Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ba mhaith liom eolas le do thoil

Options
  • 02-03-2010 9:31pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 7


    Dia daoibh,

    Cónas atá sibh? Bhuel tá fadhb agam. Bhí mé líofacht nuair a d'fhág mé Ollscoil Maigh Nuad, cúpla blianta ó shin. Ach afách anois, silím nach bhfuil a lán Gaeilge agam. Níl seans agam mo Ghaeilge a chleactadh agus ba mhaith liom leabhar mhaith chun Gaeilge a chleactadh (nathanna cainte agus rúdaí mar sin) agus bhféidir bheidh ranganna Gaeilge atá ag siúl i Mhí???

    Míle Buíochas,
    Bean Uí Cheallaigh.


Comments

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Seo roinnt moltaí chun tús a thabhairt duit:

    Breathnaigh ar TG4
    Éist le Raidió na Gaeltachta
    Léigh Foinse san Indo ar an gCéadaoin
    Léigh ailt Ghaeilge san Irish Times
    Léigh Blaganna ar líne cosúil le igaeilge
    Bíodh páirteach i gclub leabhar ar líne Club Leabhar
    Breathnaigh ar físeáin Gaeilge ar Youtube

    Ranganna/Ciorcail Comhrá
    Cúrsaí oíche sna Meánscoileanna áitiúla
    Téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Gaeilge/Oidhreactha sa Chomhairle Contae
    Téigh i dteagmháil le Conradh na GaeilgeGlór na nGael
    Déan seiceáil ar an mbunachar ar gaeilge.ie
    Téigh ar laethanta saoire chuig Oideas Gael
    Téigh go dtí Club Sonas

    Agus tá do Ghaeltacht féin i gCo. na Mí - Ráth Cairn


  • Closed Accounts Posts: 7 meathette


    Go raibh maith agat Poll Dubh. An bhfuil leabhar maith le fáil chun Gaeilge a chleactadh?


  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Mholfainn Turas Teanga duit. Is maith an leabhar é agus tá sé leabhar le haghaidh meánleibhéil agus is féidir leat na CDs agus na DVDs a fháil chomh maith.
    Tá go leor ceachtanna ann. Bainim taitneamh as, den chuid is mó


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Aontaím le Crosáidí, tá Turas Teanga go maith. Ba chóir duit é a fháil i leabharlann chun triail a bhaint as sula gceannaíonn tú é le bheith cinnte faoi - cosnaíonn sé timpeall €30.

    Ní bhainim féin mórán úsáide as a leithéid i ndáiríre. B'fhearr liom féin cleachtadh a fháil as postáil a dhéanamh as Gaeilge ar fhóraim mar seo agus ag breathnú ar leabhair ghramadaí mar is gá.


  • Registered Users Posts: 35 Tenente


    "Téigh go dtí Club Sonas"

    An bhfuil Club Sonas ar súil gach seactain nó data rialta gach míosa?
    Níl aon fogra nua suas ar a suíomh idirlíon ó roimh Nollaig. Agus tá mé ag lorg deisanna soisialta mo chuid Gaeilge a labhair. (Mó chuid Gaeilge beag).

    Níl as Baile Atha Cliath mé ach beidh me i an priomh cathrach an deireadh seactaine seo chugainn agus má fios ag aon duine faoin aon oiche amach trí Gaeilge i cosúil le Club Sonas b'fhéidir chuirfeadh sibh eolas suas.

    Go raibh maith agaibh.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tenente wrote: »
    "Téigh go dtí Club Sonas"

    An bhfuil Club Sonas ar súil gach seactain nó data rialta gach míosa?
    Níl aon fogra nua suas ar a suíomh idirlíon ó roimh Nollaig. Agus tá mé ag lorg deisanna soisialta mo chuid Gaeilge a labhair. (Mó chuid Gaeilge beag).

    Níl as Baile Atha Cliath mé ach beidh me i an priomh cathrach an deireadh seactaine seo chugainn agus má fios ag aon duine faoin aon oiche amach trí Gaeilge i cosúil le Club Sonas b'fhéidir chuirfeadh sibh eolas suas.

    Go raibh maith agaibh.

    Bhí siad i gcónaí go hainnis ag coinneáil an suíomh suas chun dáta, ach bhí an club ar siúl go rialta. Ach b'fhéidir go bhfuil sin athraithe anois agus an maoiniú a bhí le fáil le haghaidh ócáidí mar seo ag dul síos. Molaim duit ríomhphost a sheoladh chucu ar aon chaoi.

    Seachas sin, is féidir leat dul isteach Club Conradh na Gaeilge ar Sráid Fhearchair nó os rud é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl b'fhéidir go mbeidh rud éigin suimiúil duit ar snag.ie.

    I mo thaithí féin níl sé éasca ar chor ar bith deiseanna a aimsiú chun Gaeilge a labhairt ach tá súil agam go mbeidh an t-ádh leat.


Advertisement