Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Bhur smaointí le bhur dtoil..

  • 29-03-2010 1:21pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭

    Céard go díreach ar mhaith libh a fheiceáil in Gaelscéal nó aon pháipéar Gaelach?

    Ba mhaith liomsa agallaimh le daoine suimiúla a fheiceáil, scríbhneoirí, ealaíontóirí, daoine spreagúla atá gníomhach sa tsaol Gaelach, daoine atá ag obair go laethúil le eagraíochtaí carthanachta, agus mar sin de.

    Ina dteannta sin b'aoibhinn liom má bheadh colúnaí ón réimse na healaíona ag scríobh ann- cosúil leis an úrscéalaí agus scríbhneoir Susie Boyt in Financial Times (http://www.ft.com/arts/columnists/susieboyt ) mar shampla.

    Agus iarracht tabhairt faoi iriseoireacht iniúchach, feachtas leanúnach amháin fiú.. faraor tá go leor airgid i gceist anseo.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Ba mhaith liom altanna a léamh ar chúrsaí teicneolaíochta agus anailís ar chúrsaí polaitíochta. Ní raibh (sean)-Foinse maith go leor sna réimsí sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Idir Gaelscéal agus Nuacht24 déarfainn go bhfuil an dá thrá thuasluaite á bhfreastal

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Tá siad uilig iontach agus anuas air sin beidh siad ag cur leis na haltanna in Gaelscéal amach anseo de réir mar a dúirt an eagarthóir.

    Níl á phlé anseo ach na rudaí is maith le daoine, abair má bhí tú ábalta na píosaí is fearr leat a bheith in aon nuachtán amháin...Thaitin an chéad eagrán de Ghaelscéal liom agus taitníonn Nuacht24 liom. Agus taitníonn iGaeilge liom, agus Nós chomh maith. Is maith liom nuachtáin. Is plé ginearálta é seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 178 ✭✭maupat

    Ba mhaith liom dea-scríbhneoireacht a fheiceáil ar an gcéad dul síos. Is ró-mhinic a fheictear botúin chló i Foinse.

    Chomh maith leis sin ba mhaith liom ailt suas chun dáta ar chúrsaí spóirt a fheiceáil. Cé go mbainim sult as imeachtaí na Gaeltachta a léamh ba bhreá liom tuilleadh anailíse ar mórscéalta an domhain a léamh fosta.

    Chomh maith leis sin bheadh sé an-úsáideach dá bhféadfadh leathanach a bheith ann a thaispeánfadh folúntais san earnáil Ghaeilge.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Céard faoi alt chuile sheachtain ar feadh tréimhse thart ar dhá mhí ina bhfuil foghlaimeoir Gaeilge ag labhairt faoina chuid eachtraí le linn bheith sa Ghaeltacht ag foghlaim Gaeilge. Bheadh sin deas a léamh.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    pog it wrote: »

    Deas agus leadránach!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    maupat wrote: »
    Ba mhaith liom dea-scríbhneoireacht a fheiceáil ar an gcéad dul síos. Is ró-mhinic a fheictear botúin chló i Foinse.

    Chomh maith leis sin ba mhaith liom ailt suas chun dáta ar chúrsaí spóirt a fheiceáil. Cé go mbainim sult as imeachtaí na Gaeltachta a léamh ba bhreá liom tuilleadh anailíse ar mórscéalta an domhain a léamh fosta.

    Chomh maith leis sin bheadh sé an-úsáideach dá bhféadfadh leathanach a bheith ann a thaispeánfadh folúntais san earnáil Ghaeilge.

    An bhfuil tú ag labhairt faoi sean-Fhoinse nó Foinse Nua san Indo?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Stollaire wrote: »
    Deas agus leadránach!

    "Leadránach"? B'fhéidir duitse, ach ní foghlaimeoir núíosach thú!

    Beidh go leor foghlaimeoirí agus tuismitheoirí ag ceannach Gaelscéal. B'fhéidir go mbeadh suim acu ann agus... b'fhéidir go mbeadh seans ann go dtabharfadh siad faoin rud céanna iad féin tar éis é a fheiceáil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    pog it wrote: »
    "Leadránach"? B'fhéidir duitse, ach ní foghlaimeoir núíosach thú!

    Beidh go leor foghlaimeoirí agus tuismitheoirí ag ceannach Gaelscéal. B'fhéidir go mbeadh suim acu ann agus... b'fhéidir go mbeadh seans ann go dtabharfadh siad faoin rud céanna iad féin tar éis é a fheiceáil.

    B'fhéidir é, déarfainn go mbeadh a leithéid níos oiriúnaí in Foinse Nua ná Gaelscéal.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 178 ✭✭maupat

    Stollaire wrote: »
    An bhfuil tú ag labhairt faoi sean-Fhoinse nó Foinse Nua san Indo?

    An dá cheann - bhíodh botúin cló mar aon le botúin litrithe le feiceáil minic go leor.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    http://igaeilge.wordpress.com/2010/04/27/litir-chuig-eagarthoir-gaelsceal/

    Seo píosa ó iGaeilge

    Táim ag athfhoilsiú na litreach seo ó Ghabriel Rosenstock, an t-údar aitheanta, chuig eagarthóir Gaelscéal i dtaca leis an ghearán a rinne mé anseo faoin méid a bhí le rá in Eagarfhocal an nuachtáin sin ar an 16ú Aibreán, 2010, faoi ról an nuachtáin i dtaca le léirmheasanna. Foilsíodh na litreach seo i nGaelscéal ar an 23ú Aibreán. Níl sé ar fáil go fóill ar shuíomh Gaelscéal.
    A chara
    Deir sibh in Eagarfhocal na seachtaine seo caite ‘nach é gnó Gaelscéal é léirmheasanna móra litríochta a dhéanamh’. Cé atá chun é a dhéanamh mar sin? An bhfuil tú cinte nach bhfuil léirmheastóireacht tathagach ar leabhair, ar scannáin, ar dhrámaí, ar an gceol, is ar na healaíona eile, ar chláír teilifíse agus ar chláir raidió ag teastáil ó do chuid leitheoirí.
    An bhfuil tú cinnte go mbeidh an chuid is mó acu sásta le blúiríní beaga eolais ar chuid de na nithe sin a léamh ó am go go ham., bluiríní ar geall le bolscaireacht bhaoth iad seachas anailís ghéarchúiseach. An é sin an dearcadh atá ag lucht maoinithe an pháipéir chomh maith? An sop in áit na scuaibe? Más ea, is bocht an scéal é!
    Saol amú saol gan scrúdú, a dúirt Sócraitéas. A mhalairt atá á rá agatsa: is é atá á rá agatsa ná go dteastaíonn uainne, do chuid leitheoirí, go mbeadh Gaelscéal neamhchriticiúil neamhcheisteach. Cá bhfuair tú an tuairim sin? Nach é an dearcadh sin a d’fhag Éire sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair.
    Is mé agat go buíoch beannachtach
    Gabriel Rosenstock

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2

    hmmmm

    comhar, feasta srl.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    hmmmm

    comhar, feasta srl.

    Well, nuachtán seachtainúil is ea Gaelscéal. Bíonn léirmheasanna agus litríocht á phlé i chuile nuachtán seachtainúil, cibé faoin teanga.. Tuige nach mbeadh in Gaelscéal?

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    Is maith liomsa leis léirmheasanna a bheith i nuachtán. Ina theannta san, bheadh suim agam in agallaimh le scríbneoirí, filí, ealaíntóirí, eolaithe, fealsúnaithe agus daoine eile a dheineann machnamh ar chúrsaí an tsaoil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Ba mhaith liomsa nuachtán gnáth a léamh, cosúil le ghnáthnuachtáin eile i dteanga ar bith eile, seachas foilsiúchán as Gaeilge a pléann cúrsaí na teanga níos mó ná aon rud eile. I mo thuairim féin (agus b'fhéidir go bhfuilim i m'aonar sa tuairim seo) cuireann na meáin cumarsáide Gaeilge an iomarca bhéim ar an teanga féin.

    Tá a fhios agam nach bhfuil ach páipéirí i gceist anseo, ach caithfidh mé a rá go chuireann sé éadóchais orm nuair a fheicim go bhfuil ráiteas gairid ón Aire Gaeltachta (nó rud éigin mar sin) mar cheannlíne ag nuacht TG4 in an aghaidh an scéal faoi NAMA nó cúrsaí idirnáisiúnta a bhíonn ar nuacht Béarla RTÉ. Cinnte ní tharlaíonn sé sin an t-am ar fad, ach ceapaim uaireanta go bhfuil an Ghaeilge níos tábhachtaí dóibh ná an nuacht. Ní aontaím leis an meoin sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Tagaim leat. Ar an taobh eile den scéal bíonn suim ag "gaelgóirí" i scéalta a bhaineann leis an teanga, cé go mbíonn an iomarca béim ar a leithéid sna meáin ghaeilge. Is dócha go bhfuil sé níos éasca a leithéid de scéal a chlúdach ó thaobh agallaimh de. Ag an am céanna d'fhéadfaí a rá go bhfuil a leithéid leisciúl!

    Tá na gnáth spéiseanna ag daoine le gaeilge is atá ag an bpobal go ginearálta.

Advertisement