Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Pádraig Tyres

  • 05-12-2009 9:39pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49


    Táim díreach tar éis leabhar de chuid Phádraig Tyres - Scéal Trí Scéal - a léamh. (Foilsithe ag Coiscéim)

    Is mó uair an chloig pléisiúir a bhainis an an leabhar.

    Ar an leathláimh amháin éinne gur suim leis Gaoluinn chruinn, bhlasta, shaibhir Chorca Dhuibhne ní mór leis an leabhar seo a léamh. Is seod luachmhar é. Seans ann go gcaillfímis mórchuid de chaint Chorca Dhuibhne marach an leabhar seo.
    Ar an leathláimh eile dhe cuireann Pádraig Tyres muintir na Gráige ina steillebheatha os ár gcomhair. Tugann sé leargas gónta dúinn ar na mothúcháin a bhain leo agus ar na fadhbanna abhí acu le fuascailt.

    Is mór go deo atáimid faoi chomaoin ag Pádraig. Ní mór an chreidiúint is dual a thabhairt dó as an éacht atá déanta aige.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá mé ag léamh 'Oidhreacht Acla' bailiúchán scriobhnóireachta Phádraic Seoighthe as Oileán Acla chun canúint iar-thuaisceart Mhaigh Eo a fhoghlaim. Tá sé iontach go bhfuil a leithéid le fáil ceart go leor - bheadh sé níos fearr fós dá mbeadh dlúthdhioscaí ag dul leo.


  • Closed Accounts Posts: 1 fearfeasa


    Tulyar wrote: »
    Táim díreach tar éis leabhar de chuid Phádraig Tyres - Scéal Trí Scéal - a léamh. (Foilsithe ag Coiscéim)

    Is mó uair an chloig pléisiúir a bhainis an an leabhar.

    Ar an leathláimh amháin éinne gur suim leis Gaoluinn chruinn, bhlasta, shaibhir Chorca Dhuibhne ní mór leis an leabhar seo a léamh. Is seod luachmhar é. Seans ann go gcaillfímis mórchuid de chaint Chorca Dhuibhne marach an leabhar seo.
    Ar an leathláimh eile dhe cuireann Pádraig Tyres muintir na Gráige ina steillebheatha os ár gcomhair. Tugann sé leargas gónta dúinn ar na mothúcháin a bhain leo agus ar na fadhbanna abhí acu le fuascailt.

    Is mór go deo atáimid faoi chomaoin ag Pádraig. Ní mór an chreidiúint is dual a thabhairt dó as an éacht atá déanta aige.

    Bhíos ag scimeáil agus thánag ar an tsuíomh so trí thaisme. Nuair a chonac an post so thuas mar gheall ar Tubes (mar a thugadh Seán Ó Ríordáin air), chláraíos im bhall. Is breá liom a dh'fháilt amach go bhfuil sé fós ag scríobh agus leabhar nua arna eisiúint aige leis. Murach Tubes agus muintir na Gráige thiar ní bheinn ag scríobh i nGaelainn inniubh. Ní foláir dhom an leabhar so a cheannach !!


Advertisement