn, mar Gaeilgeoirí áiseanna mar Linux a chur chun cinn mar tá siad le fáil as Gaeilge? (Tá roinnt le fáil ó Microsoft as Gaeilge, ach níl an seirbhís geallta dúinn - ní féidir Windows 7 a fáil as Gaeilge srl. srl.)


Comments

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níor bhain mé triail as Linux go fóill. Léigh mé alt sa PC Live is déanaí agus bhí siad ag rá go dtógann sé chuid maith ama chun é a chur in oiriúint, go gcaithfidh tú déileáil le rud darbh ainm 'The Terminal' agus go mbíonn ort a lán ama a chaitheamh sna fóraim chun freagraí a fháil d'fhadhbanna éagsúla. Agus is é am, thar aon ní eile, nach bhfuil mórán agam de na laethanta seo. Ach sin ráite, má tá Linux le fáil as Gaeilge, bheinn sásta tabhairt faoi. Bhí PC Live ag moladh Ubuntu do thosaitheoirí. An bhfuil tú den bharúil chéanna nó an mbeidh mé níos fearr as le Mint?


  • Registered Users Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    Bhí mé fhéin ag úsáid Ubuntu ar feadh píosa, bhí sé agam mar dual-boot in éindí le XP. Is ar sean lap-top a bhí sé agam (2005), thart ar 1GHz agus 512MB agus ní raibh sé iontach. Ní raibh na na graficí ná fiséan go maith agus tógann sé am chuile pháirt, ar nós an wireless a shocrú suas i gceart. Seans nach raibh drivers ann le na sean páirteanna i mo laptop. Taréis píosa, stop mé ag úsáid Ubuntu uilig. Bhaineann trial as arís mar tá lap-top nua agam, agus bheadh sé go maith do mo chuid obair cleachta a bheidh agam ar Linux. Thrialainn Mint an dara uair.


  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Cuireann linux eagla orm. Tá a fhios agam gur rud maith é den chuid is mó, ach tógadh mé le Windows agus táim sásta leis.

    B'fhéidir go bhainfinn triail as linux nuair a bheidh orm riomhaire nua a cheannach áfach. Is rud an-chostasach é Windows, is níl ach scoláire bocht mé!


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá Linux Mint go h-iomlán bunaithe ar Ubuntu, ach dar liom tá sí i bhfad níos éasca chun úsáid. Tagann sé le chuid mhaith drivers sainceapaithe. Níl Ubuntu sásta iad a chur ar fáil mar aon leis an córas oibriú-cháin mar geall ar dlíthe an Meiriceá agus an t-Seapáin... Mar sin ní féidir féachaint ar youtube gan iosluchtú a déanamh ar Ubuntu, cé go oibríonn sé as an bosca le Mint.

    Ar léir áfach nach bhfuil Gaeilgeoirí boards ag úsáid Linux faoi láthair! :) Nílim anseo chun daoine a mealladh nó a bulaíocht faoi, ach táim ag lorg comhrá faoi ar aon nós!

    Buach pointí Linux:
    • Tá sí saor!
    • Tá sé fíor éasca é a loadáil ar an lap-top. Is féidir thriall a baint as díreach ó CD/DVD/USB.
    • Níl gá frith-víris (anti-virus(?)) a úsáid
    • Níl Gá De-frag(áil)
    • Tá Bainisteoir Bog-earraí, agus má tá tú ag lorg feidhmchláir is féidir é a aimsiú isteach ansin (Níl gá .exe a aimsiú ar-líne. Is bealach slán maith é feidhmchlár a fháil)
    Is féidir neart sa breis a déanamh ar Linux, is aoibhinn liom an áis gur féidir níos mó ná Workspace amháin a beidh agat, freisin níl gá re-boot a déanamh ar. Tá neart le rá freisin faoi bog earraí 'saor' ó taobh rudaí eile.

    Ó taobh an Gaeilge de, obraíonn an aistriúcháin Gaeilge atá déanta ar chuile leagan Linux (Chuile Ceann!) Níl gá fanacht ar ceann iomlán nua mar atá i gceist ó Microsoft (msh) nuair atá XP le fáil as Gaeilge, ach níl leagan eile! Tá alt anseo freisin faoin aistriúcháin


    Droch pointí Linux:
    • Mura bhfuil tú fiosrach níl Linux oiriúnach duit (IMT - I mo thuairim). Bíonn neart fadhb ag baint le Linux. Mar geall ar an saghas Wirreless Card atá agam tá an bealach chun é a réitiú ró-deacair dom, bhog mé an Modem in aice leis an riomhaire, agus táim sásta :).
    • Linux != Windows, Is córas iomlán difriúil atá i gceist ann, tá ort an terminal a úsáid anois is arís, Níl na feidhmchláir céanna le fáil ar Linux.
    • Foghlaim: Bíonn ort foghlaim conas an córas seo a úsáid i gceart. Níl aon C:\ drive anois!
    • Rogha: Tá an iomarca rogha ann ó taobh linux de, féach ar an íomhá seo - liosta na leagan linux atá le fáil, nílim fiú chun caint faoi, ach glac leis go bhfuil neart rogha ann!
    • Is comhluadar í Linux, ní comhlacht. Ní féidir gearrán sa slí céanna (ar dtús mar bhí sé saor in aisce). Níl 'Customer Care' nó aon áis mar sin. ACH tá an t-úfás cabhair le fáil (féach ar an fóram Unix anseo fiú) is féidir ceist a chur suas ar fóram, agus de-gnáth tagann an freagra ar ais (le píosa obair).


    Ar aon nós, má tá ceist eile agaibh, déanfaidh mé mo dícheall é a freagairt! má tá suim agaibh baint triall as live CD (íoslódáil>Cruthaigh iso CD> Chur isteach san tiomáintáin>Reboot agus tá linux agat!


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Níl a lán airgid agam faoi láthair agus mar sin de beidh Linux agam tar éis an macbook seo, tá lucid lynx chomh cosúil le Mac osx ar aon nós.

    Usáidim Firefox (ach b'fhearr liom chrome nó safari anois) agus openoffice as gaeilge.

    Ach tá Canonical agus Ubuntu beagnach "linux" i gnáthcaint anois - cosúil le Google le haghaidh beagnach gach duine.


    ''Níl Gá De-frag(áil)'' - sea mar is 2010 atá anseo anois.


  • Advertisement
  • Moderators, Education Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,953 Mod ✭✭✭✭Moonbeam




  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Sin maith chun cloisteáil a conchubar, ba bhreá liom a thuile daoine a feiceáil ag úsáid bogearraí as Gaeilge. Má tá éilimh ar, chuirfear ar fáil é...
    Ach tá Canonical agus Ubuntu beagnach "linux" i gnáthcaint anois - cosúil le Google le haghaidh beagnach gach duine.

    Mar a dúirt mé, féach ar an pictiúir seo: http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/ed/LinuxDistroTimeline.png/220px-LinuxDistroTimeline.png
    ''Níl Gá De-frag(áil)'' - sea mar is 2010 atá anseo anois.

    Eh.... hmmm:
    Cuardaigh Google "Defragging Linux"

    Cuardaigh Google: "Defragging Windows 7"


    Dia duit a Moonbeam! An ndearna tú aistriúcháin tú féin!?


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Oh sea - ach i gnáthchaint is é Ubuntu an príomh distro de linux. Sin mar atá.

    an céad nasc ''Why doesn't Linux need defragmenting?'' and dara nasc ó ''e-how.com''.

    Windows - bhuel b'fhéidir le windows ach tá nascanna a deireann nach gá le defrag a dhéanamh.

    Ach seo rud difriúl..... ná bac sa thread seo.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Oh sea - ach i gnáthchaint is é Ubuntu an príomh distro de linux. Sin mar atá.

    Molaim duit, agus d'aon duine atá ag smaoineamh faoi thriall, nó úsáid a baint as Linux, chun breathnú tríd na Córas Éagsúil. Ná bac nó glac leis an gnáth rud - Is í an Béarla gnáthteanga an tír, ach anseo atáimid! ;)
    Ach seo rud difriúl..... ná bac sa thread seo.

    Breathnaigh isteach san nasc sin, is é an céad pointe ná na fáth nach bhfuil gá díbhlogh (Defrag) a déanamh ar Linux ach i gcásanna speisíalta


    Táim chun freagra a díriú ar an pointe atá déanta ag Poll: "Léigh mé alt sa PC Live is déanaí agus bhí siad ag rá go dtógann sé chuid maith ama chun é a chur in oiriúint, go gcaithfidh tú déileáil le rud darbh ainm 'The Terminal' agus go mbíonn ort a lán ama a chaitheamh sna fóraim chun freagraí a fháil d'fhadhbanna éagsúla."

    Ar dtús tá díomá orm a leithéid a cloisteáil ó iris ríomhaire mar sin. Ceapaim gur leath den fadhb ná gur scríobh duine le neart eolas faoi Windows (ní ríomhairí) an alt. Níl sé cóir a rá go dtógann sé chuid maith ama a chur in oiriúint.
    • Obraíonn rudaí díreach ón bosca: Tá níos mó 'compatability' ag Linux ná aon córas eile. Má tá printéir agam, níl orm ach é a plugáil isteach - níl gá aon rudaí breise a iosluchtú ach i gcásanna speisialta
    • Réigh chun dul ón bosca: Tagann Mint le gach rud atá uait at tosú suas; Firefox, Open Office, GIMP, srl srl Neart rudaí ó Bainisteoir Torrent chuig cruthaitheoir CD/DVD! Agus mura taitníonn na cinn atá ann leat tá a thuile le fáil díreach ón Package Manager
    • Éasca: Má's féidir liom é a déanamh :P

    Tá fadhbanna le roinnt crua-earraí, ach arís níl sé cóir an locht a chur ar Linux. An fadhb ná nach bhfuil na comhlachtaí sásta driver a cruthú do Linux, níos measa ná sin níl siad sásta an cód a tabhairt amach go mbeidh daoine ábalta Driver a scríobh fiú


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    touché maidir leis do chéad phointe.

    Is aoibheann liom Linux (d'usáid mé cúpla distros) ach b'fhearr liom osx. Ní Fathach mé ;)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Caithfidh mé admháil nár úsáid mé osx ríomh, cloisim gur sár córas é áfach. Ní dóigh liom gur féidir é a úsáid as Gaeilge?


  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Cliste wrote: »
    Hey! Bhís ag iarraidh fáil amach an bhfuil mórán daoine a úsáideann Linux as Gaeilge anseo?! (Nó fiú Linux ar chur ar bith!
    Táim ag baint úsaid as Ububu Lucid Lynx (10.04 LTS) ar ríomhaire atá in úsáid agam chun féachaint ar físeáin den chuid is mó.

    Bíonn sé réidh le himeacht tar éis beagán níos mó na 20 soicind ag rith ar ríomhaire a bhí tachtadh le Vista go dtí seo. Níl córas débhútála agam ach an oiread. Mharaigh mé Vista. :D

    Nil's agam an bhfuil an éileamh ann le haghaidh aistriú a dhéanamh ar dáileachán. Nílim sách compordach in aon chor chun go mbeinn ábalta Linux a láimhseáil i nGaeilge mé féin ar aon nós.

    É sin ráite, níl déanta agam ach VLC, Firefox, Image Viewer agus solitaire a oscailt. :rolleyes:


  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Ní raibh na na graficí ná fiséan go maith agus tógann sé am chuile pháirt, ar nós an wireless a shocrú suas i gceart.
    Den chuid is mó, ní fíor é sin na laethanta seo ar chor ar bith.

    Tá sé suiteáilte ar ríomhaire le cuid mhaith páirteanna neamhchoitianta. Bhain mé triail as cúpla rud a bhíonn ar úsáid agam leis an ríomhaire eile. Printéir, scanóir(10 mbliana d'aois - bhí George Harrison fós beo nuair a cheannaigh mé é.), córas M-Audio ag rith ar USB agus ar ndóigh an ródaire freisin.

    Bhí gach rud ag obair i gceart amach as an bosca. Caithfidh mé a admháil go bhfuil printéir an-choitianta agam agus tá an ródaire céanna ag gach custaiméir eile a bhfuil ag Eircom sa tír.


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Is féidir OSX a úsáid as Gaeilge.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Nil's agam an bhfuil an éileamh ann le haghaidh aistriú a dhéanamh ar dáileachán. Nílim sách compordach in aon chor chun go mbeinn ábalta Linux a láimhseáil i nGaeilge mé féin ar aon nós.

    É sin ráite, níl déanta agam ach VLC, Firefox, Image Viewer agus solitaire a oscailt. :rolleyes:

    Abair liom go úsáideann tú Firefox as Gaeilge ar a laghad! :D

    Dá mbeadh gach Gaeilgeoir ag úsáid na áiseanna éigsiúil atá le fáil as Gaeilge san teanga sin beadh comhluadar teanga iontach ann don teicneolaíocht. Fiú Facebook as Gaeilge - an aistriúcháin iomlán déanta ag daoine a bhfuil spéis acu san teanga!
    Is féidir OSX a úsáid as Gaeilge.

    Oh!? Inis dom a thuile!


  • Registered Users Posts: 6 spoa


    Úsáidím Fedora linux agus féidim cúpla rudaí a dhéanamh trí Gaeilge leis: Firefox,OpenOffice.org ach sin an méid.

    Nuair a deir tú gur féadann tú saghas áraithe de Linux (OSX mar shampla) a úsáid trí Gaeilge an bhfuil tú ag rá go bhfuil an córas iomlán as Gaeilge?

    Táim sásta le Fedora ach más féidir liom leagan de Linux atá iomlán trí Gaeilge ba mhaith liom athrú chuige.:cool:


  • Registered Users Posts: 19 Axolotl


    Cliste wrote: »
    An ceart dúinn, mar Gaeilgeoirí áiseanna mar Linux a chur chun cinn mar tá siad le fáil as Gaeilge? (Tá roinnt le fáil ó Microsoft as Gaeilge, ach níl an seirbhís geallta dúinn - ní féidir Windows 7 a fáil as Gaeilge srl. srl.)

    Ní fhaca mé ar luadh seo cheana ach is féidir pacáiste teangan a íoslódáil do Windows 7, a chuireann Gaeilge ar fhormhór na mbunfheidhmeanna. (Tá sé in úsáid agamsa faoi láthair!)

    Níl sé foirfe, agus is beagán é, ach is fearr beagán ná arán ar bith...


  • Registered Users Posts: 6 spoa


    Bhí an eolas uait faoi nascanna.com ana mhaith. Tá KDE agus Ubuntu molta ar nascanna.com mar saghsanna Linux atá go maith leis an Gaeilge. Ceapaim go bhfuil go leor leor saghsanna eile de linux chomh maith leo. Is féidir liom a rá ó mo thaithí féin go bhfuil Fedora go maith as Gaeilge. B'fhéidir, cad iad na saghsanna Linux nach oireann an Gaeilge?

    buíochas arís


  • Registered Users Posts: 6 spoa


    Bheadh sin go maith. Seo a leanas conas chun Fedora a fháil.

    1. Téigh go dtí fedoraproject.org
    2. Cliceáil ar an nasc Download ar bharr an leathanach
    3. Anois tá cúpla roghanna a fhéadann tú dhéanamh ach níl siad tábhachtach seachas an rogha idir 34-bit agus 64-bit (ag brath ar do ríomhaire).
    4. Beidh ort íomhá .iso timpeall 700MB a íoslódáil agus é a chur ar CD tú féin.
    Go dtí an pointe seo níl aon roghanna maidir le teangacha. Is é nuair a bhútáileann tú do PC nó do notebook leis and CD a chruthaigh
    tú, ansin beidh ort "Gaeilge" a roghnú mar teanga. Tá sé ana léir agus éasca.

    Tá an méid stuif as Gaeilge ag fás ó blian go blian. Anois táim ag léamh beagnach 80% Gaeilge ó mo ríómhaire Fedora ó teachtaireachtaí córais go dtí na menu's i ngach píosa bogearra a úsáidim.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chun an fírinne a rá is féidir aon sórt Linux a úsáid as Gaeilge. Úsáidim féin Linux Mint as Gaeilge (Tá Mint bunaithe ar Ubuntu).

    Caithfidh mé rá gur suíomh iontach atá agat ansin. Tá an meas agam ort, agus ar do iarrachtaí.

    Bhí mé ró-leisciúil mo shuíomh a feabhsú, ach rinne tú gach rud a bhí mé ag smaoineamh ar déanamh!


  • Advertisement
Advertisement