Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An bhfuil Club an Chonradh marbh nó cá mbíonn pobal na gaeilge sa phríomhchathai

  • 27-10-2009 2:47pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    Bhíos sa chlub ar an satharn. Bhí beirt i láthair. Cá dtagann pobal na gaeilge le chéile sa phríomhchathair anois?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits


    Téim go dtí an club anois is arís, de gnath ní bhíonn a lán daoine ann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Stad mé féin ag caitheamh ama san áit i mbliana, ó thánaig duine tocsaic ar an choiste. Ní bheidh sé sásta go dtí go mbíonn gach duine ruaigthe ón áit aige agus coup d'état déanta aige. Níl mé dóchasach faoi láthair. Barúil ag duine ar bith eile?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Tá sé marbh ach amháin, bhféidir, ag oiché na micléinn ar an Máirt. Níl a lán middle-of-the-road daoine eolasach ag dul ann ó 1) ina raibh iarrathóir dona Toghcháin Áitiúla d'Shinn Féin i 2004 mar an cathaoirleach ar feadh tréimhse trí bhliain timpeall an am sin 2) ó freisin i 2005 leis an cath idir CnaG agus FG i leith Gaeilge don Ardteist.

    Tá fear eile ansin, iar-cathaoirleach nó rud éigin. Bíonn sé ansin go minic. Éist le seo- ní haitníonn ceol leis!!!!! :shock: :roll: Agus nuair nach bhíonn an áit gnóthach bhíonn sé in ann a rá (os rud gur old-timer é) "cur síos an cheol". Is é an cheol an t-aonú rud maith ann nuair a tá tú i d'aonar ansin. Ceapann eisean go dtéann daoine ansin chun, éist le seo :shock: :roll: caint i nGaeilge...!!! Eh, is féidir é sin a dhéanamh i mór-chuid den stát.

    Bhí sé mar aidhm ag Ó Cuív an áit a dhúnadh ach ní dheachaigh sé ar aghaidh leis an smaoineamh. Bfhéidir go dhéanfaidh sé é fós...??? Tá ionaid chultúrlann Gaeilge (a bhí i gceist aige a dhéanamh leis an fhoirgneamh) neamspléach a bheith i ngach cathair sa tír ag teastáil.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Arra! pobal na Gaeilge - níl a leithéid de phobal ann in aon chor. Níl ann ach bolscaireacht. Cá mbíonn an pobal san i bhfolach. Ní thagann Gaeilgeoirí le chéile ach amháin nuair a bhíonn deochanna saor in aisce ar fáil is ceapairí fliuchánta a dtairiscint. Caithfidh na ceapairí a bheith ar maos le ceithre uair fichid chun an blas traidisiúnta fíor-ghaelach a chruthú.

    Dar ndóigh chíonn tú pobal na Gaeilge sna sluaite am an t-Erectus nuair a bhailíonn siad le chéile chun iad féin a mholadh go h-ard na spéire agus chun mallachtaí fíochmhara a chaitheamh anuas ar "NAMHAID NA TEANGA". Tá an jab tábhachtach ann freisin chun na duaiseanna a dháileadh amach eadarthu féin.

    Na bac le teanga na nGael, lads, níl sí le fáil ar bhéal na huaighe, a thuilleadh, tá sí caite istigh sa pholl, ag lobhadh léi. Tá sé thar am, an chré a chartadh isteach chun an bréantas a mhúcadh.

    quote:

    "Tá sé marbh ach amháin, bhféidir, ag oiché na micléinn ar an Máirt. Níl a lán middle-of-the-road daoine eolasach ag dul ann ó 1) ina raibh iarrathóir dona Toghcháin Áitiúla d'Shinn Féin i 2004 mar an cathaoirleach ar feadh tréimhse trí bhliain timpeall an am sin 2) ó freisin i 2005 leis an cath idir CnaG agus FG i leith Gaeilge don Ardteist.

    Tá fear eile ansin, iar-cathaoirleach nó rud éigin. Bíonn sé ansin go minic. Éist le seo- ní haitníonn ceol leis!!!!! :shock: :roll: Agus nuair nach bhíonn an áit gnóthach bhíonn sé in ann a rá (os rud gur old-timer é) "cur síos an cheol". Is é an cheol an t-aonú rud maith ann nuair a tá tú i d'aonar ansin. Ceapann eisean go dtéann daoine ansin chun, éist le seo :shock: :roll: caint i nGaeilge...!!! Eh, is féidir é sin a dhéanamh i mór-chuid den stát.

    Bhí sé mar aidhm ag Ó Cuív an áit a dhúnadh ach ní dheachaigh sé ar aghaidh leis an smaoineamh. Bfhéidir go dhéanfaidh sé é fós...??? Tá ionaid chultúrlann Gaeilge (a bhí i gceist aige a dhéanamh leis an fhoirgneamh) neamspléach a bheith i ngach cathair sa tír ag teastáil"


    Cuireann an ráiteasc sin i gcuimhne dhom, An tÁras, i.e. Club an Chónra i gcathair Chorcaí fiche bliain ó shin. Ní raibh éinne ag freastal ar an ionad. Tá sé dúnta le blianta anois.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Sea, a Dharren, aithním fear an neamh-cheoil ó do chur síos, ach an fear eile a bhí mar iarrthóir sa toghchán áitiúil, chonacthas dom nár chuir sin isteach ná amach ar chúrsaí....agus an síleann tú go bhfuil bagchat á dhéanamh ag lucht F.G. ar an áit ? Níor shíl mé go raibh an oiread sin acu ann sa chéad dul síos!!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 359 ✭✭DJP


    Sea, a Dharren, aithním fear an neamh-cheoil ó do chur síos, ach an fear eile a bhí mar iarrthóir sa toghchán áitiúil, chonacthas dom nár chuir sin isteach ná amach ar chúrsaí....agus an síleann tú go bhfuil bagchat á dhéanamh ag lucht F.G. ar an áit ? Níor shíl mé go raibh an oiread sin acu ann sa chéad dul síos!!

    Chun an fhírinne a rá ní raibh mé ann móran ar chor ar bith sular raibh an fear sin mar an cathaoirleach. Dúradh liom go raibh tionchar aige mar sin. Níl a fhios agam. Is cuimhin liom a bheith ag caint le uncail de Garret Fitzgerald ann uair amháin áfach timpeall deich bhliain ó shin. Bhí sé ann anois is a arís. Bfhéidir go mbíonn sé fós má bhfuil sé fós beo (bhí sé agus Garret timpeall an aois céanna) ach de bharr na dhá rudaí a luaigh mé, go háirithe an tionchar ón dara cheann, beadh iontas orm má raibh.

    craoltoir,

    An raibh tú ann go déanach ar an Sáthairn? Tháinig formhór na ndaoine ansin ar an Sáthair tar éis a deich nuair a raibh mé ag dul ann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix


    ó freisin i 2005 leis an cath idir CnaG agus FG i leith Gaeilge don Ardteist.

    l.

    Cén chath?

    Ní théim chuig Conradh. Chuas ann i gcomhair Tráth na gCeist uair le cairde nach raibh móran Gaeilge acu ach a bhí sásta iarracht a dhéanamh. Mhothaíomar nach raibh fáilte romhainn. Chuir sé eagla orm dul ar ais!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Thug mé cuairt ag an gClub uaireanta freisin nuair a bhí mé san Éireann. Uaireanta, bhí sé plódaithe, uaireanta ní raibh ann ach beirt. Is dóigh go bhfuil thart ar 7.000 Gaeilgeoir laethúil sa chathair agus níos mó le Gaeilge liofa. Creidim an lion seo go maith! Dar leis na líonta sin, bheinn ag súil leis an gclub a bheith millteanach plódaithe! Cé hiad na háiteanna eile atá na Gaeilgeoirí eile le fáil? Cinnte go mbualann roinnt acu le a chéile i dteach tábhairne ar bith gan nasc le heagraíocht Gaeilge. Aon uair, bhí mise mé féin tabhairt ar aghaidh chuig beirt Ghaeilgeoirí ag bean a bhfuil aithne agam uirthi. Go tobann, fuair mé teachtaireacht ar mo fhón phóca:"Tá beirt Ghaeilgeoirí ag fanacht i...". Ach go háirithe do strainséirí nó nua-chónaitheoirí na cathrach, is gá lárionad na Gaeilge chun aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile le féadacht le bualadh isteach gach lá!
    Ar an taobh eile, is féidir iarracht a bhaint as caoianna éagsúla. Mar shampla is féidir na laethanta oscailte a ghearradh agus club nua a oscailt in áit eile in ionad timpeall Bhaile Átha Cliath. Ba cheart ansin fógra a chur ar an doras leis an gcur síos:"Ar oscailt anseo XY. Ar oscailt i mBré (nó áit ar bith) XY". Beidh tionchar dearfach ann, is dócha. Tiocfaigh muintir BhÁC go dtí XY nuair a bhíonn an club ansiúd ar oscailt agus tiocfaidh muintir XY go dtí BÁC nuair a bhíonn an club ar oscailt ansiúd. Agus ní bhíonn aon fhadhb ann le bogadh i gceantar BhÁC toisc go bhfuil an DART agus an Luas ar fáil.
    Go ginearálta, ba chóir do ghrúpaí agus háiseanna Gaeilge sa timpeallacht an comhoibriú ó thaobh socruithe na ndátaí a fheabhsú. Ní fiú ë go bhfuil cúpla imeacht ar siúl at an lá chéanna agus gan aon imeacht ar an chéad lá eile.
    Alec


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 7,237 ✭✭✭mcmoustache


    Ar Gearmánach thú?
    Tá sé sin suimiúil mar tá leaid darbh ainm Christoff a bhíonn ann go minic. Tá sé aisteach Gearmánach a chloisteáil agus gaeilge aige atá níos fearr ná mo ghaeilge féin!
    Ann-aisteach ...


Advertisement