Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

The British Isles

  • 15-10-2009 7:40am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    Is minic a chloistear/a fheictear an téarma seo sna meáin "Éireannacha". Fiú ar maidin dhein Maxi tagairt dó ar Raidió a hAon.

    An bhfuil cónaí ortsa sa tír seo?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    craoltoir wrote: »
    Is minic a chloistear/a fheictear an téarma seo sna meáin "Éireannacha".

    I ndáiríre? Is annamh a chloisim/fheicim féin é.

    Is cuimhin liom go bhfaca mé litir i gceann de na nuachtáin tamall ó shin, ina raibh duine ag moladh teideal nua ar na hoileáin seo a bheadh ceart go polaitiúil - The WISE Islands

    W - Wales
    I - Ireland
    S - Scotland
    E- England


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Múinteoir wrote: »
    I ndáiríre? Is annamh a chloisim/fheicim féin é.

    Is cuimhin liom go bhfaca mé litir i gceann de na nuachtáin tamall ó shin, ina raibh duine ag moladh teideal nua ar na hoileáin seo a bheadh ceart go polaitiúil - The WISE Islands

    W - Wales
    I - Ireland
    S - Scotland
    E- England
    Cad faoi:

    A - Albe
    C - Cymru
    E - Eire

    .
    .
    .

    E - England

    :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    ACES le Sasana san áirimh is dócha.

    Na hOileán ACES. Sin é. Sin mo théarma oifigiúil as seo amach. :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    craoltoir wrote: »
    Fiú ar maidin dhein Maxi tagairt dó ar Raidió a hAon.

    Ba chóir a clár a bhogadh go 4am seachas 5.30am tar éis ráiteas amaideach mar sin.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Ba chóir a clár a bhogadh go 4am seachas 5.30am tar éis ráiteas amaideach mar sin.

    An é an Maxi seo atá i gceist?

    http://www.youtube.com/watch?v=Mk131-G7H54

    Ba dheacair dom glacadh go dáiríre le rud ar bith a déarfadh sí!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,371 ✭✭✭Fuinseog


    craoltoir wrote: »
    Is minic a chloistear/a fheictear an téarma seo sna meáin "Éireannacha". Fiú ar maidin dhein Maxi tagairt dó ar Raidió a hAon.

    An bhfuil cónaí ortsa sa tír seo?

    cloistear The English Channel fresin ach ni le na Sasannaigh e, no bhfeidir go rialaionn Britannia fos na tonnta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Fuinseog wrote: »
    cloistear The English Channel fresin ach ni le na Sasannaigh e, no bhfeidir go rialaionn Britannia fos na tonnta.

    Is léir go bhfuil na Briotanaigh fós ag rialú d'inchinne má tá tú sásta glacadh le hÉirinn mar chuid de na 'British Isles'.


  • Closed Accounts Posts: 370 ✭✭mega man


    Múinteoir wrote: »
    I ndáiríre? Is annamh a chloisim/fheicim féin é.

    Is cuimhin liom go bhfaca mé litir i gceann de na nuachtáin tamall ó shin, ina raibh duine ag moladh teideal nua ar na hoileáin seo a bheadh ceart go polaitiúil - The WISE Islands

    W - Wales
    I - Ireland
    S - Scotland
    E- England

    Cheapaim go bhfuil Great Hibernia nios fearr.
    Tuaisceart na hEireann agus Eire le cheile.
    Cad a cheapain sibh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    mega man wrote: »
    Cheapaim go bhfuil Great Hibernia nios fearr.
    Tuaisceart na hEireann agus Eire le cheile.
    Cad a cheapain sibh?

    Tá deacracht agam leis an "agus" thuas..
    ...nach bhfuil "tuaisceart na hÉireann" IN Éirinn cheana féin ?


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    níl sé in Éirinn - níl ach Éireann amhain.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Ó thaobh na tíreolaíochta de, is ionann Éire agus an t-oileán seo.
    Ó thaobh na polaitaíochta de, is ionann Éire agus 32 condae (bunreacht na hÉireann).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca


    Cad a cheapann sibh faoi ainm Mhuir Éireann?

    An bhfuil sé ceart í a ath-ainmniú go Muir Alba, Éireann, Shasana, na Breataine Bige agus Oileáin Mhannain?


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Bhuel dar le logainm.ie tá 33 contae

    dar le dlí tá 35 contae (32 - 2 tiob agus 3 i mbaile athá cliatha)

    an bhfuil aon contae dlíthúil sa tuaisceart?


    An bfhuil 29 contae in ''Éire''?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 368 ✭✭Lame Lantern


    Úsáidtear "sna hoileáin seo" go minic i litríocht choláiste na tríonóide. Breathnaíonn sé cineál ait.

    I ndáiríre, be cheart an gá úsáíd théarma ar bith sa chomhthéacs seo a cheistiú. Níl gá lena haghaigh i mo thuaraim.


  • Banned (with Prison Access) Posts: 3,077 ✭✭✭Rebelheart


    Ón Annala Rioghachta Éireann sa bhliain 1584:

    'M1584.2. Sir Niclas Maulbi gobernóir chóiccidh Connacht d'écc i n-Áth Luain fá initt, fer foglamtha i m-bérlaibh & i t-tengtoibh oilén Iarthair Eorpa [Oileáin Iarthair Eorpa] esidhe, fear crodha cath-bhuadhach seachnon Ereann, Alban, & na Fraingce'

    (Foinse: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005E/index.html)

    Aistriucháin: M1584.2. Sir Nicholas Malby, Governor of the province of Connaught, died at Athlone, about Shrovetide. He was a man learned in the languages and tongues of the islands of the West of Europe, a brave and victorious man in battles fought throughout Ireland, Scotland, and France'

    (Source: http://www.ucc.ie/celt/online/T100005E/text009.html)


    * Dineen, Patrick S: 'Oileáin Iarthair Eorpa', Foclóir Gaeilge Béarla, Irish-English Dictionary (Baile Átha Cliath, 1927)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Bhuel dar le logainm.ie tá 33 contae

    dar le dlí tá 35 contae (32 - 2 tiob agus 3 i mbaile athá cliatha)

    an bhfuil aon contae dlíthúil sa tuaisceart?


    An bfhuil 29 contae in ''Éire''?


    Oileán na hÉireann...The island of Ireland
    Éire...Ireland

    Is cuma má bhristear Corcaigh suas ina ndeich ndúiche amárach agus go dtugtar feasta "condaetha" ar na dúichí sin, fós ta siad in Éirinn. Níl ann ach ceist riaracháin áitiúil.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Ye.

    Sa deireadh níl ach oileán Éireann ann. Níl na rudaí eile ach rudaí pholatiúl.


    Bhuel stair lárnach againn - tá sé gearr dúinn.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    salamanca wrote: »
    Cad a cheapann sibh faoi ainm Mhuir Éireann?

    An bhfuil sé ceart í a ath-ainmniú go Muir Alba, Éireann, Shasana, na Breataine Bige agus Oileáin Mhannain?

    Go bhfios dom, níl mórán daoine ina gcónaí i Muir Éíreann!


  • Closed Accounts Posts: 123 ✭✭Gaeilge-go-deo


    Múinteoir wrote: »
    I ndáiríre? Is annamh a chloisim/fheicim féin é.

    The WISE Islands

    W - Wales
    I - Ireland
    S - Scotland
    E- England

    Ta sé sin cliste actually :P


  • Closed Accounts Posts: 123 ✭✭Gaeilge-go-deo



    Ó thaobh na polaitaíochta de, is ionann Éire agus 32 condae (bunreacht na hÉireann).

    No d'athraigh an rialtais é in the Good Friday agreement.. ta muid ag deanamh é sin sa rang


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Fuair muid reidh le halt a 2 is a 3, ach tá tagairtí eile sa bhunreacht d'Éireann...an rud is coitianta a thugtaí ar na 26 chondae ná "poblacht na hÉireann" sna meáin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Tá mo chloigeann tinn tar éis an snátha seo a léamh, i ndáiríre...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Aontaím leis an bhfear thuas.


    *bos aghaidhe* :pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Faraoir, fágtar na hiar-choilíneachtaí le ceisteanna mar seo.
    Goileann sé ar ana-chuid Éireannaigh, mar shampla, nuair a ghlaotar "British" orthu (fiú ó choimhthígh neamhurchóideacha). Éireannaigh eile agus ní chuireann sé lá imní orthu...i ndáiríre!


Advertisement