Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An Líne LUAS nua

  • 10-11-2009 12:22am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭


    Bhí comórtas ealaíne ar siúl ag an Luas le déanaí - bhí ort píosa ealaíne a chruthú a bhaineann leis an líne nua ó Bhusáras go dtí an O2. Scríobh mé dán beag ach rinne mé dearmad ar an gcomortas agus anois tá sé ró-dhéanach. :(

    An Líne LUAS nua

    Anois teacht an Gheimhridh beidh an aimsir an-chrua
    Ach beidh tú tirim is compórdach ar an líne LUAS nua
    Má tá na bainc ag titim is an ISEQ ag ísliú
    Taistil ar an LUAS go dtí ceolchoirm san O2
    Má tá tú ag dul ar saoire, ag eitilt go dtí Páras
    Is í an chéad céim ar an turas ná an LUAS go Busáras
    Má theipeann ar na Dubs is iad ag imirt le Ciarraí
    Tabharfaidh turas ar an LUAS sólás do do chroí

    Is maith an rud é taisteal ar an líne nua LUAS
    Is turas seacht nóiméad é, síos nó suas
    Tá gach rud nua-aimseartha, tá ceithre stop nua
    Muna mbíonn tram ag fanacht ort, beidh ceann eile ann go luath
    Ní bheidh tú ag smaoineamh ar an gcúlú eacnamaíochta
    Nuair a bhíonn tú ag taisteal ar an líne nua draíochta


    Cad a cheapann sibh? An bhuafaidh mé bonn ag an Oireachtas? Fuair mé amach le déanaí gurb é "ramás" an focal Gaeilge ar doggerel ...


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Cá mbeidh an líne nua, dála an scéil?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca


    Múinteoir wrote: »
    Cá mbeidh an líne nua, dála an scéil?

    Rachfaidh an líne C1 ó Busáras go dtí an Point Depot. Tá léarscáil anseo http://www.rpa.ie/en/Documents/interactive_map.swf

    Tá mé ag obair ar mo mhagnum opus anois - "Caoineadh DART Dhún Laoghaire"


  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach


    Thar barr!!!!!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Ar fheabhas. Doggeral cinnte, ach doggeral den chéad scoth.

    bualadh bos. :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Cuir phuncaí beat sa chúlra agus tá rap iontach agat ansin. Bheadh sé ina fhógra maith don LUAs ar an raidio agus b'fhéidir go bhfuil cúpla pingin ann duitse.:D

    Maith thú.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    salamanca wrote: »

    Tá mé ag obair ar mo mhagnum opus anois - "Caoineadh DART Dhún Laoghaire"

    :D


Advertisement