Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Tadhg O Cionnfhaola

  • 27-10-2009 10:26pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49


    Cuireann an méid a dúirt Tadhg O Cionnfhaola le déanaí fearg nach beag orm. Tá sé ag dó na geirbe orm.

    Thug sé sonc dá uileann d'aon ghnó do Nicholas Murphy go luath sa chluiche. Thuig sé nach mbeadh na maglairí ag aon réiteoir é a chur den bpáirc ins na noiméid tosaigh den chluiche. Is meatachán suarach é Tadhg. Ní thabharfadh sé leadradh d'aon duine de mhuintir Thír Eoghain ná Ard Mhacha deirimse leat.

    Ná abrach éinne liom nach raibh sé leagtha amach roimh ré cé a bhainfeadh Nicholas Murphy dá bhonnaibh. Bhí gach éinne i gCríocha Fódhla den tuairim go ndéanfadh Dara O Seaghdha nó b'fhéidir an Gealbánach an feall-bheart ach thángthas aniar aduaidh orainn agus rinne an Cionnfhaolach an feall gránna. Ní raibh éinne ag súil lena leithéid. A leithéid de chiniciúlacht.

    Ba cheart do Bhord an Chontae bata agus bóthar agus an doras amach a thabhairt dó seachas seasamh leis. Ní chóir go mbronnfaí Bonn Uile Éireann air ach an oiread. Níl magairlí ná diongbháilteacht acu a leithéid a dhéanamh. Níl puinn prionsabal acu sa Ríocht. Is cairteal beag teolaí iad lucht tochais tóin a chéile. Ní thagann uathu ach clabaireacht bhéalchráifeach. Glórmhian agus uaillmhian atá taobh thiar den chaimiléireacht seo. Is fimínigh amach is amach iad. Níl an mianach iontu an rud ceart a dhéanamh agus dea shampla a thaispeáint.
    Cuireann a leithéid de dhearcadh mo sháith eagla orm.

    Tá díspeagadh déanta ag imreoirí na Ríochta, bainistíocht na foirne agus Bord an Chontae ar Chomórtas Caide Uile Éireann - mo náire sibh.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach


    Cad as duit?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Aontaím leat go h-iomlán.

    Ní feiceann daoine é, ach is foireann garbh í Ciarraí. Léirítear é seo go minic, ach fós deirtear gurbh í Ciarraí an dea-shampla do Caid ghlan sciliúil


  • Closed Accounts Posts: 110 ✭✭Ceilteach


    Cliste wrote: »
    Aontaím leat go h-iomlán.

    Ní feiceann daoine é, ach is foireann garbh í Ciarraí. Léirítear é seo go minic, ach fós deirtear gurbh í Ciarraí an dea-shampla do Caid ghlan sciliúil
    Níl a leithéid ruda!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceilteach wrote: »
    Níl a leithéid ruda!

    Caid ghlan,
    nó Caid sciliúil
    nó Ciarraí mar dea-shampla!? :p


Advertisement