Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Caiteachas tomhaltóirí ag méadú?

  • 29-03-2010 1:51pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭


    Tuairisc eile ag maíomh go bhfuil caiteachas tomhaltóirí ag dul i méid cé nach bhfuil feabhas tagtha ar ioncam dhaoine.

    http://www.reuters.com/article/idUSN2924620320100329?type=marketsNews

    Tá daoine fós dífhostaithe, fós scanraithe agus tá siad níos críonna agus bainistíoch lena gcuid airgid. Ní chreidim gur méadú atá ann ar chor ar bith. Spin uilig atá ann. Níl siad ach ag iarraidh daoine a spreagadh chun caitheamh a gcuid airgid arís seachas é a chur i dtaisce. Agus cá bhfios nach dtarlóidh 'dip dúbáilte' amach anseo agus go bhfuil imní mór ar na rialtais faoi sin agus iad ag iarraidh an dallamullóg a chur ar dhaoine arís?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá luach áirithe ar gach rud. Is cuma cé chomh dona is a faigheann sé, beidh daoine sásta na mílte a íoc ar tithe is talamh.

    Bhí tréimhse fada ansin nuair a chuir gach duine gach pingin rua ba féidir leo isteach sna banc (nó faoin leaba dá mbeadh siad níos cliste ;) ) Ach anois tá daoine ag fáil compordach arís. Tá roinnt airgead acu san banc, ach ní fiú gach a bhfuil agat a sábháil. De réir a céile tiocfaidh sé ar ais anseo.

    Is faoin Meiriceá an alt sin, agus is scéal eile an tír sin i mo thuaraim! Ach dála an scéal ní fiú aon airgead a chur i dtaisce má tagann dip dúbailte - deireadh le neart banc má tagann an lá sin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Cliste wrote: »
    Bhí tréimhse fada ansin nuair a chuir gach duine gach pingin rua ba féidir leo isteach sna banc (nó faoin leaba dá mbeadh siad níos cliste ;) )

    Agus cheap muid uilig go raibh siad craiceáilte! Bhí a fhios an chontúirt acu.

    Cliste wrote: »
    Is faoin Meiriceá an alt sin, agus is scéal eile an tír sin i mo thuaraim! Ach dála an scéal ní fiú aon airgead a chur i dtaisce má tagann dip dúbailte - deireadh le neart banc má tagann an lá sin

    Sea is faoi Mheiriceá é ach b'fhearr liomsa bheith ag breathnú ar céard atá ag titim amach ansin!

    Níl muinín agam as an stocmhargadh faoi láthair. Tá méadú thart ar seachtó faoin gcéad tar éis tagtha ar leibhéil ghnáthscaireanna.. níl sé sin ag luí go maith liom. Níl cúrsaí eacnamaíochta ag dul i bhfeabhas an oiread sin..


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Bí cúramach ag rá go raibh méadú 70%, is méadú é sin ar léibhéil i bhfad níos ísile, ní ciallaíonn sé go bhfuil muid amach as an meathlú go fóill.

    Tá sé scanrúil go chuireann cúrsaí eacnamaíocht an Meiriceá isteach orainn. Má téann siad síos, rachaimid leo... :-o


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Cliste wrote: »
    Bí cúramach ag rá go raibh méadú 70%, is méadú é sin ar léibhéil i bhfad níos ísile, ní ciallaíonn sé go bhfuil muid amach as an meathlú go fóill.

    Tá sé scanrúil go chuireann cúrsaí eacnamaíocht an Meiriceá isteach orainn. Má téann siad síos, rachaimid leo... :-o

    Méadú 70% ó Mhárta 2009. Tá sé sin iomarcach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Cuireann sé ionadh orm go bhfeicim an oiread sin carranna a bhfuil '10' ar a gcláruimhir na laethanta seo. Caithfidh nach bhfuil gach duine chomh bocht is a deirtear linn.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Níl rudaí uafásach ar fad ar fad in Éirinn go fóill. Agus tá mé ag ceapadh gurb é sin an fáth nach bhfuil an tír ina raic agus daoine ag déanamh agóide ar na sráideanna- tá bunáite na ndaoine sách deisiúil fós cinnte.

    Ach séard atá i gceist agam ná an titim amach i Meiriceá agus an "quantitative easing" atá ag dul ar aghaidh ansin. Sé sin a chuireann imní orm. Níl an spreagadh airgeadais ag cruthú jabanna nua ansin de réir tuairiscí cé go bhfuil sé ag coinneáil an DOW ag snámh.

    Tá an Fed Reserve ag súil go mbeidh tionchar éifeachtach ag an stocmhargadh (na comhlachtaí a fuair an spreagadh airgeadais) ar an eacnamaíocht, ach mura n-oibríonn sé beidh orthu tuilleadh airgid a phriontáil.


Advertisement