Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Aistritheoirí agus an Earnáil Dheonach

  • 27-12-2009 3:34pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭

    Tuigimid ar fad na hargóintí i gcoinne Acht na dTeangacha Oifigiúla, sé sin go bhfuil costas breise ar an Stát anois nach raibh ann roimhe seo. Ach buntáiste amháin a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla is ea go bhfuil borradh faoi earnáil an aistriúcháin Ghaeilge faoi láthair, a bhuí le Córas Creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge i measc rudaí eile.

    An aontaíonn sibh gur mhaith an rud é an earnáil seo a úsáid ar bhealaí eile, mar shampla cabhair a thabhairt d'eagraíochtaí deonacha ar nós Cumann Ailse na hÉireann agus an Cumann Lúthchleas Gael a n-ábhar (bróisiúir, suímh Idirlín &rl) a aistriú go Gaeilge, agus an obair seo a dhéanamh go deonach mar a dhéanann daoine gairmiúla eile?

    Bheadh buntáistí ann do na heagraíochtaí deonacha agus don Ghaeilge ... Níl ann ach smaoineamh!

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Dar liom b'fhearr dá n-úsáidfeadh an t-airgead i gcomhair rudaí eile, mar shampla oideachas nó sláinte. Is am amú iad an chuid is mó dóibh. Leathanaigh i ndiaidh leathanaigh do rudaí nach léann daoine agus níl gá leo i ndáiríre mar thádar ar fad ann as Béarla ar aon nós. Ní léann ach fíor-bheagán daoine na cáipéisí seo as béarla fiú.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dolliemix wrote: »

    Níl mé ag iarraidh sin a phlé sa snáithe seo. An cheist a chuir mé ná:
    An aontaíonn sibh gur mhaith an rud é an earnáil seo a úsáid ar bhealaí eile, mar shampla cabhair a thabhairt d'eagraíochtaí deonacha ar nós Cumann Ailse na hÉireann agus an Cumann Lúthchleas Gael a n-ábhar (bróisiúir, suímh Idirlín &rl) a aistriú go Gaeilge, agus an obair seo a dhéanamh go deonach mar a dhéanann daoine gairmiúla eile?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Mar sin - ní hea. Tá i bhfad níos mó rudaí práinneacha ag teastail i láthair na huaire. Agus dá gcuirfidís aan t-airgead isteach ann go hoifigiúil sa chóras sláinte mar shampla ní bheidh an méid sin gá leis na heagraíochtaí deonacha, atá ann don chuid is mó mar níol corás an Rialtas ag obair i gceart.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dolliemix wrote: »
    ... dá gcuirfidís aan t-airgead isteach ann go hoifigiúil sa chóras sláinte mar shampla ní bheidh an méid sin gá leis na heagraíochtaí deonacha, atá ann don chuid is mó mar níol corás an Rialtas ag obair i gceart.

    Ní hé sin an rud atá mé ag iarraidh a phlé anseo.

    I bhfocail eile, nach mbeadh sé go hiontach d'eagraíochtaí deonacha ar nós Cumann Ailse na hÉireann agus an Cumann Lúthchleas Gael dá mbeadh aistritheoirí sásta obair dheonach a dhéanamh dóibh chun go mbeadh a thuilleadh ábhair ar fáil i nGaeilge, agus nach mbeadh sé go hiontach dá mbeimis ábalta an meon seo a chothú i measc aistritheoirí?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    ok tuigim anois

    Ní aontaím leat. Cé hiad na daoine a bheas ábalta é seo a dhéanamh go deonach? Is daoine profisiúnta aistritheoirí agus ba chóir go bhfaigheann siad íoc as a gcuid scileanna. Agus níl gá leis ar aon chaoi dar liom. Le rudaí ar nós ailse agus mar sin de tá oibritheoirí deonacha ag teastail i gcaomhair rudaí atá níos práinní.

    Go ginéaralta ní aontáim leis an méid páipéir agus ama atá ag dul amú ar aistriúcháin Ghaeilge agus mar sin ní dóigh liom gur rud tábhachtach é go mbeadh daoine ag aistriú rudaí nach bhfuil gá leo

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dolliemix wrote: »
    Cé hiad na daoine a bheas ábalta é seo a dhéanamh go deonach? Is daoine profisiúnta aistritheoirí agus ba chóir go bhfaigheann siad íoc as a gcuid scileanna.

    Na daoine céanna a aistríonn bogearraí go Gaeilge go deonach, bogearraí ar nós Open Office agus Mozilla Firefox. Aistríonn siad na bogearraí ar dhá chúis i mo thuairim: (i) ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn agus an teanga a bheith feiceálach, agus (ii) ar mhaithe le rogha a thabhairt don phobal idir bogearraí na gcomhlachtaí móra (Microsoft mar shampla).
    dolliemix wrote: »
    Agus níl gá leis ar aon chaoi dar liom. Le rudaí ar nós ailse agus mar sin de tá oibritheoirí deonacha ag teastail i gcaomhair rudaí atá níos práinní.

    Níl sé ar mo chumas agam cártaí crannchuir a dhíol do Chumann Asma na hÉireann. Agus níl na scileanna eolaíochta agam taighde a dhéanamh ar a son ach an oiread. Tá daoine eile ann leis na scileanna sin. Ach tá mé fós ag iarraidh cabhrú leo. Tá scileanna aistriúcháin agamsa agus ba mhaith liom iad a úsáid ar mhaithe le Cumann Asma na hÉireann.

    Ba mhaith liom cabhrú leo ar bhealach atá níos oiriúnaí domsa faoi láthair. Má chabhraím leo a mbileoga a aistriú go Gaeilge, beidh cuma níos fearr ar an eagraíocht mar eagraíocht a bhfuil suim aici i leas an phobail agus na tíre.
    dolliemix wrote: »
    Go ginéaralta ní aontáim leis an méid páipéir agus ama atá ag dul amú ar aistriúcháin Ghaeilge agus mar sin ní dóigh liom gur rud tábhachtach é go mbeadh daoine ag aistriú rudaí nach bhfuil gá leo

    Cén gá atá leis an teanga i do thuairim? An bhfuil tú ag iarraidh go mbeadh Éire ina tír dhátheangach?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Is é mo thuairim sin an méid. Is iontach é dar liom go bhfuil daoine ag obair go deonach le Microsoft mar is é an chaoi if fearr chun an teanga a chur chun cinn ná áiseanna nua-aimseartha a bheith ar fáil.

    Is iontach an rud é dá ndéanfá é ach dar liomm ní bheidh a leitheid d'éileamh air. Chuir tú ceist orm agus sin mo thuairim. Is cuma faoin tuairim atá agam faoi thír dhátheangach. Is ceist eile í sin

    Ar aon nós beidh an tír seo i gcónaí dátheangach fad is a mhairfidh mé féin mar tá an Ghaeilge agam!

    É sin ráite - ceannóidh mé cinnte cartaí crannchuir as Gaeilge má fheicim éinne á ndíol :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dolliemix wrote: »
    Is é mo thuairim sin an méid. Is iontach é dar liom go bhfuil daoine ag obair go deonach le Microsoft mar is é an chaoi if fearr chun an teanga a chur chun cinn ná áiseanna nua-aimseartha a bheith ar fáil.

    Is iontach an rud é dá ndéanfá é ach dar liomm ní bheidh a leitheid d'éileamh air. Chuir tú ceist orm agus sin mo thuairim. Is cuma faoin tuairim atá agam faoi thír dhátheangach. Is ceist eile í sin

    Ar aon nós beidh an tír seo i gcónaí dátheangach fad is a mhairfidh mé féin mar tá an Ghaeilge agam!

    É sin ráite - ceannóidh mé cinnte cartaí crannchuir as Gaeilge má fheicim éinne á ndíol :)

    Sin ceart go leor! Do thuairim - agus tuairim daoine eile - atá uaim! Níor mhaith liom tabhairt faoin iomarca obair dheonach mura gceapaim go bhfuil fiúntas an-mhór leis agus tá mé ag iarraidh a chloisteáil ó dhaoine eile cad é a cheapann siadsan faoi ar dtús!

    Maidir le tír dhátheangach, nach gceapann tú gurbh fhiú ábhar a aistriú go Gaeilge más í an tír dhátheangach ár sprioc?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Ní hea an sprioc atá agam. Tá sé suas le daoine féin más maith leo an Ghaeilge a labhairt nó nach maith leo. Ach más rud é go mba mhaith linn go mbeadh Gaeilge ag an gcéad ghlúin eile (agus sin an rud is tabhachtaí maidir le teanga), ba chóir rudaí a oireann dóibhsean a chur ar fáil - Cluichí, áiseanna nua- theicneolaíochta, suímh idirlín, cláracha agus scannáin ar chaighdeán na ndaoine óga sin seachas cáipéisí a bhaineann leis an Rialtas agus sonraí oifigiúla do dhaoie fásta.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dolliemix wrote: »
    ... Ach más rud é go mba mhaith linn go mbeadh Gaeilge ag an gcéad ghlúin eile (agus sin an rud is tabhachtaí maidir le teanga), ba chóir rudaí a oireann dóibhsean a chur ar fáil - Cluichí, áiseanna nua- theicneolaíochta, suímh idirlín, cláracha agus scannáin ar chaighdeán na ndaoine óga sin seachas cáipéisí a bhaineann leis an Rialtas agus sonraí oifigiúla do dhaoie fásta.

    Ar ndóigh tá sin fíor agus iad na rudaí sin na tosaíochtaí atá againn. Ceapaim go bhfuil muid ag braith an iomarca ar an Rialtas, ar an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta, agus ar an Roinn Oideachais & Eolaíochta rudaí a dhéanamh ar son na Gaeilge agus measaim go mba cheart do phobal na Gaeilge an fhreagracht sin a chur orainn féin arís trí ábhar a chur ar fáil i nGaeilge, cluichí ríomhaireachta trí Ghaeilge a fhorbairt &rl agus an obair sin a dhéanamh go deonach ach go gairmiúil.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    dolliemix wrote: »
    Dar liom b'fhearr dá n-úsáidfeadh an t-airgead i gcomhair rudaí eile, mar shampla oideachas nó sláinte. Is am amú iad an chuid is mó dóibh. Leathanaigh i ndiaidh leathanaigh do rudaí nach léann daoine agus níl gá leo i ndáiríre mar thádar ar fad ann as Béarla ar aon nós. Ní léann ach fíor-bheagán daoine na cáipéisí seo as béarla fiú.

    Aontaím suas chuig pointe ag an am céanna conas go mbeidh daoine ábalta saol a cruthú as Gaeilge más gá déileáil leis an Stáit as Béarla.

    Ní ceart go mbeidh gá gach comhaid a aistriú, ach má tá daoine chun é a úsáid as Gaeilge is ceart go mbeidh sé ar fáil. Is fadhb i bhfad níos mó é an méid doiciméid amaideach atá le fáil as Béarla san céad dul síos.

    Ach tá an ceart agaibh, caithfimid (gach duine atá suim san Gaeilge) an teanga a úsáid chomh minic is féidir, agus mura bhfuil aon rud suimiúil duit san teanga eagraigh rud éigin! :) San Bhreatain beag thóg sé troid ceart chun bród a cruthú san teanga, tá súil agam nach gá a leithéid anseo...

    Alt suimiúil

Advertisement