Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Saoire thar lear

  • 05-05-2010 4:05pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭


    Cá bhfuil sibhse ag dul ar saoire i mbliana? Bhí sé beartaithe agam dul chuig an Eilvéis, agus leis an luaithreamhán bolcánach ní bheidh mé ag dul ar eitleán anois agus chuir mé ar ceal é :(

    Tá mé ag cuimhniú ar Irish Ferries agus an Fhrainc anois!


Comments

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Ní bheidh mé ag dul áit éigin chun fíreanna a rá. Taim ag iarraidh airgead a shábháil le haghaidh coláiste. Tá mo chlann go léir ag dul go dtí an Tenerife, mar beidh mo aintín ag posadh ansin. Beidh dlofnep bocht abhaile i mo haonar :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Mór an trua é sin dlof, ach bíonn an aimsir róthe ansin ar aon chuma eh? Well ní dheachaigh mé aon áit seachas Béal Feirste le bliain go leith so tá mé ag bailiú liom!


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Ah shur, b'fhéidir go mbeidh deireadh seachtaine agam sa ghaeltacht.. Braitheann sé is dócha. An raibh tú sa chulturlann i mBéal Feirste? Áit deas é sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bhí sé i gceist ag mise is mo chailín dul go dtí an Ghréig an mhí seo chugainn.

    Mhol mé di gan an tsaoire a chur in áirithint dhá mhí ó shin nuair a d'éirigh sé soiléir go gclisfeadh a ngeilleagar.
    Buíochas le Dia.

    Ní féidir brath ar treo na gaoithe ach an oiread .i. níl deireadh le brúchtadh an bholcáin agus aon am atá ardbhrú os ár gcionn beidh luaithreach san aer agus cosc ar eitilt.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Tá sé níos compordaí taisteal ar bhád ná ar an eitleán ach tógann sé i bhfad níos mó ama.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    dlofnep wrote: »
    Ah shur, b'fhéidir go mbeidh deireadh seachtaine agam sa ghaeltacht.. Braitheann sé is dócha. An raibh tú sa chulturlann i mBéal Feirste? Áit deas é sin.

    Ní raibh a fhios agam go raibh an chulturlann ar an bhfód ag an am! Triallfaidh mé air an chéad uair eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Tá chuile shórt réitithe! Ag dul ar an mbád go dtí an Fhrainc, agus ansin ag dul ar an TGV ó Paris go Geneva - taobh istigh de 3 uaire go leith! Ach beidh mé bánaithe ag costaisí faoin am a chríochnóidh mé..


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    pog it wrote: »
    Tá chuile shórt réitithe! Ag dul ar an mbád go dtí an Fhrainc, agus ansin ag dul ar an TGV ó Paris go Geneva - taobh istigh de 3 uaire go leith! Ach beidh mé bánaithe ag costaisí faoin am a chríochnóidh mé..

    Nach bhfuil fonn ort dul sa tseans agus eitleáin a chur in áirithint? Mura bhfuil sé ag dul gheobhaidh tú d'airgead ar ais nó gheobhaidh tú eitilt eile más mian leat.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Bhail ach oiread leatsa tá drogall orm eitilt ar bith a chur in áirid, mar cá bhfios cá mbeidh an phluid amach anseo agus tá mé ag dul i gceann trí seachtaine.
    Níl sa mbreis ach 80 euro nó mar sin.. rinne mé seiceáil ar na costaisí uilig. Níos mó ama faraor ach is cuma liom, tá mé ag imeacht ón tír!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    An bhfuil barúil acu cá bhfuil a triall anois (.i. an phluid)?
    Ní raibh rabhadh faighte againn go dtí an nóiméad deiridh an iarraidh seo, nach raibh?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    pog it wrote: »
    Tá mé ag cuimhniú ar Irish Ferries agus an Fhrainc anois!


    Má tá tú ag dul go dtí an Fhrainc, ná fan sa Bhriotáin - tá an aimsir ann díreach cosúil le hÉirinn


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Poll Dubh wrote: »
    Má tá tú ag dul go dtí an Fhrainc, ná fan sa Bhriotáin - tá an aimsir ann díreach cosúil le hÉirinn

    Níl mé ag fanacht sa bhFrainc ach go raibh maith agat don rabhadh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    pog it wrote: »
    Níl mé ag fanacht sa bhFrainc ach go raibh maith agat don rabhadh.

    Bhí mise sa Fhrainc an tseachtain seo caite. Den chuid is mó bhí an aimsir te agus grianmhar. Bhí stoirm ann lá amháin, le gaoth láidir agus duilleoga agus sceacha ag eitilt timpeall na háite. Bhí mé in Haute Savoie in aice le teorann na hEilbhéise agus na hIodáile. Ceantar deas le haghaidh siúl sna sléibhte (nó sciáil i rith an gheimhridh).

    Et si tu parles français, c'est beacoup mieux!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá mé in éad leat - níl ach seachtain sa Spidéal beartaithe agam agus tá mé díreach tar éis cloiste ar an raidió gur chaill trá an bhaile a bhrat gorm - iontach!


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Is go dtí an portach a bheidh mise ag dul!

    B'aoibhinn liom éalú ón ngruaim anseo ach ní bheidh sé ag tarlú.

    Bhí an aimsir go dtí seo go maith ar a laghad- ach bhí Mí Mheithimh go maith anuraidh ach thosaigh an bháisteach ina dhiaidh. Tá súil agam nach dtarloidh sé sin arís i mbliana.


Advertisement