Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Teanga na hÉilíte

  • 11-01-2010 4:07pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Ó theanga na mbochtán go dtí teanga na scothaicmí.

    Tá taighde nua déanta ag ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh ag taispeáint go bhfuil oideachas níos fearr ag Gaeilgeoirí, agus seans níos fearr go mbeadh poist acu chomh maith.
    Seo an saghas mothúcháin ginearálta agus íomhá a bhí ag teastáil go géar ag an Ghaeilge.
    Rachaidh na mothúcháin seo i bhfeidhm go mór ar Éireannaigh sa bhfadtéarma ó thaobh conas a bhraitheann siadsan i leith na Gaeilge. Fás na Gaeilge is ea an toradh.

    Pobalbhreith inniu ar shuíomh an Irish Times ina leith. Cad é bhur mbarúil.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Mar a dúirt mé sa thread eile - is é dhátheangachas an fáth, níl sé aon rud speisialta maidir le Gaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Chuir an alt sin mé ag smaoineamh faoin gcaighdéan oideachais agus fostaíocht atá againn anseo. An bhfuil níos mó daltaí ollscoille nó dlíodóirí agus cúntasóirí i dTeach na nGealt ná in After Hours?

    Ní dóigh liom go bhfuil, ach ag an am céanna caithfidh mé a rá nach bhfuil clue ar bith agam i ndáiríre.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chuir an alt sin mé ag smaoineamh faoin gcaighdéan oideachais agus fostaíocht atá againn anseo. An bhfuil níos mó daltaí ollscoille nó dlíodóirí agus cúntasóirí i dTeach na nGealt ná in After Hours?

    Ní dóigh liom go bhfuil, ach ag an am céanna caithfidh mé a rá nach bhfuil clue ar bith agam i ndáiríre.

    Is dócha go bhfuil chun an fhirinne a rá. Ach ag an am céanna is mí úsáid ollmhór é do staitisticí.

    Mar a dúirt conchubhar thuas, is iad duine ilteangach iad na scoláire is fearr. Ní beidh ionadh orm dá mbeadh an cás céanna nó fiú níos fearr do daoine ilteangach le Béarla agus Fraincis mar shampla

    Anois chun bheidh píosa neamh 'PC' (Nó, ó focal.ie: ag teacht salach ar na tuairimí 'cearta' poiblí [agus cuireann siadsan an '' isteach :) ])

    Ar dtús báire, má's 'Gaeilgeoir' thú, ciallaíonn sé sin (is dócha) go rinne tú d'ard theist. (Ní beidh caighdeáin/Muinín ard ach ag na daoine a rinne tréibhse fada ag staidéar an teanga)
    Ansin, is féidir na imirce a tógadh ón liosta (Ach amháin an laoch Yu-Ming ;) ).

    (Glacaim go bhfuil dochtúirí, agus neart atá fostaithe i gairm sna lucht lúite thuas, ach go ginearálta ní h-iadsan na bainisteoirí.)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Má leanaim ar aghaidh leis an nGaeilge beidh mé saibhir, wú hú! Agus níos fearr fós ní gá dom í a labhairt arís ina dhiaidh sin - ní nach ionadh go bhfuil na gaelscoileanna lán go doras.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chuir an alt sin mé ag smaoineamh faoin gcaighdéan oideachais agus fostaíocht atá againn anseo. An bhfuil níos mó daltaí ollscoille nó dlíodóirí agus cúntasóirí i dTeach na nGealt ná in After Hours?

    Ní dóigh liom go bhfuil, ach ag an am céanna caithfidh mé a rá nach bhfuil clue ar bith agam i ndáiríre.

    Ní dóigh liom ach an oiread. Agus is cuma má tá aon bhunús leis an taighde déanta ag na hollscoileanna. Is í íomhá nua na teanga an rud is tábhachtaí anseo má thuigeann tú leat mé.
    Céad go leith bliain ó shín tharla an t-iompú teanga is mó sa tír seo. Tharla seo mar geall ar an íomhá a bhí ag baint leis an nGaeilge, agus an smaointeoireacht go mbeadh daoine thíos ina saol dá mbeadh an Ghaeilge acu. Bhí an smaointeoireacht sin fós beo in Éirinn go dtí le déanaí, d'fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil sé ann fós i measc daoine áirithe.

    Le cúpla bhliain anuas tá an smaointeoireacht seo théis casadh 180 céim a dhéanamh. Níl uainn anois ach Roinn Oideachais nach bhfuil go hiomlán naimhdeach in aghaidh na teanga.


  • Advertisement
Advertisement