Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Cómhrá Sacair

  • 11-01-2010 02:40PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭


    Tá a fhios agam, tús curtha le snátha spóirt eile ag an t-amadán... :rolleyes:

    Ar aon nós, caithfidh go bhfuil roinnt Gaillimhigh anseo... an bhfaca sibh gur tugadh post an bhainisteora do Sean Connor ag Gaillimh Aontaithe?

    Sin ceapachán an-mhaith i mo thuaraim, ach beidh séasúr crua amach roimhe, gan mórán airgead le caitheamh aige...

    Beidh TG4 ag déanamh tuairisc gearr ar an bpreasagallamh atá socraithe le haghaidh an 3pm inniu.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tusa an Gaillimheach amháin déarfainn!

    Maidir le ceapacháin Connor, is rud maith go bhfuilid ag tabhairt conradh 3 bliana dó. Anois beidh seans níos fearr aige cúrsaí a fheabhsú cois na Gaillimhe.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Tá beirt fir tugtha isteach aige a ceapadh chun atógáil a dhéanamh ar struchtúir an chumainn.

    Bhí an ceangal idir Ghaillimh Aontaithe agus an phobail briste le blianta fada anuas. Bhíodh foirne faoi-aois an chlub ag bualadh an cac as gach duine eile i gcontae na Gaillimhe agus go náisiúnta. Is cuimhin liom foireann amháin a bhí le chéile ar feadh na mblianta, ón grád is óige suas chuig faoi-18. Níor cháil siad oiread agus uair amháin i sraith an chontae nó sna cupáin náisiúnta taobh istigh de tréimhse 2 séasúr ag am amháin.

    B'iad na imreoirí is fearr a bhí againn ná na leaids a tháinig suas tríd na grádanna.


  • Closed Accounts Posts: 6 VStrom


    Is Boheimeach mise. Ni raibh muid míshasta nuair a d'fhag Sean Connor Dalymount, agus nior fhan sé tamall fada i Dun Dealgan


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Tá athruithe iontacha ag tarlú faoi láthair cheanna féin.

    Ní raibh struchtúr againn faoin foireann sinsearach le 7 nó 8 go bhlianta, seachas na foirne san A League agus faoi-20 a bhí ann le cúpla bliain.

    Tá sé ráite ag Connor gur é sin ceann de na príomhaidhmeanna atá aige, club a chruthú i nGaillimh arís, seachas amháin foireann a imríonn i Terryland gach coicís.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    VStrom wrote: »
    Is Boheimeach mise.

    Ráflaí ann go bhfuil John Russell ar an mbealach chugaibh chun áit Gary Deegan a líonadh. Sin imreoir eile goidte agaibh uainn... :rolleyes:


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 6 VStrom


    Aontaím leat gur imreoir iontach é Gary Deegan. Bhí se an-tabachtach dúinn an bliain seo caite. An gcuimhin tú an raibh se i Shelbourne le Pat Fenlon cúpla bliain ó shin. Níl mé chinnte ach measaim go raibh.


Advertisement