Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Irish Essay

  • 19-04-2010 8:18pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 77 ✭✭


    Dia dhaoibh a chairde! Táim i gcúigiú bliain sa mheanscoil! An féidir libh an aiste seo a cheartú?

    Go raibh míle maith agaibh!




    A fhad is a bhí an cat mór ceilteach i mbarr a réime níor chulathas an frása cúlú eacnamaíóchta ar bheola aois óg na hÉireann. Ciorruithe, dífhostaíocht, fadhbanna airgeadais, dól agus imircigh - is beag tuiscint atá ag daoine a rugadh tar éis na bliana 1979 ar na focail sin. Rugadh agus togadh iad in am na flúirse agus ní thuigeann siad saol ar bith eile. Ó thús na bliana 2008, áfach, at taoide na heacnamaíochta ag casadh. Tá an geimhreadh buailte linn ar go leor bealaí - na hoícheanta ag dul i bhfad agus fallaing na fuachta fáiscthe tharainn ag drochscéal i ndiaidh drochscéal faoin euro inár bpocaí.

    Le deich mblian anuas bhí an tír seo ar mhuin ma muice, nó ar mhuin an tíogair. Bhí neart postanna againn, pá ard agus imircigh ag triall orainn ina sluaite. Bhí scolairí óga in ann postanna páirtaimseartha a fháil agus pá brea acu chun a saol sóisialta agus a gcuid siopadóireachta a cheadú agus ár gcuid tuismitheoirí sásta neart airgid a chaitheamh ar ranganna breise agus scoileanna príobháideacha. Chuamar i gcleacthadh ar bhéilí daora, laethanta saoire agus carranna galánta. Bhí an rialtas ábalta deireadh a chur le taillí tríú leibhéal, caitheadh a lán airgid ar infrastruchtúir - ar bhóithre, ar áiseanna spóirt agus siamsaíochta agus ar chúrsaí oideachais. Bhí daoine sásta Fianna Fáil a fhágail i gcumhact le deich mbliana.

    Ach ní bhíonn in aon rud ach seal (wasn't anything but a spell / period of time) agus tá an balún sin pléasctha anois. Thosaigh cúrsaí ag athrú i samhradh na bliana 2008. An chéad rud a tharla ná gur thosaigh géarchéim i gcúrsaí tithíochta sa mhéad is gur thit praghas na dtithe go tubaiste: níl tógálaithe in ann tithe daora a dhíol ná na bainc a aisíoc agus tá an córas baincéíreachta i mbaol dá bharr. Seo iad na bainc chéanna a d'íoc na milliúin lena stiúrthóirí agus a bhí ag mealladh daoine óga morgaistí 100% a ghlacadh. Tá na húineéírí sin i dtrioblóid anois ach tá scéim bharántais curtha i bhfeidhm chun eacnamaíoch na tíre a chosaint. Ach tá fadhbanna airgeadais ag pobal na hÉireann. Tá morgáistí arda acu agus níl sé d'acmhainn ag neart daoine na haisíocaíóchta a dhéanamh. Is léir nach iad an saibhir ná an santach a íocfaidh as a gcuid dearmad féin (it's clear it's not the rich or greedy that pay for their own mistakes).

    Anuas air sin, tá an chosúacht ar an scéal go bhfuil dífhostaíocht i ndán do chuid mhór daoine sa tír seo. Tá póist á gcailliúint san earnáil tógála, san earnáil déantúsaíóchta agus in earnáilna seirbhísí poiblí. Tá líon na ndaoine atá ag clárú le haghaidh an dóil ag ardú la i ndiaidh lae. De réir an Taoisigh Brian Cowen, is dócha go mbeidh timpeall 400,000 duine dífhostaithe ag deireadh na bliana seo. Beidh go leor de na daoine sin ag brath ar chúnamh dífhostaíochta nó sochar sóisialta, rud a chuirfidh go mór le fadhbanna airgeadais na tíre. Gan dabht ar bith, tá deireadh tagtha le ré an ábharchais agus ré an rachmais. Ach an chuid is measa den scéal ná gurb iad na daoine atá ag fulaingt cheana féin a bheidh i gcruachás: seandaoine, daoine le riachtanais speisialta agus daoine ar imeall na sochaí. Is beag a chonaic siadsen den Tíogair flaithiúil ar an nós ach anois is iad is mó a aireoidh uathu é.

    Tá monarchana agus gnóthaí ag dúnadh síos agus tá cuid mhaith oibrithe ag cailliúint a bpostanna dá bharr. ta drochthionchar ag an gcúlú eacnamaíochta ar thionscal na turasoireachta agus ar infheistíoct ó chomhlachtaí móra idirnáisiúinta sa tír seo. ta dochar á dhéanamh ag an gcnagadh creidmheasa (credit crunch) ar ghnóthaí beaga, ar siopaí, ar ostáin, ar bhialanna agus ar gach gné de shaol gnó na tíre de bharr na géarchéime agus de bhrí nach bhfuil airgead le caitheamh ag daoine.

    Tá bóthar achrannach romhainn mar phobal. Deir na saineolaithe go leanfaidh an ghéarchéim eacnamaíochta ar feadh dhá nó trí bliana fiú agus nach bhfuil an chuid is measa di feicthe fó againn. Tá roghanna crua misniúla de dhíth agus de dhíth go géar. Ach tá ceacht ann dúinne fosta. Is fúinne a bheith ciallmhar agus tuiscint éigin a fháil ar chursaí airgid. An gá dúínn fiche péire bróg a cheannach? An dteastaíonn tithe saoire uainn sa Tuirc? Thuas seal thíos seal a deir an seanfhocal agus b'fhéidir nach aon dochar é seal a chaitheamh thíos ag foghlaim céard is tábhachtaí sa saol seo.


Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Níor chaith mé ach súil thapa air, ach ní fheicimse aon bhotún mór ann. Tá cupla botúin déanta agat leis an gcloscríobh, ach sin an méid.

    Is aiste iontach í, ar scríobh tú féin í? Tá sí i bhfad níos fearr ná na cinn leadránacha a fheictear de ghnáth. Maith thú!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    'ar muin na muice' - Gan séimhiú. Tháinig sé sin suas anseo le deireanas.

    MaigheoAbu, An as an Ghaeltacht tú nó cá bhfuair tú do chuid Gaeilge?


  • Closed Accounts Posts: 77 ✭✭MaighEoAbu


    Go raibh míle míle maith agaibh!

    Ar an drochuair, níor scríobh mé an aiste seo, mar níl an t-am agam! D'fhionn mé é ar an idirlíon agus cheap mé go raibh sé go han-mhaith! Ba mhaith liom a bheith cinnte nach bhfuil botúin ann!

    Ní as an Ghaeltacht mé ach is breá liom an teanga agus tá suim mhór agam air!


Advertisement