Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Forc agus Scian ag dinnéar?

  • 08-01-2010 12:49PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Ceist dháiríre:

    Cén chaoi a n-úsáideann tú d'fhorc agus scian ag an mbord?

    Forc ar an gclé agus scian ar dheis nó vice versa?

    An forc bunoscionn agus bia curtha ar a bharr? nó vice versa.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cloím le béasaíocht go docht.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Hanamandiail - forc ar clé i gcónaí. An bhfaca tú a mhalairt riamh?

    Ag ithe: forc leis na bioranna casta síos - stíl na hEorpa.
    leis na bioranna casta suas - stíl na bPoncán


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Míshásta wrote: »
    Hanamandiail - forc ar clé i gcónaí. An bhfaca tú a mhalairt riamh?

    Ag ithe: forc leis na bioranna casta síos - stíl na hEorpa.
    leis na bioranna casta suas - stíl na bPoncán

    Muise a V, chonaic! Go minic, leis!
    Nach mbainim féin úsáid as an lámh dheas chun an forc a láimhseáil i gcónaí.
    Na bioranna casta suas freisin, mar bharr ar an donas, 'dheabhail.

    Níor tógadh i gceart mé is dóigh, agus mise dall ar nósanna na móruaisle...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Cloím le béasaíocht go docht.

    Rinne mé iarracht amhlaidh a dhéanamh le déanaí, ach ní féidir liom . Tá rud éigin cearr le mo lámh chlé, sílim, nuair nach dtig liom an forc a láimhseáil (bioranna síos) léi.

    Táim amhail páiste ag foghlaim na béasaíochta don chéad uair


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Má táim ag an mbord ag ithe béile le daoine eile, ag baint úsáid as forc agus scian, bíonn an forc i mo láimh chlé agam agus an scian sa láimh deas. Bíonn an forc bun os-cionn agam freisin.

    Má táim ag ithe rud éigin ar nós pasta ós comhair na teilifíse, bainim úsáid as an forc i mo láimh deas amháin.

    Tá sé seo cosúil le ceist a chloisfí i "Nead an Chuach" http://boards.ie/vbulletin/forumdisplay.php?f=483

    :D


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Má táim ag an mbord ag ithe béile le daoine eile, ag baint úsáid as forc agus scian, bíonn an forc i mo láimh chlé agam agus an scian sa láimh deas. Bíonn an forc bun os-cionn agam freisin.

    Má táim ag ithe rud éigin ar nós pasta ós comhair na teilifíse, bainim úsáid as an forc i mo láimh deas amháin.

    Tá sé seo cosúil le ceist a chloisfí i "Nead an Chuach" http://boards.ie/vbulletin/forumdisplay.php?f=483

    :D

    An mbíonn sé ort na huirlisí a bhabhtáil go minic mar sin?
    Ní luíonn forc sa lámh chlé/bioranna síos le ciall nó réasúin.
    Tá an cuma air gur tháinig tiarna nó rí Sasanach insíolraithe suas leis an nós, i mo thuairim.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Stollaire wrote: »
    An mbíonn sé ort na huirlisí a bhabhtáil go minic mar sin?
    Ní luíonn forc sa lámh chlé/bioranna síos le ciall nó réasúin.
    Ní thuigim go díreach cén pointe atá dhá dhéanamh agat?

    Má tá an dá uirlis in úsáid agam bíonn an forc agam ar chlé agus an scian i mó láimh deas. Ní mhothaíonn sé nádúrtha an scian a bheith i mo láimh clé.

    Nuair nach bhfuil agam ach an forc, bíonn sé sa láimh deas agam, mar go bhfuil mé deaslámhach...

    Nach ndéanann sé sin ciall?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Poll Dubh wrote: »
    Cloím le béasaíocht go docht.

    Caithfidh mé admháil - úsáidim an stíl Meiriceánach :o

    An bealach is tapaigh bia a fáil ón pláta chuig m'bholg!


Advertisement