Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Níos mó filíochta...

  • 09-11-2009 4:00pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭


    A chairde,

    Tá trí phíosa agam daoibh. Tá a fhios agam nach bhfuil siad go h-iontach, ach tá siad tábhachtach dom. Má tá aon duine anseo sásta roinnt ceartúcháin a dhéanamh, beidh mé fíor-bhúiochasach.

    1
    Ag Meabhra

    Súile dúnta ar feadh tamaill,
    Ciúnas beagnach iomlán timpeall,
    Mise suite i lár teampal,
    Fadhba' seolta lasmuigh den imeall.

    Faoiseamh.
    Suaimhneas...


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    2
    Ealaín

    Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán;
    Sna phictiúir a chruth siad ba dhian an dúshlán,
    Cé go raibh samplaí foirfe ar scálán
    Chun iad a spreagadh, mar [noparse]muse[/noparse] ag tús dán.

    Do bhí orthu dhreapadh thar balla an leadrán,
    Billeoga folamh a líonadh le dath amháin,
    Éalú ón bogha báistí gan aon gearán;
    Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    3
    Pictiúr de Thinneas Ghrá
    Feicim aghaidheanna daithiúla,
    Radharcanna álainne i súile,
    Cósúil le réaltaí ós mo chomhar
    Nó daifidil i nDeireadh Fomhair.

    Ní féidir liom casadh timpeall gan titim glan i ngrá,
    Mé cósúil le beach ag eitilt i ngáirdín lán le bláth'
    Faoi dhraíocht an áilleacht, mar i mbrionglóid le spéirmhná,
    Mo chroí ag bualadh níos taipiúla, gan trácht ar bhrón nó chrá.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,996 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Oh, agus an liric beag seo freisin:

    Ba mhaith liom
    an tintreach
    A thógáil ón spéir
    Is a chur ar pháipéar
    Leis an bpeann im' lámh,
    An fuinneamh
    Ag rith trí mo choirp
    Is mo chroí,
    Is an tórnach dorcha
    A scread óm bhéal
    Le neart an storim seo
    Lár-samhrach.



    Beidh mé ar strae ón síomh seo ar feadh míosa as seo amach. Tá brón orm as an méad posts a chuir mé le chéile anseo i nasc amháin. Bogfaidh mé iad go dtí an Creative Writing forum nuair a thagaim ar ais i mí na Nollag.

    Go raibh ma agaibh as ucht bhúr léitheoireacht (agus, tá suil agam, bhúr scríbhneoireacht i ndiaidh sin :) )


  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach


    An File wrote: »
    A chairde,

    Tá trí phíosa agam daoibh. Tá a fhios agam nach bhfuil siad go h-iontach, ach tá siad tábhachtach dom. Má tá aon duine anseo sásta roinnt ceartúcháin a dhéanamh, beidh mé fíor-bhúiochasach.

    1
    Ag Meabhra

    Súile dúnta ar feadh tamaill,
    Ciúnas beagnach iomlán timpeall,
    Mise suite i lár teampal,
    Fadhba' seolta lasmuigh den imeall.

    Faoiseamh.
    Suaimhneas...



    Fíor-bhuíoch
    (ba chóir go mbeadh ciúnas beagnach iomlán timpeall ORM
    go teoiriciúil ach sin ceadúnas an fhile is dócha!)
    i lár teampaill


  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach


    An File wrote: »
    2
    Ealaín

    Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán;
    Sna phictiúir a chruth siad ba dhian an dúshlán,
    Cé go raibh samplaí foirfe ar scálán
    Chun iad a spreagadh, mar [noparse]muse[/noparse] ag tús dán.

    Do bhí orthu dhreapadh thar balla an leadrán,
    Billeoga folamh a líonadh le dath amháin,
    Éalú ón bogha báistí gan aon gearán;
    Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán.
    Sna pictiúir, a chruthaigh siad
    scáileán
    ag tús dáin
    drepadh thar bhalla an leadráin
    bileoga folamha
    ón mbogha báistí gan aon ghearán


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach


    An File wrote: »
    3
    Pictiúr de Thinneas Ghrá
    Feicim aghaidheanna daithiúla,
    Radharcanna álainne i súile,
    Cósúil le réaltaí ós mo chomhar
    Nó daifidil i nDeireadh Fomhair.

    Ní féidir liom casadh timpeall gan titim glan i ngrá,
    Mé cósúil le beach ag eitilt i ngáirdín lán le bláth'
    Faoi dhraíocht an áilleacht, mar i mbrionglóid le spéirmhná,
    Mo chroí ag bualadh níos taipiúla, gan trácht ar bhrón nó chrá.
    dathúla
    áille
    mo chomhair
    le daifidil
    draíocht na háilleachta
    ar chrá


  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach


    An File wrote: »
    Oh, agus an liric beag seo freisin:

    Ba mhaith liom
    an tintreach
    A thógáil ón spéir
    Is a chur ar pháipéar
    Leis an bpeann im' lámh,
    An fuinneamh
    Ag rith trí mo choirp
    Is mo chroí,
    Is an tórnach dorcha
    A scread óm bhéal
    Le neart an storim seo
    Lár-samhrach.


    Beidh mé ar strae ón síomh seo ar feadh míosa as seo amach. Tá brón orm as an méad posts a chuir mé le chéile anseo i nasc amháin. Bogfaidh mé iad go dtí an Creative Writing forum nuair a thagaim ar ais i mí na Nollag.

    Go raibh ma agaibh as ucht bhúr léitheoireacht (agus, tá suil agam, bhúr scríbhneoireacht i ndiaidh sin :) )
    chorp,
    is trí mo chroí
    toirneach dhorcha
    neart an stoirme
    lár an tsamhraidh

    An-deas, maith thú. Coinnigh ort!


Advertisement