Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Brúchtadh an bholcáin san Íoslainn.

  • 17-04-2010 1:12pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    An bhfuil Éabhalúig ag cur as d'éinne eile?

    Ba chóir dom a bheith ag dul go Sasana an tseachtain seo chugainn ach feictear domsa anois nach mbeidh sé sin ag tarlú.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    An bhfuil Éabhalúig ag cur as d'éinne eile?

    Ba chóir dom a bheith ag dul go Sasana an tseachtain seo chugainn ach feictear domsa anois nach mbeidh sé sin ag tarlú.

    Níor chuir an luaithreamhán bolcáin isteach orm ar chor ar bith. Bhí díomá orm nach raibh rian den scamall luaithreamháin le feiceáil sa spéir. Bhí cara liom buailte go dona áfach mar bhí turas mistéire eagraithe go dtí áit éigin san Eoraip ag a chailín chun a bhreithlá a cheiliúradh agus bhí uirthi é a chur ar ceal.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Tá sé i gceist agam taisteal go BÁC ó Nice Déardaoin, ach is dócha nach mbeidh an scamall scaipthe roimhe sin. Is cosúil chomh maith go bhfuil brúchtadh beag eile ar maidin tar éis tuilleadh luaithreamháin a sheoladh i dtreo na hEorpa.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Seans ar bith go mbeidh mórán ag teacht nó imeacht as Éirinn, go háitithe anois go bhfuil an tír ina limistéar éilliúcháin.

    Sin ráite tá Met Éireann ag tuar go mbeidh treo na gaoithe ag athrú Dé hAoine nó oíche Déardaoin! Cá bhfios?

    Feicim go bhfuil aertrácht an-ghnóthach ar maidin timpeal na hEorpa!:

    http://www.flightradar24.com/


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tá Dia ar buile le Michael O'Leary.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Gael wrote: »
    Tá Dia ar buile le Michael O'Leary.

    faoi dheireadh thair thall...


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Gael wrote: »
    Tá Dia ar buile le Michael O'Leary.

    Ceapann Mícheál groí gurb é féin Dia. Níor mhaith liom bheith ag iarraidh seicéail isteach ag Geataí Móra Neimhe agus eisean i gceannas.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Is cosúil go bhfuil sé ag brúchtaíl arís - cá bhfuairis an t-ainm Éabhalúig, a Stollaire? Tá sé i bhfad níos fusa le rá ná mar atá an bunleagan, pé scéal é!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Sea, do ghúgaláil mé 'Éabhlúig' nuair a chonaic mé ar dtús é agus ní raibh ach cúpla toradh de air.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Measaim gur tháinig sé as a cheann gaelach féin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    simu wrote: »
    Is cosúil go bhfuil sé ag brúchtaíl arís

    Níor stop sé ag brúchtadh, níor athraigh ach treo na gaoithe agus rialacha na haerlínte i leith luaithreach san aer.
    simu wrote: »
    cá bhfuairis an t-ainm Éabhalúig

    Bhí fuaimniú ar a shuíomh viki nuair a thosaigh an bolcán ag brúchtadh ar dtús, ach feictear domsa anois go bhfuil sé sin athruithe arís.
    Mar sin tá an ceann sin mícheart.

    Tá an sean-fhuaimniú sin le cloisteáil anseo thíos:
    http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/1/10/Eyjafjallaj%C3%B6kull.ogg

    Tá an ceann nua, an ceann ceart sílim, le cloisteáil thíos:
    http://en.wikipedia.org/wiki/Eyjafjallaj%C3%B6kull


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    simu wrote: »
    Is cosúil go bhfuil sé ag brúchtaíl arís - cá bhfuairis an t-ainm Éabhalúig, a Stollaire? Tá sé i bhfad níos fusa le rá ná mar atá an bunleagan, pé scéal é!

    Níl an Ghaeilge deacair mar theanga :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it




  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Éi-dhea-Fé-eatla-Eocuit



    Oighearshruth an tSléibhe Oileánaigh

    ???


  • Closed Accounts Posts: 2,048 ✭✭✭vampire of kilmainham


    Gael wrote: »
    Tá Dia ar buile le Michael O'Leary.

    Ta Dia ar buille leis an saol go leir:mad::mad::mad: ceapainn go bhuil meid go leir dooomed deireadh an saol a' teacht:eek::eek::eek::eek:


Advertisement